Amhras ar Uachtarán na hÉireann faoi thiomantas an státchórais don Ghaeilge

Agus Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga á sheoladh aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur oth leis a rá nach léir 'i gcónaí' go mbíonn meas ar an nGaeilge ag oifigigh shinsearacha sa státchóras

HigginsNUIG16-0046
Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill Pictíur: Seán Ó `mainnín

Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins aréir gur oth leis nach léir “i gcónaí” go mbíonn meas ar an nGaeilge ag oifigigh shinsearacha sa státchóras.

Agus Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga á sheoladh aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thapaigh an tUachtarán an deis labhairt faoi shaol agus faoi shaothar an Bhreithimh Adrian Hardiman ar cailleadh go tobann inné é.

Dúirt an tUachtarán go raibh an Breitheamh Hardiman ina “chosantóir paiseanta” ar chearta agus ar shaoirse an duine.

Bhí an Breitheamh Hardiman le bheith mar aoichainteoir ag ócáid na hoíche aréir agus tuigtear go raibh sé i gceist aige óráid a thabhairt uaidh a chaithfeadh amhras ar a thiomanta is atá an stát don Ghaeilge agus do chosaint cearta teanga phobal na Gaeilge.

Thug an tUachtarán le fios aréir go bhfuil amhras air féin faoi dhearcadh oifigigh shinsearacha sa státchóras i leith na teanga.

“Chun go n-éireodh le polasaí teanga mar ata sé leagtha síos againn in Éireann tá sé riachtanach go mbeadh meoin dearfach agus tacaíocht sofheicthe ó oifigigh shinsearacha sa státchóras, agus, is oth liom a rá, níl sé sin le feiceáil i gcónaí,” a dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins.

Dúirt sé gur den riachtanas é go mbeadh tacaíocht an stáit agus an phobail araon ag mionteangacha má bhí “rath agus bláth le bheith i ndán do na teangacha sin”.

Thug sé le fios go bhfuil sé mar “chuspóir” aige “filleadh ar an gceist seo i mbliana” mar chuid de thionscnamh atá beartaithe aige chun aird an phobail a dhíriú “ar chúrsaí teanga”.

Dúirt sé gur “ceiliúradh” a bhí i gcomhdháil na gCoimisinéirí Teanga, a bheidh ar siúl arís amárach agus Dé Céadaoin, ar an “éagsúlacht mhór teangacha atá ar fud an domhain agus ar an gcultúr agus an fhéiniúlacht ar leithligh a ghineann an éagsúlacht sin”.

“Ar an drochuair, tá go leor de theangacha an domhain i mbaol a gcaillte mar gheall ar fhás leanúnach na mórtheangacha i ngach gné dár saol,” a dúirt sé.

Mhaígh an tUachtarán go raibh sé “tráthúil” go raibh an chomhdháil a heagrú mar pháirt d’Éire 2016.

“Mar thoradh ar fhís agus ar idéil na glúine sin [glúin na réabhlóide] aithníodh, le bunú an stáit nua, a thábhachtaí agus a bhí sé go gcaomhnófaí an Ghaeilge mar shiombal eisiach dár bhféiniúlacht Ghaelach, mar a shamhlaigh an chéad Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann agus mo réamhtheachtaí mar chéad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde.”

Dúirt Higgins go raibh fealsúnacht de hÍde agus a chomhghleacaithe bunaithe “ar an mbunphrionsabal radacach nárbh fhéidir leis an bpearsantacht Éireannach dul i mbláth i gceart agus nach mbeadh sí in ann lán a cumais a bhaint amach de bharr na srianta agus na mbacainní a bhain leis an tsochaí a bhí ann ag an am”.

Sochaí a bhí ann “a cruthaíodh agus a treoraíodh den chuid ba mhó ar mhaithe leis an Ríocht seachas ar mhaithe leis na hÉireannaigh”.

Bíodh is go raibh athbheochan na teanga “mar chuid lárnach den fhealsúnacht sin”, ní raibh ann ach “cuid di”.

“An t-idéal a bhí acu ná sochaí Ghaelach a athchruthú a bheadh oiriúnach don phobal Éireannach agus ag a mbeadh ceangal díreach aici lena n-oidhreacht Ghaelach. Ba é aidhm na físe nua ná áit na bréagshochaí coilíní a líonadh,” a dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins.