An chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga curtha siar go dtí 2021

Bhí tús le cur Déardaoin le plé na leasuithe atá á moladh ar an dréacht-reachtaíocht teanga ach cuireadh an obair siar mar gheall ar líon na leasuithe agus an obair aistriúcháin atá le déanamh orthu

An chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga curtha siar go dtí 2021

Tá an plé a bhí le déanamh an tseachtain seo i dTithe an Oireachtais ar na leasuithe atá molta ar an mBille Teanga curtha ar athlá go dtí an bhliain seo chugainn.

Fágann sin gur in earrach 2021 ar a luaithe a achtófar an Bille Teanga ar thosaigh an plé faoi naoi mbliana ó shin.

Is mar gheall ar líon na leasuithe atá molta ar an dréacht-reachtaíocht agus an obair aistriúcháin atá le déanamh orthu atá an chéad chéim eile den bhille curtha siar.

Gealltar i gclár an Rialtais go n-achtófar an bille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga roimh dheireadh na bliana seo.

Deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Aengus Ó Snodaigh, gurb amhlaidh nach raibh sé d’acmhainn ag córas an Oireachtais na leasuithe go léir a aistriú in am.

194 leasú ar an mbille atá molta ag Aengus Ó Snodaigh agus Sinn Féin agus os cionn 300 leasú ar fad atá molta, idir leasuithe an Rialtais agus an fhreasúra.

Bhí formhór na leasuithe curtha isteach faoin spriocam a bhí tugtha ag Oifig na mBillí, Dé hAoine seo caite.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur ceithre lá de ghnáth a theastaíonn ó Oifig na mBillí chun leasuithe a réiteach, ach gur cuireadh in iúl dó nárbh leor an méid sin ama sa chás seo mar gheall ar líon na leasuithe agus an gá lena bhformhór a aistriú.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie gur léiriú “ar fhadhb níos leithne ó thaobh na teanga i dTithe an Oireachtais” an scéala nach raibh an córas “in ann déileáil” leis na leasuithe ar an mbille teanga.

Léirigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers a dhíomá le Coiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite toisc nach mbeidh an chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga curtha i gcrích acu sách tapa dó.

Dúirt baill de chuid an choiste Oireachtais nach orthusan atá an locht maidir leis an moill is déanaí ar an reachtaíocht is déanaí agus nach bhfuil an bille féin faighte go fóill acu fiú.

Scríobh an tAire Jack Chambers chuig Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun a dhíomá a chur in iúl faoin scéala nach raibh an coiste chun tús a chur le scagadh an bhille go dtí an Déardaoin seo, an 10 Nollaig.

Is i lár mhí Eanáir, ar a luaithe, a tharlóidh an cruinniú sin anois.

Deir baill an choiste gurbh fhearr leo go mbeadh “bille láidir” ann seachas bille a chuifí tríd an Oireachtas “róthapa”.

Fág freagra ar 'An chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga curtha siar go dtí 2021'