Má ghéilltear rómhór don Chaighdeán an chuid deiridh de Ghaeilge na Gaeltachta a bheidh thíos leis

Is gá a bheith tuisceanach faoi cheisteanna canúna, caighdeáin agus cothromaíochta mar tá ‘níos giorra’ gach pioc chomh maith le ‘níos gaire’

Má ghéilltear rómhór don Chaighdeán an chuid deiridh de Ghaeilge na Gaeltachta a bheidh thíos leis

Táimid fós ag foghlaim faoi chanúintí a chéile, ach theastódh beagán solúbthachta i dtaobh úsáid an ‘cheathrú canúint’, a deir ár gcomhfhreagraí

Is nós le roinnt daoine locht a fháil ar an leagan ‘an áit is giorra dúinn’. Mar seo a leanas atá an scéal i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh:

  1. Ag Seán atá an aiste is giorra sa rang agus gan aige ach leathchéad focal.
  1. Is í Gaillimh an chathair is gaire don Spidéal.

Is maith ann an dealú seo idir ‘gearr’ agus ‘gar’, ach ní idirdhealú é a bhaineann le Cúige Mumhan go stairiúil. N’fheadar cad a dhéanfaimis murach an scoláire Niall Ó Dónaill agus an fhoireann a chuidigh leis a fhoclóir breá a chur i dtoll a chéile. Mar seo atá an dara hiontráil aige faoin bhfocal ‘gearr’:

  1. Near, close…..An áit it giorra dúinn, the place nearest to us. Prov: Is giorra cabhair Dé ná an doras, God’s help is always near.

Ar ndóigh, ‘nearer than the door’ atá i gceist leis an seanfhocal úd sa Ghaeilge, le ceart. Tá an struchtúr agus an litriú céanna le fáil go rábach i dtéacsanna aneas, saothair Thomáis Uí Chriomhthain san áireamh.

Thuigfeá don té a bhfuil taithí aige ar an idirdhealú thuasluaite agus a mbeadh fonn air a leithéid a cheartú dá bharr, ach mura mbainfeadh an téacs atá i gceist go sonrach le Cúige Uladh nó le Cúige Chonnacht, go háirithe ceantar Gaeltachta sna bólaí sin, is ceartú éagórach a bheadh ann.

Is ag foghlaim faoi chanúintí a chéile a bheimid go lá ár mbáis, ábhar ceiliúrtha seachas a mhalairt nuair a chuimhnítear ceart air, ach fágann sé uaireanta go mbítear ag ceartú leaganacha nach bhfuil aon locht orthu.

Ceist chigilteach eile is ea ceist na gcanúintí agus an Chaighdeáin agus conas cothromaíocht a bhaint amach idir an dá rud. Is eol dúinn go maith faoi seo cén seasamh atá ag an gCaighdeán Oifigiúil, ach cá bhfágann sé sin seasamh na gcanúintí, go háirithe agus cainteoir dúchais ag cur peann le pár nó gasúr óg Gaeltachta ag foghlaim le léamh? Le cúnamh Dé, tabharfar aird ar leithéidí Mháire Ní Fhinneadha agus fágfar an fata ag Cóilín agus ligfear do Bhran é a chuartú.

Beirt a bhí ar an gcriú a thug aghaidh ar Santiago de Compostella ab ea Danny Sheehy, go ndéana Dia grásta air, agus Breanndán Ó Beaglaoich, beirt a d’áireofaí i measc na gcainteoirí is breátha, ní hamháin i gCorca Dhuibhne, ach ar fud na Gaeltachta.

Is d’aon turas a bheartaigh siad ‘Camino na Sáile’ a bhaisteadh ar a gcianaistear cinniúnach, óir bheadh an focal ‘sáile’ baininscneach acu i gcomhthéacs den tsórt sin.

Tugtar aitheantas don éagsúlacht inscne seo i bhFoclóir Uí Dhuinnín i ndeireadh iontráil an ainmfhocail ‘sáile’, mar a bhfuil an nod seo a leanas:  al. [also], f.

Is de bharr na críochnúlachta agus na gairmiúlachta a beartaíodh teideal na sraithe sin a athrú go ‘Camino an tSáile’, ach déarfainnse go rabhthas i dtuilleamaí an Chaighdeáin san áit nár mhiste géilleadh do shaoithiúlacht bheirt chainteoirí dúchais Gaeltachta den chéad scoth.

Ceist eile maidir le ‘sáile’ is ea cén fáth nár tugadh aitheantas don éagsúlacht inscne i bhFoclóir Uí Dhónaill san áit a rabhthas sásta é a thabhairt i bhFoclóir Uí Dhuinnín? Lena gceart a thabhairt dóibh, ní beag beann ar an Duinníneach a bhí foireann Fhoclóir Uí Dhónaill ná baol air, agus léiríonn cáipéisí lámhscríofa atá ar coimeád i leabharlann an Ghúim gur tugadh aird ar a raibh ag fear Shliabh Luachra faoin iontráil ‘sáile’. Ar chúis éigin, áfach, beartaíodh an inscne mhalartach a fhágáil ar leataobh sa chás áirithe seo.

Gné eile de cheist seo na gcanúintí agus an Chaighdeáin is ea an ceangal atá idir an focal scríofa agus an focal labhartha, gné nach labhraítear uirthi sách minic.

Cé nach mar a chéile é dáileadh na béime i ngach canúint, is fearr i bhfad, dar liom, an rithim a bhaineann le ‘ag teacht is ag imeacht’, cuir i gcás, ná ‘ag teacht agus ag imeacht’, sna canúintí ar fad.

Bheadh beann ar an gCaighdeán ag an té a cheartódh ort an chéad leagan thuas, agus a d’athródh ‘is’ go ‘agus’, ach is beag machnamh a bheadh á dhéanamh aige, an nóiméad áirithe sin, ar an léamh os ard agus an ceangal atá ag an méid sin le rithim nádúrtha na teanga, idir labhairt agus scríobh. Sibhse a chleacht an drámaíocht trí mheán na Gaeilge – sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di – tuigfidh sibh tábhacht an phointe atá á dhéanamh agam.

Fiú agus ár gcuid foghraíochta in áit na leathphingine i gcomparáid le marbháin na reilige, ba mhinic an tOllamh Máirín Nic Eoin ag tathant orainn Cré na Cille a léamh os ard sa bhaile. Mar fhoghlaimeoirí cathrach féin, nach raibh an t-ochtú cuid de Ghaeilge na gcarachtar againn, b’fhearr i bhfad an blaiseadh agus an tuiscint a gheobhaimis ar an téacs agus ar an scéal dá ndéanfaimis amhlaidh, a dúirt sí.

An dalta Gaeltachta nó an mac léinn Gaeltachta a fhéachann le cuid bheag de stór focal an Chadhnaigh a thabhairt isteach ina scríobh féin, b’fhéidir go ndéarfaí leis ar ball éirí as an gcúram.

‘Ní féidir leat é a sin a scríobh, a mhac, tá brón orm.’

‘Ach ’sé atá a’m!’.

‘Ó níl duine ar bith ag cur bac ort é a , ach ná scríobh é, más é do thoil é.’

‘Ach scríobhaim mar a labhraím, a’ dtuigeann tú? ’Sí an chaint bheo a bhíonns i m’intinn a’m agus mé ag scríobh. Sin í cluais na hintinne, a’ dtuigeann tú?’

B’fhéidir go gceapfaí nach mór an íobairt é ag an déagóir Gaeltachta sin éirí as focail áirithe a scríobh le haimsir; an baol atá ann ná go ndíbreodh sé na focail sin as a chuid cainte ar ball, arae ní féidir an chaint agus an scríobh a scaradh go hiomlán óna chéile. Nó má scartar, is féidir gur loime is gur gainne caint duine dá bharr, agus tá fadhb ansin againn.

Sa seomra ranga Gaeltachta atá réiteach ar chuid mhaith de na deacrachtaí seo ach eolas, ciall agus muinín a bheith ag an múinteoir. 

Ar ndóigh, táthar ann a deir nach le haghaidh an fhocail scríofa na canúintí ar chor ar bith. Cén tuairim a bheadh ag na daoine sin dá mba script drámaíochta nó trascríobh ar an gcaint bheo a bheadh i gceist, óir is ann a chastar an dá ghné den cheist ar a chéile.

Creid leat uaim é nuair a deirim gur roinneas spás oifige le cuid de na fotheidealóirí is breátha sa tír, dream nár scríobh dada ag bun an scáileáin gan cuimhneamh air roimh ré, ní áirím é a chíoradh agus a phlé le comhghleacaithe.

Dála a lán againn, áfach, is faoi bhois an Chaighdeáin a bhíonn fotheidealóirí go minic. ‘Cén difear a dhéanann sé sin agus Béarla á chur ar Ghaeilge acu?’, a deir tú. Sa dá theanga a dhéanann fotheidealóirí a dtrascríobh, áfach.

Dá bhrí sin, má bhíonn fonn ormsa na fotheidil Ghaeilge a chur ar siúl agus mé ag breathnú ar sheanmhír chartlainne de chuid Ros na Rún, is gearr go bhfeicfidh mé ‘máistreacht’ an Chaighdeáin ag cur a ladair sa scéal arís.

San áit a mbeadh leithéidí Dhiarmuid Mhic an Adhastair, trócaire air, nó Niall Mac Eachmharcaigh, le cloisteáil ag rá ‘Níor dhúirt’, bíonn ar an bhfotheidealóir ‘Ní dúirt’ a scríobh sa bhfotheideal Gaeilge, ainneoin gurb í an chaint bheo atá i gceist agus gur le cúige eile a bhaineann an fhoirm sin den bhriathar. 

Éacht a bhí sa Chaighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh, agus is iomaí buntáiste a bhaineann leis, ach b’olc an mhaise dúinn an braoinín atá fágtha sa tobar a thaoscadh. Níor mhiste, dá réir, beagán solúbthachta a bheith ann i dtaobh na gceisteanna seo thuas, nó is í an chuid deiridh de Ghaeilge na Gaeltachta – idir labhairt, léamh agus scríobh – a bheidh thíos leis.

Gan tobar le tarraingt air ná as a fhágfar ansin muid.

Sin é an gad is gaire – nó is giorra – don scornach.

Fág freagra ar 'Má ghéilltear rómhór don Chaighdeán an chuid deiridh de Ghaeilge na Gaeltachta a bheidh thíos leis'

  • Carraig

    an ainm (bain); an mí (fir); an dlí (bain)….Corca Dhuibhne

  • An Chanúint Oifigiúil

    Níor dhúirt:
    ‘Níor úirt’ a d’fheilfeadh sa gcás a luaigh tú. Níor chuala mé ‘níor dhúirt’ ariú i gConamara. Déarfaí ‘níor úirt’, ‘gur úirt’ agus ‘nár úirt’. ‘Sé is éasca a rá agus a scríobh.

  • Sibéal

    “Boudu” a deirtear i dToulouse ach sa gcaighdeán is “Bon Dieu” a scríobhtar. Ní mór leaganacha caighdeánacha scríofa a bheith againn a fhad is go bhfuil go bhfuil cead leithéidí “níor úirt” a bheith i ndrámaí etc.

    An bhfuil cath na gcanúintí le tosú arís? Rud diúltach amach is amach.

  • Seán Ó Riain

    Ceadaigh “ná fuil”!!