Má tá ciall ag na Tóraithe, déanfaidh siad dianmhachnamh an babhta seo. Faraor… 

Is fiú na fáthanna go ndéanfaidh príomh-aire nua na Breataine a thuilleadh dochair a áireamh, chomh maith leis na fáthanna go mb’fhéidir go dtiocfaidh ciall i réim…

Má tá ciall ag na Tóraithe, déanfaidh siad dianmhachnamh an babhta seo. Faraor… 

Is ionann agus sainmhíniú ar ghealtacht é, mar a dúirt an t-eolaí Albert Einstein fadó: an botún céanna a dhéanamh arís agus arís eile agus a bheith ag súil le toradh éagsúil. Is cosúil áfach nach dtabharfaidh Páirtí Coimeádach na Breataine aird ar chomhairle Einstein agus ceannaire eile á thoghadh acu.

Cibé ceannaire a rachaidh i gcomharbacht ar Liz Truss, ní léir aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh na Coimeádaigh toilteanach nó ábalta éirí as an gcogaíocht inmheánach atá ag réabadh an pháirtí ó na 1990idí.

Is fiú mar sin na fáthanna go ndéanfaidh príomh-aire nua na Breataine a thuilleadh dochair thall agus abhus a áireamh, chomh maith leis na fáthanna go mb’fhéidir go dtiocfaidh ciall i réim a laghdóidh an dochar. Tá cur síos ar chúig chúis imní agus cúig (lag)fhéidearthacht dóchais sa liosta seo a leanas.

Cúis imní a haon: filleadh Johnson?

Ní foláir tús áite a thabhairt don seans go n-atoghfaí Johnson, cé nach bhfuil sé deimhnithe aige fós agus an colún seo á scríobh go mbeidh sé san iomaíocht. Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil meas i gcónaí ag cosmhuintir a pháirtí (na daoine céanna a thogh Truss bhocht) ar an bhfear a ruaigeadh as oifig an mhí seo caite.

Níl focal ráite go poiblí ag rialtas na hÉireann faoin seans go mbeadh Johnson i gcumhacht arís ach tá rud amháin cinnte. Dá mbeadh a rogha acu, d’fháilteoidís roimh phríomh-aire nua ar bith seachas Johnson.

Cúis imní a dó: duáilcí Johnson

Ní gá mórán a rá faoin ábhar seo. Léirigh a thréimhse mar phríomh-aire do chách nach féidir muinín a chur ina bhriathra ná ina gheallúintí, mar a thaispeáin sé go soiléir agus Prótacal Thuaisceart Éireann á shéanadh agus á threascairt aige. Bhí fianaise mhínáireach mí-ionracais freisin i ngach bréag a d’inis sé faoi na cóisirí i Sráid Downing.

Dá n-atoghfaí Johnson, ní bheadh ceannaire ar bith i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, sa Bhruiséil ná in aon áit eile toilteanach brath ar fhocal an phríomh-aire.

Cúis imní a trí: duine eile i gceannas?

Fiú má thoghtar Rishi Sunak nó Penny Mordaunt nó duine ar bith eile seachas Johnson mar cheannaire nua ar an bPáirtí Coimeádach agus mar phríomh-aire, tá sé ionann agus cinnte nach gcuirfear deireadh leis an achrann inmheánach sa pháirtí.

Cuirfidh na frith-Eorpaigh an oiread brú ar an bpríomh-aire nach mbeidh sé/sí ábalta margadh réasúnta faoin bPrótacal a dhéanamh sna comhráite leis an AE.

Cúis imní a ceathair: míshocracht

Tá an éidreoir sa Pháirtí Coimeádach agus cúrsaí eacnamaíochta na Breataine araon chomh dona nach féidir a bheith cinnte cén dochar a dhéanfaidh míshocracht pholaitiúil, eacnamaíochta agus shóisialta sula dtiocfaidh an tír as an ngéarchéim.

Cúis imní a cúig: toghchán ó thuaidh?

Beidh cinneadh le déanamh ag rialtas na Breataine Dé hAoine seo chugainn faoi thoghchán eile don Chomhthionól i Stormont a chaithfear a reáchtáil de réir dlí mura gcuirtear moill air. Tá sé ráite ag an Státrúnaí Chris Heaton-Harris nach gcuirfear moill ar an toghchán ach ní léir a chur chuige ina dhiaidh sin, más ann dá leithéid. Ní fios ach oiread cé a cheapfaidh an príomh-aire nua mar Státrúnaí.

Cúis dóchais a haon: filleadh Johnson?

B’fhéidir go dtiocfaidh ciall i réim sa Pháirtí Caomhach. B’fhéidir mar sin go gcuimhneoidh siad agus ceannaire nua á thoghadh acu (a) ar an míshásamh a chuirfeadh a theacht i gceannas arís ar sciar mór de vótálaithe na Breataine (b) ar mhíshásamh na bhfeisirí ina pháirtí féin a deir go n-éireoidís as dá n-atoghfaí é agus (c) ar an mímhuinín a chothófaí ar na margaí airgid.

Ní dheimhníonn na tosca seo nach n-atoghfar Johnson ach is cúis láidir machnaimh iad go léir.

Cúis dóchais a dó: olltoghchán?

Cé gur léir laigí Johnson, ní féidir a chur as an áireamh nach dtabharfaidh cosmhuintir a pháirtí deis eile dó iad a léiriú mar phríomh-aire. Más amhlaidh a bheidh, ní tearc na cúiseanna go dtitfidh a rialtas as a chéile tar éis achair ghairid mar gheall ar achrann leanúnach laistigh dá pháirtí féin. Nó mar gheall ar an amhras forleathan a chuirfidh a mhí-ionracas ar lucht gnó go háirithe. Nó mar gheall ar chúlú eacnamaíochta nach mbeidh sé ábalta nó toilteanach a shrianadh.

Ní bheidh fonn ar Johnson ná ar fheisire ar bith sa Pháirtí Caomhach olltoghchán (nach gá de réir dlí a ghairm go dtí 2024) a bhrostú ach b’fhéidir nach mbeidh aon dul as aige mar gheall ar na tosca thuas. B’fhéidir go mbeidh rialtas seasmhach á bhunú ag Páirtí an Lucht Oibre níos luaithe ná mar a bhí á thuar go dtí le gairid.

Cúis dóchais a trí: Jeremy Hunt

Cibé iarrthóir a thoghfar mar phríomh-aire láidir, beidh air/uirthi géilleadh don Seansailéir Jeremy Hunt agus don chlár dosheachanta ciorruithe ar chaiteachas agus arduithe ar cháin a fhógróidh sé ag deireadh na míosa.

Ní thaitneoidh an cógas sin leis na hothair ach ní bheidh aon dul as acu ach é a shlogadh siar mar gheall ar ar tharla don mhionbhuiséad seafóideach a d’fhógair rialtas Truss coicís ó shin.

Cúis dóchais a ceathair: réiteach ar an bPrótacal?

Tá an léargas eacnamaíochta thall chomh dona (agus níos measa de dheasca ré chraiceáilte Truss) go mbeidh fonn ar an té a cheapfar ina phríomh-aire aighneas an Phrótacail a réiteach gan mhoill.

Ainneoin an brú a chuirfidh na frith-Eorpaigh sa Pháirtí Caomhlach ar an bpríomh-aire, b’fhéidir go dtabharfar a ndúshlán ar bhonn riachtanais.

Cúis dóchais a cúig: comhoibriú Angla-Éireannach

Fiú má chuirtear moill ar thoghchán don Chomhthionól i Stormont, níltear ag súil le hathrú suntasach ar a chomhdhéanamh tar éis an toghcháin.

Beidh sé níos soiléire ná riamh go rachadh comhthuiscint agus comhoibriú níos dlúithe leis an rialtas i mBaile Átha Cliath chun tairbhe do rialtas na Breataine.

(Caveat: is é sin le rá gur chóir go dtuigfí a leithéid thall.) 

Fág freagra ar 'Má tá ciall ag na Tóraithe, déanfaidh siad dianmhachnamh an babhta seo. Faraor… '