Luíonn sé le réasún go dteastaíonn margadh leis an AE ó Rishi Sunak

An bhfuil Príomh-Aire na Breataine sách seiftiúil cliste chun a chur ina luí ar an ERG agus an DUP gurb é a leas é glacadh le prótacal nach gcuirfidh isteach ar thrádáil idir an Bhreatain Mhór agus an Tuaisceart?

Luíonn sé le réasún go dteastaíonn margadh leis an AE ó Rishi Sunak

Tá na scéalta faoi dhul chun cinn san idirbheartaíocht faoin bprótacal iarBhreatimeachta ag teacht go tiubh. Is léir go bhfuil cuid de na deacrachtaí is inréitithe á bhfuascailt ach ní hé gach duine atá sásta. Beidh socrú polaitiúil níos dúshlánaí. An sásófar an DUP? An mionghrúpa sna Tóraithe, an ERG? Agus má thugann an dá dhream sin an t-eiteachas do mhargadh céard a dhéanfaidh Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak?

Bhí a fhios le fada gurb iad na fadhbanna trádála ab fhusa le cur ina gceart. Bhí an dá thaobh ag caint ar lána glas agus lána dearg, nó lána luais agus gnáthlána. Tá an prionsabail aontaithe anois: earraí le haghaidh úsáide i dTuaisceart Éireann a bheith saor ó sheiceáil chustaim rialta ach iad sin a bheadh á seoladh ó dheas le seiceáil chun a chinntiú nach sárófar caighdeáin mhargadh singil an Aontais Eorpaigh. Níl na mionsonraí ar fad aontaithe go fóill, dar le Maroš Šefčovič, leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ach bhí an tAontas Eorpach in ann an méid sin a cheadú i bhfianaise na gcinntí a rinne an Ríocht Aontaithe le déanaí.

I dtosach ghlac Londain freagracht as ionaid sheiceála chustaim a thógáil ag calafoirt i dTuaisceart Éireann; b’in barántas go gcuirfí an prótacal i bhfeidhm, cibé leagan de a d’aontófaí. Ó shin d’aontaigh an Bhreatain bunachar sonraí faoi earraí atá á seachadadh ón mBreatain Mhór a sholáthar don AE ‘i bhfíor-am’, is é sin nuair atá na hearraí á seoladh. Tabharfaidh sé sin deis d’oifigigh chustaim na sonraí a scrúdú le bheith san airdeall d’aon mhírialtacht. Bhí na sonraí sin á n-éileamh ag an AE le fada agus comhartha dea-thola ó rialtas Sunak ab ea an cinneadh iad a thabhairt ar láimh.

Luíonn sé le réasún go dteastaíonn margadh leis an AE ó Sunak. I bhfianaise a bhfuil d’fhadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta i Sasana sa mhullach ar an dúshlán idirnáisiúnta ó ionradh na Rúise ar an Úcráin tuige a mbeadh aon Phríomh-Aire ag iarraidh cogadh trádála leis an margadh is mó sa Mhór-Roinn. An í an idirbheartaíocht leis an AE an chuid is éasca den ghnó do Sunak, áfach?

Cúig lá sular dearbhaíodh go raibh dul chun cinn déanta faoi lána glas agus lána dearg, nuair a bhí an t-aer beo le ráflaí go rabhthas ag druidim le réiteach, thug Jeffrey Donaldson, feisirí eile an DUP agus dornán cairde leo, rabhadh do Sunak. Ar an 1 Feabhra chláraigh siad rún luathlae (early day motion) sa Pharlaimint in Westminster.

Shínigh baill an DUP agus Jacob Rees Mogg, David Jones agus ionadaithe eile ón ERG, an brúghrúpa Caomhach an rún. Is féidir é a léamh anseo. Go bunúsach ba é a chuspóir an cinneadh go dtógfaí na hionaid chustaim a chur ar ceal. Ní phléitear rún luathlae de ghnáth ach is foláireamh é. Ar an la céanna, an 1 Feabhra, sheol Ian Paisley, feisire de chuid an DUP, Jamie Bryson, dílseoir, agus feachtasóirí aontachtacha eile litir chuig Aire Thuaisceart Éireann Steve Baker ag tathant air diúltú don bprótacal.

Cluineadh ó shin go raibh lucht tacaíochta an Phríomh-Aire ag iarraidh an chluain a chur ar an ERG ach dúradh freisin go raibh brú inmheánach ar bhaill cloí leis na haontachtaithe. Níl an ERG chomh haontaithe is a bhí le linn réimeas Boris Johnson ach nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil lucht tacaíochta Liz Truss agus Johnson naimhdeach do Sunak ní haon ribín réidh é móramh ina pháirtí féin a bhreith leis.

Maidir leis an DUP, níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil an páirtí ag féachaint le bealach éalaithe a fháil as an ngaiste ina bhfuil siad lena mbaghcat ar Stormont. Chuir Ian Paisley racht uaidh go léiríonn na leasuithe atá ceadaithe ag an AE go bhfuil feidhm le teaictic an DUP. Mhol sé gur cheart cos a chur i dtaca fós le go gcealófaí an prótacal scun scan. Níor léir ar chreid sé é sin nó an ag tabhairt rabhaidh a bhí sé d’éinne san DUP a bheadh ag smaoineamh ar fhilleadh ar Stormont.

An bhfuil Sunak sách seiftiúil, cliste chun a chur ina luí ar an ERG, ní áirím an DUP, gurb é a leas é glacadh le prótacal nach gcuirfidh isteach ar thrádáil idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann? Is beag cumas chun na heasaontóirí iomadúla sna Tóraithe a mhealladh nó a cheansú atá léirithe aige go dtí seo.

Má leantar ag déanamh dul chun cinn sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAE is gearr go mbeidh ar Rishi Sunak, an cúigiú Príomh-Aire ó reifreann an Bhreatimeachta beart cinniúnach a dhéanamh. Is í an cheist an mbeidh sé in ann chuige.

Fág freagra ar 'Luíonn sé le réasún go dteastaíonn margadh leis an AE ó Rishi Sunak'

  • Frank Keany

    Tá brú ón taobh amuigh de dhíth anseo. Ní féidir le Sunak an fhadhb a fhuascailt leis féin. Tá sé ró lag agus faoi smacht ag a naimhde ina pháirtí féin. Tá comhaontú trádála leis na Stáit Aontaithe riachtanach ag an Bhreatain agus í ar imeall na hEorpa anois tar éis an Bhreatimeachta. B’fhiú do Sunak, Rialtas na hÉireann nó duine de na ceannairí Náisiúnacha, scairt a chur ar Joe Biden chun a thionchar a imirt. Dá mbeadh idir mhealladh agus bhagairt á úsáid ní bheadh réiteach i bhfad ag teacht.

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Arís eile an Pictiúr mór dearmadtha mar is gnáth !!!

    Ag dul i dtreo Éire Aontaithe a bheas muid agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach, ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Phoblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bhuel, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na hAontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós ( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.

    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Cime Poblachtach(Saor anois agus cead mo chinn agam)
    sa Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************