‘Lucht riarachán na tíre ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga mar a bhí aimsir Anraoi a hOcht’

Ag labhairt dó ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna, dúirt an scríbhneoir aitheanta Liam Mac Cóil go bhfuil ‘cearta daonlathacha daonna phobal na Gaeilge á gcur ar neamhní’ ag an státchóras

‘Lucht riarachán na tíre ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga mar a bhí aimsir Anraoi a hOcht’

Tá a gcearta teanga á séanadh ar phobal na Gaeilge toisc an dearcadh agus an bhéascna chéanna a bheith ag státseirbhísigh an lae inniu is a bhí ag a macasamhail aimsir “dhorcha” Anraoi a hOcht.

B’in cuid dá raibh le rá ag an scríbhneoir aitheanta Liam Mac Cóil i dTithe an Oireachtais inniu agus é ag caint ag cruinniú faoin mbille teanga.

Dúirt Mac Cóil go gcaithfí a bheith san airdeall faoi aon iarracht a dhéanfadh státseirbhísigh an bille a chur ó mhaith agus go mb’fhéidir go dteastódh idirghabháil ón Taoiseach féin ionas nach dtarlódh sin.

“Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal gurb é riarachán na tíre, idir náisiúnta agus áitiúil, atá ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga; in éadan na Gaeilge mar theanga phobail; is iad sin na fórsaí céanna a bhí i gceist san ochtú agus sa naoú haois déag, agus siar ar ais go haimsir na dTúdarach; gurb iad an bhéascna chéanna agus an t-eolas neamhráite corparáideach céanna, na luacha céanna agus na tosaíochtaí céanna atá fós san aicme riaracháin againn féin is a bhí i gceist an uair dhorcha úd.

“Níor mhaith liom é sin a chreidiúint. Is náireach an scéal é más fíor é. Ach dáiríre, ag breathnú go praiticiúil ar an scéal, tá cearta phobal na Gaeilge ó thaobh teanga de á séanadh ó aimsir Anraoi a hOcht go dtí an lá atá inniu ann,” a dúirt Liam Mac Cóil, údar leabhair amhail An Dochtúir Áthais, An Litir agus Bealach na Spáinneach.

Dúirt Mac Cóil, atá ina chónaí i nGaeltacht Ráth Chairn, go bhfuil leathchéad bliain caite aige ag iarraidh a bheith ag plé le ranna agus le hinstitiúidí Stáit i dteanga na tíre agus go raibh ag teip “chomh mór sin” air go bhfuil “sé tuirseach spíonta ag an iarracht anois”.

Dúirt an scríbhneoir go dtarlaíonn sé go minic i gcás na Gaeilge agus na reachtaíochta teanga go ndéantar moltaí fiúntacha, go dtugtar éisteacht mhaith dóibh agus go nglacann an t-aos polaitiúil leo. Is ina dhiaidh sin, áfach, a chuireann an státseirbhís na moltaí ó mhaith agus a chuirtear toil an phobail ar ceal.

“Ag pointe éigin sa phróiseas sin, lagaítear na moltaí, baintear na fiacla as an gcuid is fearr agus is láidre acu, agus cuirtear an mhoilleadóireacht agus an tseachantacht isteach san Acht mar ghnéithe bunúsacha den reachtaíocht. Cealaítear na cearta a bhí á n-éileamh. Is fearr a thuigeann sibhse an scéal ná mise,” a dúirt Mac Cóil.

Dúirt Mac Cóil leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur minic a chuireann lucht na státseirbhíse toil ionadaithe tofa an phobail féin ar ceal.

“Tugann an chuid is mó mór de mhuintir na tíre tacaíocht don Ghaeilge agus do na hiarrachtaí ar a son. Agus féach, tá toil na ndaoine curtha ar ceal. Ní hamháin go bhfuil cearta daonlathacha daonna phobal na Gaeilge á gcur ar neamhní, is é sin an ceart bunúsach daonlathach atá ag gach saoránach le Gaeilge plé leis an Stát ina theanga féin, ach tá neamhshuim á déanamh de mhianta daonlathacha mhuintir na tíre agus a gcuid ionadaithe.

“Tá an próiseas daonlathach, an daonlathas féin, á chur ar neamhní. Is scannal mór é sin. Tá sé práinneach go bhfaighfí amach cén chaoi a bhfuil sé ag tarlú agus cén fáth.”

Mheas Mac Cóil nach aon chomhcheilg a bhí ar bun agus gur “daoine ionraice, dúthrachtacha” na státseirbhísigh a bhíonn ag plé leis an reachtaíocht teanga.

“Ach tá rud éigin ag dul amú,” ar sé.

Chaithfí, a dúirt sé, teacht ar thuiscint ar an mbealach “mistéireach” go n-éiríonn leis an gcóras “an fige a shú amach as an rolla fige seachas é a chur isteach”.

“Cén chaoi a gcuirtear, bliain i ndiaidh bliana, ainneoin ár ndícheall uile, cearta absalóideacha shaoránaigh na Gaeilge ar ceal?” a d’fhiafraigh sé.

Dar leis gur meon na státseirbhíse is cúis cuid mhór le cealú na gceart sin.

“Daoine aonteangacha Béarla an chuid is mó mór de státseirbhísigh na hÉireann. As béascna aonteangach Béarla, den chuid is mó, a fáisceadh iad agus is in uisce an Bhéarla aonteangaigh a bhíonn siad ag snámh i gcónaí. Ag an leibhéal pearsanta, chomh fada is a bhaineann le cuid mhór de státseirbhísigh na tíre, is mar ábhar scoile amháin a thuigeann siad Gaeilge.

“Níl aon taithí acu ar an nGaeilge mar theanga laethúil a labhraítear ar an gcaoi chéanna a labhraíonn siadsan Béarla. Ach amháin gur minic nach féidir leis an nGaeilgeoir sin a dhéanamh leis an Stát mar nach labhraíonn an chuid is mó mór de bhaill na státseirbhíse ach Béarla amháin. Arís is beag tuiscint atá acu ar an taithí chráite saoil sin.”

Mhaígh Mac Cóil chomh maith go raibh “eolas ollmhór neamhráite corparáideach” i dTeach Laighean agus sa státchóras agus go bhféadfadh gur namhaid don teanga a bhí san eolas corparáideach sin.

“An bhféadfadh sé go bhfuil cuid den eolas sin, den bhéascna, ag obair in éadan cearta teanga don Ghaeilge?

“An bhfuil an t-eolas corparáideach neamhráite seo atá i Státseirbhís na hÉireann ag cuidiú le mianta Dháil agus Seanad Éireann a chur i gcrích; is é sin sa chás seo cearta teanga phobal na Gaeilge a aithint agus a chur i bhfeidhm; nó an bhfuil sé ag obair ina n-éadan?”

B’údar imní don scríbhneoir go bhfuil “tuiscint neamhráite” sa státseirbhís nach bhfuil an Ghaeilge “chomh hinniúil leis an mBéarla i gcúrsaí gnó agus riaracháin” agus go ndéantar talamh slán de nach teanga “iomlán inti féin í an Ghaeilge” agus nach bhfuil inti dáiríre i súile an státseirbhísigh “ach comhartha den náisiúnachas, teanga atá luachmhar mar gur maith ann í ar ócáidí foirmeálta sollúnta”.

D’fhág dearcadh agus béascna na státseirbhíse i leith na teanga nach “de réir tosaíochtaí phobal na Gaeilge” a phléitear le moltaí na dTeachtaí Dála maidir leis an mBille Teanga a leasú “ach de réir tosaíochtaí na Rúnaithe Ginearálta, Rúnaithe Roinne agus na Státseirbhíse”.

“Is iad na luacha sin a chuirtear sa dlí agus ní luacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Agus ar an ábhar sin éiríonn pobal na Gaeilge as a bheith ag labhairt na Gaeilge mar theanga phobail.”

Dúirt Mac Cóil gur pobal faoi léigear pobal na Gaeilge agus go raibh comhairle á lorg ar a son ó na daoine míchearta maidir le conas an léigear a thógáil.

“Tá pobal na Gaeilge faoi léigear. Má tá pobal baile faoi léigear ní ceart gurb iad an chéad dream a lorgaíonn siad comhairle agus cúnamh orthu an dream lasmuigh de na ballaí, an dream atá ag ceilt bia agus soláthairtí beatha orthu. Ná hinis do scéal don té nach trua leis do chás, a deir an seanfhocal.

“Ach an chéad rud a dhéantar i gcás Bille na dTeangacha lorgaítear comhairle ar dhaoine nach é cás na Gaeilge is túisce ar an liosta agat ach socracht, sonas, agus so-oibriú a gcuid oibre féin.”

Dúirt an scríbhneoir go mb’fhéidir go gcaithfeadh an Taoiseach féin idirghabháil a dhéanamh má tá na leasuithe is fearr a thabharfadh cosaint do chearta phobal na Gaeilge chun teacht slán.

“B’fhéidir gur féidir idirghabháil de shaghas éigin a dhéanamh. B’fhéidir go bhféadfaí idirghabhálaí a cheapadh, duine a dhéanfadh an bille a tionlacan tríd an bpróiseas agus é a chosaint. Theastódh saineolas maith idirghníomhaíochta ón duine sin.

“Agus theastódh údarás uaidh nó uaithi. Déarfá gur údarás ón Taoiseach féin a theastódh.”

D’aontaigh baill Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna go gcuirfí an chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais ar athlá go dtí an 20 Eanáir.

Tá os cionn 300 leasú molta ar an mbille agus is amhlaidh nach raibh sé d’acmhainn ag córas Thithe an Oireachtais na leasuithe go léir a réiteach agus a aistriú in am.

Gealltar i gclár an rialtais go mbeidh an bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020, ach is in earrach 2021, ar a luaithe, a dhéanfar sin anois.

Fág freagra ar '‘Lucht riarachán na tíre ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga mar a bhí aimsir Anraoi a hOcht’'

  • An Teanga Bheo

    O labhair an Teanga Ghaeilge liom si teanga cheart na nGael
    Since Fianna Fail ata faoi gheall ag Eirinn

  • Sibéal

    Bunaimís comharchumainn tithíochta chun pobail Ghaelacha a bhunú timpeall na tíre. Teastaíonn daoine le Gaeilge a bhfuil airgead le hinfheistíocht acu in eastáit Ghaelacha go géar ag an bpointe seo.

  • Pól Ó Braoin

    Níl eolas ar bith ag móramh mór an bhéarla sa tír seo gur thug Liam an chaint sin, go bhfuil an t-alt seo in tuairisc.ie, gurb ann do na fadhbanna atá againn maidir lenár gcearta, mar ní dhéantar tuairisciú ar na cúrsaí sin ar RTE ná ar aon meáin bhéarla eile.
    Agóid na mbó maol nach gcloisfear oiread is smid faoi ar aon mheán béarla sa tír s’againne.
    Tá Liam agus an chuid eile againn a chur ár gcuid ama amú mar beidh an chaint chéanna seo ar siúl go lá chré na cille agus ní chloisfidh ach an mionlach beag bídeach gaelach í, faraor… agus seolfaidh long mhór bhéarla na n-údarás agus na státseirbhíse ar aghaidh beag beann ar mhíoga bearránacha na nGael sa tír seo…
    Sin mar a bhí, atá, a bheas go deo b’fhéidir, mara mbíonn muid in ann cuidiú praiticiúil a thabhairt dár bpobal gaelach agus luach eicint a chur ar na pobail bheaga sin, breathnú orthu mar sheoid luachmhar inár measc ach, faraor, ní tharlóidh a leithéid agus FFFG ar an maide, cheapfainn…

  • Cluain Sceach

    Treise le Liam!

  • Antóin

    Dála Liam, is minic a chuir mé glaoch ar Roinn agus ansin fuireach fada romham fad a bhí siad ag poírseáil i bputógaí an fhoirgnimh ag cuartú Gaeilgeora. Tosaíonn foighne ag trá tar éis leathuaire áfach agus fios agat go bhfuil tú ag íoc as an ghlaoch.

    Tá an ceart ar fad ag Cynthia Ní Mhurchú. Mura mbíonn dóthain daoine le Gaeilge le seirbhísí a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge is ag ag snámh in aghaidh easa a bheidh muid. Má earcaítear daoine gan Ghaeilge, an aon iontas é nach féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na daoine sin. Céard faoi gan daoine a earcú sa státseirbhís mura bhfuil líofacht sa teanga acu, mar thús? Ansin, gan ardú céime sa chóras má chailleann siad an líofacht sin?

    Agus an Taoiseach féin idirghabháil a dhéanamh má tá na leasuithe is fearr a thabharfadh cosaint do chearta phobal na Gaeilge chun teacht slán!! Ní cheapaim é. Thug Fianna Fáil Fealltach a gcúl leis na Gaeil fadó. Thréig siad an chosmhuintir. Chaith siad a gcuid luachanna i dtraipisí. Fianna Fáil Fealltach nach cás leo anois ach socracht agus sonas agus só agus a bheith ag tochras ar a gceirtlín féin. Seans níos fearr go gcuirfear an fige isteach sa rolla fige arís. Go bhfille an feall.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Nach bhfuil an ceacht foghlamtha agaibh ar chor ar bith? Daoine ag lorg seirbhísí as Gaeilge? -Is “Subversives” sibh go léir. Níl an státseirbhís chun aon tosaíocht a thabhairt le daoine dátheangacha a earcú. Ní Poblacht atá againn ach Cliquety Clique Collective. Saghas Cosa Nostra. An prionsabal is tábhachtaí sa seirbhís poiblí na “dílseacht”. Ní bhfaighfidh tú árdú céíme sa phost mura bhfuil sé soiléir go bhfuill tú “dílis” don eagraíocht. Ní dílis don phobal nó aon rud eile mar sin. Daoine a sheasann le chéile chun an eagraíocht a chosaint in aghaidh ionsaithe óna naimhde – i.e. na custaiméírí agus an phobal ginearálta. Molaim oraibh féachaint arís ar “Yes Prime Minister” – tá roinnt mhór le foghlaim ó Bernard, Jim Hacker agus Sir Humphrey Appleby.

  • Sibéal

    Tá Státseirbhís na hÉireann róbheag chun a bheith dhátheangach.
    Nárbh fhearr pobail Ghaelacha a bunú ar nós Carn Tóchair seachas do bheith ag díriú ar cearta anháin?

  • An tEisreachtach

    Maith thú, a Liam.
    Ach, ní bheadh muinín spideoige agam as an Taoiseachín slíbhíneach, seoiníneach Martin.
    Maidir leis an Acht Teanga, agus a leithéidí, nuair a thagann brú ar pholaiteoirí institiúid a bhunú le freastal ar éileamh ón bpobal, is amhlaidh a dhearann siad an institiúid sin sa gcaoi NACH n-éireoidh léi feidhmiú, agus nach gcuirfidh sí isteach, ar bhealach ar bith, ar an gcóras atá ann.
    Féach an Coimisinéir Teanga – tá sé chomh mantach le tachrán nó spágadán. Níl aird ar bith ag an Státchóras air mar nach bhfuil oiread is starróg amháin aige. An riocht ceannann céanna atá ar na Pleananna Pleanála Teanga. Beidh siad ag treabhadh leo, ach ní bheidh fómhar ann. Féach creimeadh na Gaeltachta de bharr saorchead isteach a bheith ag Béarlóirí, beag beann ar ‘Phleanáil Tithíochta sa nGaeltacht’.
    Is é an scéal céanna é ag na hinstitiúidí eile a bhunaíonn an Stát le ‘freastal’ ar ‘chearta’ an phobail (Fear an Phobail/An tOmbudsman, an tOmbudsman le haghaidh Thionscal an Árachais, srl, srl.) – níl cumhacht ar bith acu, mar atá a fhios ag aon duine a d’fhéach lena gcuidiú a fháil.
    Dúisigí, a phobal na Gaeilge agus féachaigí go grinn ar an gcaoi NACH bhfuil an córas lofa ‘daonlathach’ ag obair, mar nach ligeann na buinneachpholaiteoirí, deas ná clé, oiread is lán méaracáin de chumhacht uathu.

  • Maire Ui Shithigh

    Ana chur i láthair ag Liam. Sea bheadh lag mhisneach ar dhuine toisc an córas lochtach atá ann.

  • Eoghan O Néill

    Am chéad rud a rinne lucht an Trumpadóra nuair tháinig siad i gcumhacht ná an leagan spáinise a bhaint as suiomh an Tigh Bháin. Ni ar an ghaelig amháin a bhfuil an t-ionsú teangan acu. Tá’n ceart iomlán ag Liam Mac Cóil, níl muid líonmhar mar bhí tráth ach a fhad is a labhrann muid í níluid ag géilleadh.

  • Seán Ó Donnchaidh

    B’fhéidir go bhfuil Sibéal ar an mbealach ceart. Cuid mhór den fáth gur thosaigh an Ghaeilge ag meath ná go raibh ceangailt idir an Ghaeilge agus an Bochtanas. Ní raibh an Ghaeilge úsáídeach don deoraí ag teitheadh ón Gorta. B’é Béarla an teanga chun dul chun cinn a dhéanamh. Dar leis na polaiteoirí tá an t-eacnamaíocht i gcroílár gach rud i gcónaí. Mar sin tá “soup” nua-aimsirthe ag teastáil. Dá mbeadh buntáistí eacnamaíochta ag baint leis an dteanga, b’fhéídir go mbeadh seans aici amach anseo.