Má tá a gcearta uathu is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh

An fíor gur drochmheon na státseirbhíseach is cúis leis an easpa airde ar chearta teanga na nGael nó an bhfuil cúis eile léi?

Má tá a gcearta uathu is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh

Rinneadh go leor tráchtaireachta le gairid faoin gcaint a rinne an scríbhneoir Liam Mac Cóil agus é os comhair Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean. Agus bhí cúis mhaith leis an tráchtaireacht sin, gan dabht – leag Mac Cóil a mhéar ar rud a mhothaíonn go leor daoine i bpobal na Gaeilge. Tá scéalta againn uilig faoina dheacra is atá sé seirbhís a fháil trí Ghaeilge ón státseirbhís, tá cloiste againn uilig faoi thuairiscí an Choimsinéara Teanga, a insíonn dúinn aríst is aríst eile go bhfuil teipthe ar an gcóras agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deich mbliana imithe ó dúradh linn go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht sin, agus níl againn ó shin ach moill agus tuilleadh moille.

Dúirt Mac Cóil go raibh “an daonlathas féin á chur ar neamhní” de bharr neamhaird an stáit ar chearta teanga. Aontaím leis.

Is ar na státseirbhísigh is mó atá an milleán, a mhaígh sé. Ach dúirt Mac Cóil freisin gur daoine maithe, dúthrachtacha atá i bhformhór na státseirbhíseach céanna. Mar sin, tá lúb ar lár áit éigin, is léir. Toisc gur Béarlóirí aonteangacha Béarla an chuid is mó de na státseirbhísigh, níl tuiscint acu ar an nGaeilge ach amháin mar ábhar scoile nó siombail náisiúnaíoch, arsa Mac Cóil.

Ach an bhféadfadh gur míniú ar an scéal seo “drochmheon na státseirbhíseach”? Meon é atá coitianta go leor, gan dabht, agus ní hé Mac Cóil an chéad duine a mhaígh a leithéid. Tharraing an tUachtarán féin aird ar a leithéid scaitheamh ó shin, fiú. Agus go deimhin, téann ceist achrannach na Gaeilge sa státseirbhís siar go haimsir bhunú an stáit. Dúirt Earnán de Blaghad, Conraitheoir dílis: ‘[i]f civil servants assemble . . . in great numbers in the Gaeltacht, they should be dispersed, if necessary, by machine guns’. Is léir gur bhain fadhbanna móra le cur chun cinn na Gaeilge i mblianta luatha an stáit, ach rinneadh dul chun cinn mar sin féin – cuireadh cúrsaí teanga ar fáil, bhí an Ghaeilge riachtanach le post nó le hardú céime a fháil, srl. Cuireadh deireadh le go leor de sin ó shin, áfach. Buille trom a bhí ann i 1974 nuair a frítheadh réidh leis an riachtanas Gaeilge d’earcaigh nua sa státseirbhís.

Agus tá rudaí dulta in olcas ó shin. Má léann tú tuairiscí an Choimisinéara Teanga, feicfidh tú gur éirigh cúrsaí i bhfad níos measa i tar éis na géarchéime eacnamaíochta a thosaigh in 2008. Faoi thús 2017, as an 113 comhlacht poiblí a raibh scéim teanga acu, bhí a scéim imithe in éag ag 56 acu. Tháinig méadú suntasach ar líon na gcomhlachtaí gan scéim idir 2011-13 (na blianta ba mheasa don tír ó thaobh an gheilleagair de). Cheapfá ó na figiúirí gur fheabhsaigh cúrsaí rud beag ina dhiaidh sin, ach cleas a bhí ansin. Na comhlachtaí poiblí a rinne athnuachan ar a gcuid scéimeanna, leis an dara nó an tríú scéim, ba mhinic gur bhain siad amach codanna den chéad scéim nach raibh á gcur i bhfeidhm acu.

Ar an gcaoi sin, d’éirigh scéimeanna a bhí lag an chéad lá riamh níos laige fós.

Is furasta a cheapadh gur seoiníní iad na státseirbhísigh a bhfuil an ghráin acu ar an nGaeilge. Ach mar a dúirt Mac Cóil ina ráiteas, tá formhór mhuintir na tíre báúil don teanga. Cé gur furasta a bheith báúil le rud nuair nach gá duit aon cheo a dhéanamh faoi, is aisteach liom go mbeadh meon an-difriúil ag státseirbhísigh ná mar atá ag muintir na hÉireann fré chéile, agus níl aon taighde feicthe agam a léiríonn sin.

Mar atá ráite ag go leor sochtheangeolaithe romham, is peaca marfach é an “teangalárnachas” agus muid ag caint ar an bpleanáil teanga, agus leis an teip polasaí seo a thuiscint caithfidh muid breathnú ar an gcomhthéacs ina bhfuil na státseirbhísigh seo ag obair.

Beidh cuimhne againn uilig ar an €70 billiún a tugadh do na bancanna tar éis 2008, agus na ciorruithe uafásacha a d’fhulaing gnáthdhaoine dá bharr. Ach ní móide go mbeidh tuiscint ag cách ar an tionchar mór a bhí ag an tréimhse seo ar an státseirbhís féin.

D’éirigh na coinníollacha oibre sa státseirbhís ní ba mheasa, tugadh níos mó oibre do ranna a raibh níos lú acmhainní acu, agus tháinig laghdú mór  ar líon na ndaoine a bhí fostaithe sa státseirbhís. Ba bheag a bhí fágtha leis an nGaeilge a chur chun cinn, is léir.

Tugann eolaithe polaitiúla “nuabhainistíocht phoiblí” (new public management) ar an gcur chuige seo.  Tháinig sé chun cinn ar dtús mar chuid den nualiobrálachas sna 1970idí, agus bhí tionchar an-mhór aige ar sheirbhísí poiblí ar fud na cruinne ó shin. Maíodh go spreagfadh sé oibrithe le bheith níos táirgiúla. Bréag a bhí ansin. Ach ní haon chomhtharlú é gur tháinig an cur chuige seo chun cinn sna 1970idí, cothrom an ama a frítheadh réidh leis an riachtanas Gaeilge don státseirbhís.

In 2008, sular thosaigh an ghéarchéim airgeadais, dúirt an OECD “Ireland has significantly advanced along a “New Public Management” continuum”, agus is faide síos an bóthar sin atá muid imithe ó shin.

Nuair atá níos mó oibre le déanamh ag oibrithe, ach níos lú ama agus níos lú acmhainní acu lena déanamh (bunphrionsabal de chuid na nuabhainistíochta poiblí), ní bheidh cearta teanga ar an gcloch is mó ar a bpaidrín choíche, is cuma cén clamhsán a dhéanann na Gaeil ar líne faoi.

Go deimhin, nuair a rinne mé agallamh faoin gceist seo le hoifigigh shinsearacha in Oifig an Choimisinéara Teanga cúpla bliain ó shin, dúradh liom go neamhbhalbh nach é nach bhfuil meas ag na státseirbhísigh seo ar an nGaeilge agus nach bhfuil an státseirbhís chomh naimhdeach sin in aghaidh na Gaeilge is a shíleanns go leor de phobal na Gaeilge.

Mar is gnáth sna heolaíochtaí sóisialta, tá an cheist struchtúrtha lárnach sa gcás seo – ní leor breathnú ar idé-eolaíochtaí nó “meoin” gan tuiscint a fháil ar na fórsaí eile a mhúnlaíonn na hidé-eolaíochtaí sin. A fhad is atá stát againn atá mionnaithe don nualiobrálachas do na hionsaithe ar choinníollacha oibrithe a théann i bpáirt leis, beidh muid ag snámh in aghaidh easa ag triail cearta teanga a fháil.

Ní bhaineann an fhadhb seo le daoine aonaracha sa státseirbhís ar Béarlóirí iad. Cuimhnímis gur faoi riail Enda Kenny agus Eamonn Gilmore – beirt a bhfuil Gaeilge líofa acu, agus, más fíor, a bhfuil cion ar an teanga acu – a tugadh reachtaíocht gan mhaith amhail Acht na Gaeltachta 2012 isteach. Tá Gaeilge mhaith ag an Taoiseach Micheál Martin ach diabhal mórán difríochta a rinne sin go dtí seo. Tá Liam Mac Cóil den tuairim gur chóir don Taoiseach a ladar a chur isteach i scéal na gceart teanga. Ach nuair atá ball dílis d’Fhianna Fáil féin ag rá nach suim leis an bpáirtí an teanga, féadfaidh muid a bheith cinnte nach ndéanfaidh Micheál Martin aon idirghabháil mhór ar son na nGael, go háirid agus géarchéimeanna níos mó satír faoi láthair.

Mar a deir an t-iarOllamh le polaitíocht ó Ollscoil Luimnigh, Peadar Kirby, “competition state” atá i bPoblacht na hÉireann anois. Bíonn lucht na cumhachta ag sodar i ndiaidh corparáidí móra, ag baint de chearta na n-oibrithe agus ag tabhairt faoiseamh cánach do lucht an rachmais le léiriú d’infheisteoirí idirnáisiúnta gur áit mhaith í Éire le gnó a dhéanamh.

I bhfianaise an chur chuige seo, ní hiontas ar bith é go ndéantar neamhaird ar chearta na nGael agus ar mholtaí na saineolaithe faoi chúrsaí teanga, timpeallachta, tithíochta agus go leor eile. Leis na fadhbanna seo a leigheas i gceart, mar a dúirt an Cadhnach, is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. Tá sé chomh fíor céanna inniu is a bhí breis is 50 bliain ó shin.

Is sochtheangeolaí agus léachtóir leis an Léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth é Ben Ó Ceallaigh. Tá sé gníomhach leis an ngrúpa feachtasaíochta Misneach

Fág freagra ar 'Má tá a gcearta uathu is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh'

  • Ruán Ó Gliasáin

    Is dóigh go bhfuil mé ar chlé ón lár ó thaobh na polaitíochta de, ach tá pointí an-mhaithe ag Ben anseo ;-)

  • Eoin Ó Murchú

    Alt an-éirimiúil! Fair play, a Bhen. Ag súil le tuilleadh uait mar tá ábhar ciallmhar diospóireachta ag teastáil go géar i dtaobh na ceiste seo.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An é dualgas na sóisialach bheith ina ngaeilgeoirí chomh maith?