Má tá ainm Béarla mí-oiriúnach ar aon bhaile fearainn in Éirinn, is é Jobstown é…

LÉIRMHEAS: Aimsíodh an ‘nóta’ ceart i léiriú in Amharclann na Mainistreach ar son ‘Youth Horizons’ Ráth Miontáin de Aeinéid Shéamus Heaney

Má tá ainm Béarla mí-oiriúnach ar aon bhaile fearainn in Éirinn, is é Jobstown é…

Pictiúr: RollingNews.ie

Aeinéid Shéamus Heaney
in Amharclann na Mainistreach
Á léamh ag Stephen Rea, le Neil Martin ar an dordveidhil

Léiriú ar son ‘Youth Horizons’ Ráth Miontáin, nó Jobstown, mar is fearr aithne air.

‘Do you come as a survivor, tempest-tossed/
Or at the gods’ behest?/What destiny hounds you
Down to these sunless, poor abodes, this land
Of troubles?’

Má tá ainm Béarla mí-oiriúnach ar aon bhaile fearainn in Éirinn, is é Jobstown é. 

Seo iad na lomstaitisticí ón áisíneacht stáit ‘Pobal’ –

Teaghlach Aontuismitheora  61%

Iadsan le bunoideachas amháin  33%

Céatadán na bhfear dífhostaithe   49%

Jobstown? Yeah.

‘Youth Horizons was the first time I ever felt safe at school and the first time I ever wanted to go to school, going there has changed my life forever,’ arsa ‘J’, dalta le Youth Horizons…

Aithnítear go forleathan nach féidir luach a chur ar thionchar an dea-mhúinteora. Tionchar slánaithe an dea-mhúinteora a thugaim féin air.

Mar atá, bhí fathach múinteora ina chothú éadrom fadsaoil ar ghualainn Shéamus Heaney. Ba é sin an tAthair Michael McGlinchey, múinteoir le Laidin i gColáiste Cholumb, Doire Cholmcille.

Fear a thug eochair an dorais don Éanach óg chun péarlaí iontais fhilíocht Virgil a chuardach is a aimsiú dó féin sa bhuntéacs Laidine. Péarlaí a d’fhan ar feadh a shaoil ina n-ábhar tine agus coganta ag bard umhal Bhaile Eachaidh.

Ní nach ionadh, más ea, má dhearc seandéithe na Róimhe le fabhar ar ócáid léite Leabhar VI d’Aeinéid Virgil, leagan Heaney, in Amharclann na Mainistreach oíche Dhomhnaigh le déanaí. Ba é Stephen Rea, aisteoir, agus Neil Martin, an dordveidhil, a chuir an seó le chéile. Ócáid thiomsaithe airgid ar son Youth Horizons a bhí ann – fiontar oideachais pobail a thugann cúnamh dóibh siúd i Ráth Miontáin ar mian leo, go príomha, an dara deis ar oideachas a thapú.

Ní fios líon na ndaoine óga sa cheantar ar tugadh eochair éalaithe dóibh as teip an chórais oideachais. Ná a líon siúd a bhain an Ardteist as fothain agus tearmann Youth Horizons. Tá a fhios againn áfach an céatadán a ghnóthaigh teastas tríú leibhéal i Ráth Miontáin – 4.7%. Is léir nach gcuireann an córas oifigiúil stáit ach aithne na mbó maol ar phlúr óige Ráth Miontáin. Mór ár náir, ár gclanna féin díolta ag an máthairstát.

Fear é Stephen Rea a thugann go fial don phobal. Is fada é ina chrann taca ag Youth Horizons. Tá bua na samhlaíochta freisin ag Rea, agus a leathbhádóir ceolmhar Neil Martin. D’aithin siad san Aeinéid, uacht agus tiomna deiridh a gcara Séamus, meafar cumhachtach an aiséirí. Má thaistil Aeneas go Hades, é féin a d’éirigh aníos as trí bheartaíocht a dhá láimh féin. Le cuidiú, ar ndóigh, ó dhraíocht na Craoibhe Órga – bronntanas Prosperina, agus rúndiamhar na slí – an cogar sa chluas a roinn an Sybil ar Aeneas, is é sin, conas ab fhéidir leis, duine beo, taisteal go dtí an domhan Thíos agus filleadh as slán arís ar an saol seo.

Eolas na slí is ea an cogar a chuireann Youth Horizons i gcluasa a ndaltaí siúd freisin. Is maith a thuig Jack Deegan, mac léinn Ardteiste, nuair a shiúil sé amach ar ardán Amharclann na Mainistreach chun Stephen Rea agus Neil Martin a chur in aithne don lucht féachana, gurb é an t-oideachas an Chraobh Órga dó féin is dá chairde.

Agus cion fir déanta ag an leaid óg, luíonn Rea agus Martin isteach le díograis ar obair dheiridh Heaney a easarlú dúinn.

Is fearr go mór an íogaireacht tuine a leagann Stephen Rea ar ghuth Heaney ná an tabhairt uaidh óráideach a ghlac Sir Ian McKellan ar Book of the Week BBC Radio 4 sa Mhárta. Chuir an neamhréir idir cur i láthair mórchúiseach an ridire uasail agus lomfhoclaíocht Heaney an craoladh sin i mbaol.

Níor bhaol don teangaire eolach Rea inneach seang ghuth Heaney. Nárbh iad a chaith an pionta cuideachtúil siar ó am go chéile, i gciúnas lách na gcarad?

Tuaisceartaigh iad beirt, ón dá mhórthraidisiún, dhá thaobh an bhoinn airgid chéanna. Comrádaithe, comhbhunaitheoirí amharclann Field Day i nDoire. Is deacair cluas agus tuin an chultúir choitinn a bhualadh.

‘They came into happy vistas and the green welcome
Of the Groves of the Fortunate Ones who dwell in joy.
Here a more spacious air spreads brightness
Over the land…..’

Bhí an ghile sin, agus macallaí doimhne an dorchadais tríd, ar ndóigh, sa chonair cheoil a leath dordveidhil Neil Martin síos faoi théacs Heaney agus guth Rea. Na trí ghuth sin ag freagairt a chéile mar ba chuí.

Ní foláir nó go raibh an tSiúr Máiréad Hughes, bunaitheoir Youth Horizons siar in eadóchas doimhin na bliana 1988, agus Anne Kearney, beirt a labhair go líofa i ndiaidh an taispeántais, an-shásta le toradh na hoíche. 

Ardoíche, gan aon agó.

Fág freagra ar 'Má tá ainm Béarla mí-oiriúnach ar aon bhaile fearainn in Éirinn, is é Jobstown é…'

  • Eoin ÓMurchú

    Ni bhaineann an t-ainm Bhéarla Jobstown le job=post fostaíochta. Baineann sé le duine den ainm Job (a fhuaimníonn le robe). Afgyus sin mar a fhuaimnítear sa mBéarla áitiúil freisin.

  • Pat Butler

    Gan dabht! D’aontófá, áfach, a Eoin, go bhfuil a leitheid de rud ann sa tsaol agus íoróin, agus imeartas focal.