Luimneach láidir a ndóthain leis na Cait a choinneáil faoi chois

Beidh ar Chill Chainnigh leagan orthu féin ceart críochnaithe tráthnóna mar is mór atá idir Luimneach agus Corcaigh

Luimneach láidir a ndóthain leis na Cait a choinneáil faoi chois

Tom Morrissey. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Luimneach v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 6.00pm (Beo ar RTÉ)

Tá taithí dhochreidte ag Brian Cody ar chluichí leathcheannais a bhuachan. Gan cluiche an lae inniu a bhac, bhain Cill Chainnigh an babhta leathcheannais amach ag 18 uair agus iad faoi cheannas Cody agus níl ach péire acu sin caillte acu, in aghaidh na Gaillimhe in 2001 agus in 2005.

Ní hí an fhoireann seo an ceann is fearr a bhí ag Cody sa 20 bliain atá caite aige i gceannas ar an gcontae ach léiriú ar dhraíocht an bhainisteora go bhfuil siad fós san iomaíocht ag an tráth seo.

In aghaidh Chorcaí sa chluiche ceathrú ceannais, thug Cill Chainnigh ceann de na taispeántas ab fhearr a thug siad le cúpla bliain anuas. Bhí siad go mór faoi bhrú ar feadh tréimhsí sa chéad leath ach i ndiaidh leath ama, ní raibh Corcaigh in ann acu.

Bíonn uaireanta ann go mbíonn Cill Chainnigh ag brath rómhór ar TJ Reid chun scóranna a aimsiú ach i gcoinne Chorcaí, rinne leithéidí John Donnelly, Walter Walsh, Billy Ryan agus Bill an t-aicsean. Mar ionadaithe a tháinig Walsh, Ryan agus Sheehan isteach ach bhí an-tionchar acu ar theacht aniar na gCat.

Beidh orthu leagan orthu féin ceart críochnaithe tráthnóna mar is mór atá idir Luimneach agus Corcaigh. Cé gur thuill Cill Chainnigh moladh go leor as an dúrúch oibre a bhí orthu i gcoinne Chorcaí agus as saothar na n-ionadaithe, caithfear cuimhneamh gurb iad Luimneach na máistrí sna gnéithe sin den imirt.

B’in a d’fhág rath ar an bhfoireann anuraidh agus níl aon lagan orthu i mbliana. Bhí siad beagnach gan locht i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan an mhí seo caite. Is fíor gur thóg sé tamaillín orthu teacht isteach ar an imirt ach chomh luath agus a tháinig, ní raibh Tiobraid Árann in ann acu in aon chor.

Ní ar aon imreoir amháin a bhíonn foireann John Kiely ag brath chun iad a spreagadh ach tá an obair a dhéanann siad lár na páirce thar a bheith tábhachtach.

Oibríonn Gearóid Hegarty, Diarmuid Byrnes, William O’Donoghue agus a leithéidí iontach crua sa chuid sin den pháirc agus is minic leo an freasúra a phlúchadh.

Mar sin cé gur léirigh Cill Chainnigh an mianach chun catha atá iontu sa chluiche in aghaidh Chorcaí, beidh sé i bhfad níos deacra acu inniu.

Chomh maith leis sin tá an líne lánchúil is fearr sa tír ag Luimneach faoi láthair agus má éiríonn le Cill Chainnigh teacht slán as an gcath sin i lár na páirce, ní bhfaighidh siad tada éasca ó Sheán Finn, Mike Casey nó Richie English.

Idir Aaron Gillane, Graeme Mulcahy agus Peter Casey, a bhí ar fheabhas i gcluiche ceannais na Mumhan, tá líne lántosach Luimnigh an-ábalta scóranna a fháil, cé nár mhór don fhoireann uile a bheith beagáinín níos cruinne ná mar a bhí siad in aghaidh Thiobraid Árann, cluiche inar chuir siad 17 iarracht amú.

Ní bheidh aon fhaitíos ar Luimneach roimh a gcéilí comhraic ach an oiread. Thug a mbua i gcoinne Chill Chainnigh i gcraobh na bliana seo caite an-mhisneach dóibh agus bhuaigh siad orthu arís sa tsraith ag tús na bliana seo.

Is maith a thuigeann John Kiely nach mbíonn ina aon rud ach seal ach ba cheart go mbeadh Luimneach in ann bua amháin eile a fháil ar na Cait.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Fág freagra ar 'Luimneach láidir a ndóthain leis na Cait a choinneáil faoi chois'