Luimneach tagtha slán ó chath fíochmhar in aghaidh na Gaillimhe

Bhí taispeántas an ionadaí David Reidy cinniúnach i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna nuair a fuair Luimneach an ceann is fearr ar Ghaillimh faoi dheireadh

Luimneach tagtha slán ó chath fíochmhar in aghaidh na Gaillimhe

David Burke agus Darragh O'Donovan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Luimneach 0-27 Gaillimh 1-21

Tá an seans ag iománaithe Luimnigh Craobh na hÉireann a bhaint den tríú bliain as a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais iontach i bPáirc an Chrócaigh.

Measadh roimh an gcluiche nach raibh seans dá laghad ag na Gaillimhigh ach bhréagnaigh siad an tuairim sin le taispeántas iontach agus thug siad dúshlán ceart do Luimneach arís. Trí phointe a bhí idir na foirne ach ní raibh seaimpíní na hÉireann cinnte dá n-áit sa chluiche ceannais go dtí an deireadh.
Thuirsigh Gaillimh i dtreo dheireadh na himeartha agus bhuail easpa cruinnis arís nuair a chuir Fintan Burke, Tom Monaghan agus Evan Niland seansanna amú in am cúitimh.

Ar an taobh eile den scéal, léirigh fir Luimnigh a gcumas agus an mianach atá iontu nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá. Nuair a teilgeadh an sliotar isteach i dtreo thosaithe na Gaillimhe trí huaire sna nóiméid dheireanacha sin, tháinig Mike Casey, Seán Finn agus Declan Hannon amach agus seilbh na liathróide nuair ba ghá léi chun Luimneach a spreagadh agus an ghaoth a bhaint de sheolta na Gaillimhe.

Níor bhuail aon scaoll curaidh na hÉireann agus cé scaip galar an mhíchruinnis chuig Luimneach freisin sa dara leath, rinne siad an beart nuair a bhí an crú ar an tairne. Tháinig Cian Lynch chun páirce 20 nóiméad isteach sa dara leath ach ionadaí eile a bhí cinniúnach i mbua Luimnigh. Bhí na foirne ar comhscór nuair a tháinig David Reidy isteach théis 61 nóiméad agus seans nach mbeadh an cluiche buaite ag a fhoireann gan é. Trí phointe a fuair sé agus é i gcónaí san áit cheart chun seilbh an tsliotair a fháil.

Bhí Gaillimh an-mhaith sa dara leath ach beidh aiféala orthu maidir le líon na ndeiseanna a chur siad amú sa chluiche. 19 d’iarrachtaí a chur na Gaillimhigh ar fóraoil, 12 acusan  sa chéad leath.

Chuir Gaillimh tús iontach leis an lá agus iad chun cinn théis 30 soicind a bhuíochas de phointe ó Tom Monaghan, a raibh an-chluiche aige, ach bhí droch-chuma ar chúrsaí dóibh ina dhiaidh sin nuair a fuair Luimneach ceannas ar an imirt. Sé phointe as a chéile a fuair seaimpíní na hÉireann agus scóranna den scoth faighte ag Aaron Gillane agus Séamus Flanagan.

Bhí Aaron Gillane ar fheabhas ar fad. Bhí duine de na cosantóirí is fearr sa tír á mharcáil ach ní raibh Daithí Burke in ann tada a dhéanamh chun fear Thobar Phádraig a stopadh. Agus líne leathchúil na Gaillimhe brúite suas an pháirc, bhí a lán spáis fágtha os comhair Gillane, spás ar bhain sé leas as.

Mar sin féin, shocraigh na Gaillimhigh isteach sa chluiche leath bealaigh tríd an gcéad leath. Bhí Gaillimh ag fáil an ceann is fearr ar líne leatosaithe Luimnigh agus bhí ag éirí níos fearr le Burke, Darren Morrissey agus Jack Grealish sa líne lánchúil freisin. Tar éis do Tom Monaghan, Conor Cooney, Pádraic agus Cathal Mannion pointí a fháil, ní raibh Gaillimh ach pointe chun deiridh théis 30 nóiméad.

Chríochnaigh Luimneach an chéad leath go láidir le trí phointe as a chéile ach bhí an bhearna sin imithe dhá nóiméad istigh sa dara leath. D’aimsigh Cathal Mannion an chéad scór agus bháigh Brian Concannon cúl iontach nóiméad ina dhiaidh sin tar éis dó pas fada a fháil ó David Burke.

Chuir Joseph Cooney Gaillimh chun tosaigh théis 43 nóiméad ach dhúisigh Luimneach ina dhiaidh sin. D’aimsigh Diarmuid Byrnes dhá bhuille saor chun Luimneach a chur chun tosaigh arís.

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí na foirne  buille ar bhuille don chéad 20 nóiméad eile agus iad ar comhscór seacht n-uaire le linn na tréimhse sin. Nuair a chuaigh Luimneach chun tosaigh, bhí freagra ag Gaillimh orthu agus b’amhlaidh an cás an cúpla uair gur éirigh le Gaillimh dul chun cinn. Baineadh Gearóid Hegarty, Tom Morrissey agus Séamus Flanagan den pháirc agus srian curtha orthu ag Gaillimh ach sheas taithí Luimnigh dóibh.

Ba cheart go dtabharfadh an taispeántas an-mhisneach do Henry Shefflin agus a chuid imreoirí ach goillfidh sé orthu freisin nár éirigh leo Luimneach a chloí nuair a bhí an deis ann. Cá bhfios cathain a thiocfaidh seans chomh maith sin chucu?

Cluiche iontach a bhí ann do Luimneach agus iad anois ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh. Bhí an neart agus an díograis  a léirigh Gaillimh le feiceáil in imirt na gCat in aghaidh an Chláir inné agus, le Cian Lynch agus Peter Casey, ag teacht chucu féin, beidh seans iontach acu ar a dtríú craobh as a chéile.

Luimneach: N Quaid; S Finn, M Casey, B Nash (0-1); D Byrnes (0-6 ó phocanna saora), D Hannon (0-1), D Morrissey; W O’Donoghue (0-1), D O’Donovan; G Hegarty (0-1), K Hayes (0-3), T Morrissey (0-1); A Gillane (0-8, 0-2 ó phocanna saora), S Flanagan (0-2), G Mulcahy. Fir Ionaid: P Casey in áit Mulcahy (55 nóim), C Lynch in áit T Morrissey (56 nóim), D Reidy (0-3) in áit O’Donovan (60 nóim), C O’Neill in áit Hegarty (62 nóim), C Boylan in áit S Flanagan (66 nóim),

Gaillimh: E Murphy; J Grealish, Daithí Burke, D Morrissey; J Cooney (0-1), P Mannion (0-2, 0-1 ó phoc saor), F Burke (0-1); David Burke, R Glennon (0-2); J Flynn, C Cooney (0-5, 0-4 ó phocanna saora), T Monaghan (0-4); C Whelan (0-2), B Concannon (1-0), C Mannion (0-3). Fir Ionaid: C Fahy in áit Flynn (52 nóim), J Coen in áit Glennon (63 nóim), E Niland in áit David Burke (66 nóim), K Cooney in áit C Cooney (70+4 nóim).

Réiteoir: Thomas Walsh.

Fág freagra ar 'Luimneach tagtha slán ó chath fíochmhar in aghaidh na Gaillimhe'