Stát aonteangach go smior atá againn agus an ‘common sense’ i réim

Nach mór fiche bliain tar éis d’Acht na dTeangacha Oifigiúla teacht i bhfeidhm, is údar imní é nach bhfuil tuiscint bhunúsach faoi na dualgais theoranta atá orthu i leith na Gaeilge neadaithe in údaráis áitiúla na tíre

Stát aonteangach go smior atá againn agus an ‘common sense’ i réim

Seo tuarascáil thábhachtach eile ón gCoimisinéir Teanga a thugann léaspairt nua dúinn ar na dúshláin a bhaineann leis an reachtaíocht teanga atá in ainm is tacú leis an nGaeilge.

Léiríonn sí na laigí a bhaineann le cnámh droma na reachtaíochta sin, Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus caitheann sí solas ar dheacrachtaí praiticiúla le ‘hachtacháin’ eile ina luaitear an Ghaeilge.

Cé go samhlaítear an Coimisinéir ar an gcéad dul síos le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, tá sé de chumhacht aige faoin alt 21 (f) imscrúdú a dhéanamh ar níos mó ná 150 píosa reachtaíochta eile ina luaitear an Ghaeilge má dhéantar gearán leis go bhfuiltear á sárú.

Ní bheadh eolas forleathan ag an bpobal ar go leor de na ‘hachtacháin’ sin ach le blianta beaga anuas deineadh imscrúduithe tábhachtacha faoi chuid de na cinn mhóra, mar shampla an tAcht Oideachais 1998 agus an tAcht Craolacháin 2007. 

Seo é an chéad imscrúdú a dhein an Coimisinéir faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Leagann alt 10 (2) (m) den acht sin dualgas ar chomhairlí contae Gaeltachta a mhíniú ina bpleananna forbartha conas a chuirfear an Ghaeilge chun cinn mar theanga an phobail agus conas a chosnófar oidhreacht chultúir agus teanga na Gaeltachta.

Chun é sin a dhéanamh socraíodh go gcuirfí cuótaí i bhfeidhm ar fhorbairtí nua tithíochta a chinnteodh gur le cainteoirí Gaeilge a dhíolfaí céatadán de na tithe a bheadh i gcomhréir le céatadán na gcainteoirí laethúla sa cheantar sin.

Agus an Tíogar Ceilteach in ard a réime, ní mó ná sásta a bhí na forbróirí go gcuirfí isteach ar dhraíocht an mhargaidh agus sheas Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta i gcoinne na forála go láidir.

Mheasas ag an am go mbeadh impleachtaí móra ag an bhforáil dá gcuirfí i bhfeidhm í, toisc go raibh an oiread sin tógála ar siúl sna ceantair Ghaeltachta a bhí cóngarach do bhailte móra nó do chathracha, go háirithe ar imeall thiar na Gaillimhe.

Cé gur tharla cásanna iomráiteacha sa Rinn, i gConamara agus an ceann seo i gCorca Dhuibhne, b’ait liom nach raibh tuilleadh acu ann.

Seans gurb é struchtúr na reachtaíochta is cúis leis sin: tá acmhainní an Choimisinéara teoranta agus braitheann go leor dá chuid oibre ar ghearáin ón bpobal.

Mura dtugann an pobal faoi deara go bhfuil lúb ar lár, nó mura bhfuiltear ar an eolas gur féidir gearáin a dhéanamh faoi fhorálacha eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla, d’fhéadfadh an scéal dul chun donais.

Léirigh an t-imscrúdú nach raibh córas ceart ag Comhairle Contae Chiarraí chun an t-alt sin a chur i bhfeidhm, cé gur cheangail an Bord Pleanála coinníoll teanga le forbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh, rud a spreagann ceist faoi na comhairlí eile Gaeltachta ar fud na tíre.  Beidh le feiscint an gcuirfear tuilleadh suime i scéal seo na pleanála sa Ghaeltacht mar thoradh ar imscrúdú Chiarraí. 

Gné shuimiúil eile den tuarascáil bhliantúil seo is ea an oiread imscrúduithe faoi chúrsaí comharthaíochta ar fud na tíre. Go deimhin, má chuirtear le chéile na gearáin faoi easpa Gaeilge ar ghnáthchomharthaí, ar chomharthaí bóthair agus ar stáiseanóireacht, ba ionann iad agus 36.3% de na gearáin ar fad.

Léiríonn na himscrúduithe faoi Chomhairlí Contae na Mí, Lú, Loch Garman agus Cheatharlach go bhfuil laigí bunúsacha i gcórais na n-údarás áitiúil sin – más córais iad in aon chor – chun na dualgais bhunúsacha sin a chur i bhfeidhm agus chun déileáil le gearáin ón bpobal ar an gcéad dul síos.

Ba i mBéarla a d’fhreagair Comhairle Contae Loch Garman roinnt de litreacha an Choimisinéara, rud a léiríonn dearg-aineolas faoi cheann de na gnéithe is bunúsaí ar fad d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, gur i nGaeilge a fhreagraítear comhfhreagras i nGaeilge.

Bhí moill mhór fhada ar fhreagraí ó chomhairlí contae eile agus ba léir nach raibh nósanna imeachta cuí i bhfeidhm acu chun déileáil leis an reachtaíocht. Nach mór fiche bliain tar éis don Acht teacht i bhfeidhm, is údar imní é nach mbeadh tuiscint bhunúsach faoi na dualgais theoranta atá orthu i leith na Gaeilge neadaithe in údaráis áitiúla na tíre.   

Is ar obair na bliana seo caite a dhéantar trácht sa tuarascáil bhliantúil seo, i bhfad sular chualathas trácht ar COVID-19.

Ó fógraíodh an ghéarchéim sláinte poiblí dhá mhí ó shin, tá fianaise ag teacht chun cinn de réir a chéile – má theastaigh cruthúnas – gur stát aonteangach go smior é seo agus gur leor eolas faoin bpaindéim a scaipeadh i mBéarla.

Tá lucht na Gaeilge agus daoine a chuireann ar son teangacha na n-inimirceach míshásta leis an bhfreastal atá á dhéanamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte orthu.

Ar an suíomh seo a tuairiscíodh gur i mBéarla amháin a bheadh an aip nua chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas ach a seolfar í, agus nach raibh ach fíorbheagán den eolas a scaipeadh ar an bpobal go dtí seo i nGaeilge.

Is ar laigí Acht na dTeangacha Oifigiúla féin atá cuid den locht – ní gá don stát fógraíocht a dhéanamh go dátheangach, mar shampla – ach is cosúil go bhfuil na rialacháin faoi chomharthaíocht á sárú i bhfad is i ngearr.

Ní mó ná sásta a bhí an Irish Examiner tamall ó shin le leagan Gaeilge den leabhrán eolais ar COVID-19 (leabhrán ar cheart dó a bheith dátheangach ar an gcéad dul síos) agus ba ghá, dar leis, ‘common sense’ in ionad ‘idealism’ (mar sin, Béarla amháin).

I bhfianaise na ndeacrachtaí eacnamaíocha atá romhainn, cá bhfios cad a tharlóidh don athbhreithniú ar an Acht a thit leis an rialtas deireanach ach ní dócha go bhfuil aon iontas i ndán dúinn go luath.

Agus lucht ‘na céille’ ag bailiú nirt, ní móide go mbeidh cuma na fusachta ar obair an Choimisinéara Teanga as seo amach.

– Is Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr John Walsh.

Fág freagra ar 'Stát aonteangach go smior atá againn agus an ‘common sense’ i réim'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceapaim go bhfuil beagán míthuisceana ar John faoin mbealach a oibríonn an córas pleanála i dtaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge. Ní thógaim air é mar tá sé casta. Níor socraíodh, mar a thugann sé le fios, go gcuirfí cuótaí i bhfeidhm ar fhorbairtí nua tithíochta a chinnteodh gur le cainteoirí Gaeilge a dhíolfaí céatadán de na tithe a bheadh i gcomhréir le céatadán na gcainteoirí laethúla sa cheantar sin. Rinne gach údarás pleanála a gcuid socraithe féin. Mar shampla caithfidh 80% ar a laghad de na tithe in aon fhorbairt le dhá theach nó níos mó i nGaeltacht Chois Fharraige, cuma an sna Forbartha nó i mBaile na hAbhann atá na tithe á dtógáil a bheith faoi choinníoll teanga, lena chinntiú go mbeidh líofacht mhaith Ghaeilge ag ceann an teaghlaigh a bheas ag cur futhu ann. Leagadh síos é sin mar geall ar bhrú ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, nuair a cuireadh leasú ábharach ar Phlean Chontae na Gaillimhe dha bhliain ó shin. Ach aisteach go leor ní bhaineann an foráil sin le Carna, Ros Muc ná le Ceantar na nOileán.

    Tríd is tríd tá iarracht mhacánta déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus ag Comhairle Chontae Phort Láirge le blianta beaga anuas cloí leis an dlí agus an glacann siad dáiríre leis an dualgas reachtúil atá leagtha síos ag an Acht Pleanála agus Forbartha 2000.

    An fhadhb atá anois ann siléigeacht Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht ar cheart a bheith ag faire amach agus ag cinntiú go bhfuil na húdaráis pleanála sa Ghaeltacht ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtála maidir le cosaint na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós á labhairt ag sciar suntasach den phobal.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Is é an míthuiscint bunúsach atá ag John go n-athraíonn daoine córais seachas go n-athraíonn córais daoine.

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le; “an míthuiscint bunúsach” [sic] atá ag John Walsh!

    B’fhéidir go dtabharfadh Concubhar cúpla sampla dúinn??