Luimneach agus Gaillimh ag neartú ar na maidí don samhradh

Lá mór iomána eile atá romhainn tráthnóna agus coimhlintí móra ann idir Corcaigh agus Luimneach agus Gaillimh agus Loch Garman

Imreoir na Gaillimhe, Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Corcaigh v Luimneach – Páirc Uí Chaoimh, 7.00i.n.

Tabharfar deis eile dúinn anocht scagadh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag Luimneach nuair a chasfaidh siad féin agus Corcaigh ar a chéile sa chraobh den chéad uair ó chluiche ceannais na Mumhan 2014.

Chuaigh imirt Luimnigh i gcion ar go leor daoine sa tsraith ach measadh go mbeadh rudaí níos deacra orthu sa chraobh. Níor thug foireann John Kiely mórán airde ar an tuairim sin, áfach, agus thug siad greadadh do Thiobraid Árann sa chéad bhabhta de chraobh na Mumhan. Sé phointe a bhí eatarthu ar chlár na scór ach níorbh aon léiriú cruinn é sin ar scéal an chluiche ina raibh an lámh in uachtar ag Luimneach ar feadh breis is 70 nóiméad.

Tar éis dóibh deireadh seachtaine a bheith saor acu an tseachtain seo caite, imreoidh Luimneach in aghaidh Chorcaí anocht agus iad ag iarraidh iad ag iarraidh tógáil ar an obair mhaith atá déanta acu go dtí seo.

Is iad Corcaigh atá ar bharr an tábla i gCraobh na Mumhan faoi láthair agus trí phointe ach bheidís níos faide chun tosaigh murach gur lig siad Tiobraid Árann ar ais sa chluiche Dé Domhnaigh seo caite. Naoi bpointe chun cinn a bhí na Corcaígh ag leath ama ach bhí Tiobraid Árann gob ar ghob leo faoin am a chríochnaigh an imirt.

Thabharfadh bua sa chluiche sin an-spreagadh d’fhoireann Chorcaí ach mar gheall gur lig siad uisce isteach an tseachtain seo caite agus mar gheall go bhfuil siad ag imirt den tríú deireadh seachtaine as a chéile, tá an baol ann go gcuirfeadh an tuirse as dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Cian Lynch agus David Dempsey. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Loch Garman v Gaillimh – Páirc Loch Garman, 5.00i.n.

Bhí orainn fanacht go dtí go dtí deireadh mhí na Bealtaine ach Dé Domhnaigh seo caite léirigh iománaithe na Gaillimhe cén fáth gurb iad rogha na n-údar chun Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana. Curaidh na sraithe, Cill Chainnigh, a bhí rompu Staid an Phiarsaigh agus cé go raibh ocht bpointe idir na foirne ag deireadh an lae, ba cheart go mbeadh farasbarr níos mó fós ag na Gaillimhigh.

Ní raibh lánchúlaí na Gaillimhe, Daithí Burke, ar fáil don chuid is mó den tsraith ó bhí sé gafa le Cora Finne ach thaispeáin sé in aghaidh na gCat a thábhachtaí agus atá sé. Bhí sé féin agus Gearóid McInerney ar fheabhas i gcroílár na cosanta agus le Joe Canning agus Conor Cooney i mbarr a maitheasa i measc na dtosaithe, bhí an Ghaillimh róláidir ar fad do na Cait.

Rachaidh siad ó dheas go dtí Páirc Loch Garman tráthnóna agus súil acu an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Davy Fitzgerald. Bhuaigh Loch Garman orthu ar an bpáirc chéanna sa tsraith níos luaithe i mbliana, ach ní raibh an Ghaillimh tagtha chucu féin fós an uair sin.

Tá sé deacair an fhoireann baile a chloí i bPáirc Loch Garman ach tabharfaidh bua na seachtaine seo caite an-mhisneach do Ghaillimh agus aghaidh á tabhairt acu ar fhoireann atá ag imirt a dtríú cluiche le cúpla seachtain anuas.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Luimneach agus Gaillimh ag neartú ar na maidí don samhradh'