Díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta le Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le bille teanga

Mhol Aire Stáit na Gaeltachta go mbeadh cruinniú ag Coiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo chugainn chun scagadh a dhéanamh ar na leasuithe a mholfar ar an reachtaíocht ach dhiúltaigh an coiste dá mholadh

Díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta le Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le bille teanga

Tá a dhíomá léirithe ag Aire Stáit na Gaeltachta le Coiste Gaeilge an Oireachtais toisc nach mbeidh an chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga curtha i gcrích acu sách tapa dó.

Gealltar i gclár an Rialtais go n-achtófar an bille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga roimh dheireadh na bliana ach ní tharlóidh sin.

Deir baill de chuid an choiste Oireachtais nach orthusan atá an locht maidir leis an moill is déanaí ar an reachtaíocht is déanaí agus nach bhfuil an bille féin faighte go fóill acu fiú.

Scríobh an tAire Jack Chambers chuig Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun a dhíomá a chur in iúl faoin scéala nach raibh an coiste chun tús a chur le scagadh an bhille go dtí an 10 Nollaig.

Mhol an tAire Stáit don choiste cruinniú éigeandála a reáchtáil Dé Céadaoin seo chugainn, an 2 Nollaig, chun tabhairt faoin obair.

Deir baill an choiste áfach gurbh fhearr leo go mbeadh “bille láidir” ná bille a chuifí tríd an Oireachtas “róthapa”.

Fágann an mhoill is déanaí nach dtabharfar isteach an reachtaíocht nua in 2020, mar a bhí geallta i gclár an Rialtais agus ag an Aire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Meán agus Spórt, Catherine Martin.

Thosaigh an plé ar reachtaíocht teanga nua in 2011.

Mhol an tAire Stáit Jack Chambers ina litir go mbeadh cruinniú éigeandála ag Coiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo chugainn chun scagadh a dhéanamh ar na leasuithe a mholfar ar an reachtaíocht, ach dhiúltaigh an coiste don mholadh sin.

Mhínigh cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, go gcaithfeadh na leasuithe a bheith ag Oifig na mBillí inniu dá mbeadh an bille le cur os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Teachta Shinn Féin go raibh sé tugtha le fios ag Oifig na mBillí dó go mbeadh ceithre nó cúig lá ag teastáil chun an bille a réiteach agus leasaithe a aistriú.

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh a moltaí maidir le leasuithe ar an reachtaíocht curtha isteach ag Aire na Gaeltachta féin go fóill.

Idir leasuithe an Rialtais, leasuithe pholaiteoirí an fhreasúra agus leasuithe ó eagraíochtaí teanga meastar go mbeidh na scórtha acu i gceist.

Ghlac baill an choiste leis go raibh práinn ag baint leis an reachtaíocht nua a thabhairt isteach ach dúirt siad go raibh go leor oibre i gceist.

Mhothaigh an Teachta Catherine Connolly nárbh fhéidir “bille láidir a chur tríd san achar ama” a bhí molta ag an Aire Stáit.

“Níl locht ar an gCoiste nach bhfuil [an bille] tagtha os ár gcomhar,” arsa Connolly.

Dúirt Teachta Fhianna Fáil Dara Calleary nach mbeadh sé “féaráilte” cáineadh a dhéanamh ar an Rialtas maidir leis an scéal.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go mbeadh roinnt cruinnithe ag teastáil chun an bille a phlé. Mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais maidir leis an Covid-19, ní féidir cruinnithe níos faide ná dhá uair an chloig a reáchtáil sna seomraí coiste.

Chomh maith leis an gcruinniú atá le bheith ag Coiste na Gaeilge ar an 10 Nollaig, tá an bille teanga le plé ag cruinnithe eile an tseachtain dár gcionn, ar an 16 agus 17 Nollaig.

Dúradh go bhféadfaí cruinniú níos faide a reáchtáil ar líne má bhí gá leis.

Fág freagra ar 'Díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta le Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le bille teanga'