Lucht an Bhreatimeachta ag éirí buartha go mbeidh cara sa Teach Bán ag Éirinn

Tá imní Shasana faoina sheans ar mhargadh trádála speisialta iar-Bhreatimeachta le Meiriceá follasach ó fuair Joe Biden an ceann is fearr ar an Uachtarán Donald Trump

Lucht an Bhreatimeachta ag éirí buartha go mbeidh cara sa Teach Bán ag Éirinn

Soláthar bia ón mBreatain do Thuaisceart Éireann i gcontúirt. Rialtas na Breataine diongbháilte nach n-athródh sé na forálacha ina Bhille don Mhargadh Inmheánach a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta. Idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ag druidim le cnámh na huillinne. Agus cara sa gcúirt ag Éirinn san Teach Bán ón 20 Eanáir seo chugainn a chuirfidh cos i dtaca in aghaidh na Breataine má sháraíonn sí an conradh aistarraingthe ón AE nó Prótacal na hÉireann. Bhí imní Shasana faoina sheans ar mhargadh trádála speisialta iarBhreatimeachta le Meiriceá follasach ó fuair Joe Biden an ceann is fearr ar an Uachtarán Donald Trump.

Bhí cuid de lucht tacaíochta an Bhreatimeachta ag tabhairt rabhadh d’Uachtarán tofa Mheiriceá gan Éire a úsáid ‘mar arm troda’ in aghaidh na Breataine. Ba léir go rabhthas ag tabhairt aird i Londain ar theachtaireacht na nDaonlathach agus Joe Biden féin nach mbeadh seans ar mhargadh le Meiriceá dá gcuirfeadh

rialtas na Breataine agus Boris Johnson Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht.

Bhí na ceisteanna á múscailt go tiubh an tseachtain seo. Gach ceann acu íogair.

B’fhada lucht miondíolaíochta ag tabhairt foláirimh go mbeadh sé deacair na hearraí go léir a thugtar anoir go Tuaisceart Éireann faoi láthair a sholáthar nuair a thiocfadh Breatimeacht i réim i ndáiríre ar an 1 Eanáir mura ndéanfar margadh idir an Bhreatain agus an Bhruiséil. Níorbh iontas ar bith é gur ardaigh an Chéad-Aire agus leasChéad-Aire in Stormont, Arlene Foster an DUP agus Michelle O’Neill, Sinn Féin, an cheist leis an gCoimisiún Eorpach. Bhí iarrachtaí déanta le tamall anuas an cheist a fhuascailt sa choiste atá ag plé le mionsocruithe faoin bPrótacal. Tá práinn leis an obair seo.

Seacht seachtaine ó amárach beidh deireadh leis an tréimhse eatramhach ó d’fhág an Bhreatain an tAontas Eorpach. Mura ndéanfar u-chasadh aisteach i dtaca le síneadh ama, tiocfaidh na coinníollacha nua iarBhreatimeachta i bhfeidhm ansin. Tá idirbheartaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier agus a fhoireann i Londain an tseachtain seo ach maítear go bhfuil na cainteanna le David Frost agus foireann na Ríochta Aontaithe in abar.

Ba í an iascaireacht agus tacaíocht stáit do ghnólachtaí na príomhfhadhbanna ach bhí roinnt ceisteanna nach raibh fuascailte go críochnúil – iomaíocht bunaithe ar chomhchaighdeáin, rialachas agus córas chun fadhbanna a réiteach agus breithiúnas a thabhairt orthu.

Tá imní mhór abhus faoina bhfuil i ndán don Tuaisceart. Níl sa cheist faoin soláthar bia agus na hollmhargaí a mheasann go mbeadh socruithe custaim nua róthrioblóideach agus róchostasach ach ceann amháin de na hábhair atá ag dó na geirbe ag daoine. Ní léir go mbeidh infreastruchtúr custaim nua faoi réir in am. Tá lucht iompair fíorbhuartha faoin méid moille a chuirfear orthu ag taisteal chun na hEorpa agus ar ais tríd an mBreatain – an droichead talún mar a thugtar air. Agus tá aontachtaithe corraithe faoin ‘teorainn’ i Muir Éireann.

Beifear ag faire go géar ar chur chuige an réimis nua-thofa i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Oíche Dé Luain ar nuacht Channel 4, dúirt an feisire Brendan Boyle, ar de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill é, nach ndéanfadh Meiriceá margadh leis an mBreatain dá leanfaí le Bille an Mhargaidh Inmheánaigh.

Bhí seasamh fheisire Philadelphia ag teacht le geallúintí Joe Biden, Nancy Pelosi agus Richie Neal. Mhaígh urlabhraí do rialtas na Breataine nach mbraitheann margáil ar phearsantachtaí ach ar leas an dá pháirtí ach ba léir go raibh siad imníoch.

Bhí cur chuige an Uachtaráin tofa ag déanamh tinnis d’fhear eile arb as Éirinn a mhuintir ach a mhalairt de phort aige. In alt san Spectator, dúirt eagarthóir Spiked, Brendan O’Neill, a thacaíonn go tréan leis an mBreatimeacht, nach raibh i ndílseacht Joe Biden do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus d’Éirinn ach seift chun seanreacht a chur ar ais i réim – Meiriceá agus a chomhghuaillithe, an tAontas Eorpach.

Ba cheart do Biden éirí as Éire a úsáid mar arm chun Sráid Downing a ionsaí, ar sé. Ina theannta sin, dúirt sé gur cheart d’Éirinn stop a chur le lucht na cumhachta a bheith ag baint úsáid aisti. Cé nach raibh leisce ar bith air a chomhairle a thabhairt don Uachtarán tofa agus d’Éirinn, dúirt sé le Joe Biden gan a bheith ag iarraidh a ladar a chur i ngnóthaí na Breataine. Mhaígh sé gur gnó don Bhreatain féin é sin. Mór is fiú agus cúis gháire an aimsir bhrónach seo.

Le teacht an gheimhridh agus an dorchadas ag titim róluath, tá duairceas forleathan. Tá an aicíd ag treisiú arís in ionaid chúraim, i measc seandaoine leochaileacha agus oibrithe sláinte. Tá  ospidéil faoi bhrú agus obráidí curtha ar ceal, ina measc cóir leighis do dhaoine a bhfuil an ailse orthu. Anuas air sin, thug eagraíochtaí fáilteachais rabhadh go mbeadh suas le 18,000 post i mbaol i mbialanna agus tábhairní mura gcuirfí straitéis eacnamaíochta éifeachtach i bhfeidhm. Thug an scéal faoi fhorbairt ar vacsaín in aghaidh an Covid-19 uchtach do dhaoine, táthar ag súil go mbeidh rath ar an obair.

Fág freagra ar 'Lucht an Bhreatimeachta ag éirí buartha go mbeidh cara sa Teach Bán ag Éirinn'