Lúcás Wadding, Aodh Mór Ó Néill agus uaigheanna na dTaoiseach Ultach sa Róimh…

Agus comóradh an cheithre chéad ó tháinig Lúcás Wadding chun na Róimhe á cheiliúradh i mbliana againn, ní fearr rud a dhéanfaí ná plaic ina ómós a chur in airde i S. Pietro in Montorio…

Lúcás Wadding, Aodh Mór Ó Néill agus uaigheanna na dTaoiseach Ultach sa Róimh…

Is iad Elizabeth Fitzpatrick agus Fearghus Ó Fearghail is mó a scríobh faoi thuamaí na dTaoiseach Ultach sa Róimh le blianta beaga anuas.

Díol suntais leo beirt an chodarsnacht idir na hinscríbhinní maorga ar leaca na bprionsaí eile agus an abairt lom ghonta amháin ar leac Aodha Mhóir Uí Néill. Bhí an bheirt scoláirí den tuairim gurbh é an Proinsiasach Lúcás Wadding a raibh cónaí air i S. Pietro in Montorio ó 1619-1625 a réitigh an inscríbhinn do leac Uí Néill. Níor mhiste an tuairim seo a iniúchadh tuilleadh.

Bhain Wadding an Róimh amach ar an 17 Nollaig 1618. Bhí sé ina chomhairleoir diagachta ag toscaireacht ríoga a sheol Pilib III na Spáinne chuig an Róimh chun tathant ar an bPápa Pól V an teagasc faoi Ghiniúint Mhuire gan Smál a shainmhíniú go foirmeálta.

Bhí baill na toscaireachta ag cur fúthu i bpálás an chairdinéil Gabriel Trejo, deartháir an té a bhí gceannas na toscaireachta. Agus é míshuaimhneach i dtimpeallacht shómasach an pháláis, níorbh fhada gur aistrigh Wadding go mainistir na bProinsiasach Spáinneach, S. Pietro in Montorio.

Cé nár éirigh leis an toscaireacht ríoga dul i bhfeidhm ar an bpápa, bhí sé i ndán do Wadding an chuid eile dá shaol a chaitheamh sa Róimh agus gaisce a dhéanamh ar son na heaglaise, ar son na bProinsiasach agus ar son na hÉireann. Sa bhliain 1619 chuir ginearál na bProinsiasach de chúram air stair an oird a scríobh, ollsaothar a foilsíodh in ocht n-imleabhar fóilió idir 1625 agus 1654.

Díol spéise an méid a bhí le rá ag Wadding faoi San Pietro in Montorio in imleabhar a scríobh sé a foilsíodh i Lyons sa bhliain 1648.

Go luath sa chuntas preabann Wadding ar aghaidh ón mbliain a bunaíodh an mhainistir 1472 go dtí a ré féin. Cuireann sé in iúl don léitheoir go bhfuil roinnt cairdinéal agus roinnt prionsaí adhlactha faoi urlár an tséipéil agus go bhfuil sé ar intinn aige na hinscríbhinní a phriontáil ar eagla go rachadh na daoine iomráiteacha seo ó chuimhne na ndaoine.

Cúigear cairdinéal agus ceathrar prionsaí ar fad a thugann sé. Is iad na prionsaí na taoisigh Ultacha agus ba dhóigh le duine gurbh iad na prionsaí Ultacha an chloch ba mhó ar phaidrín Wadding agus nach bhfuil sna cairdinéil ach leithscéal chun crot na hoibiachtúlachta a chur ar a chuid scríbhneoireachta.

Tá ceathrar de na cairdinéil adhlactha in dhá thaobhshéipéal mhaorga ar gach taobh den phríomh-altóir. Ar éigean a d’imeodh an ceathrar sin as cuimhne an phobail.

Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach cairdinéal amháin fágtha de chúigear Wadding, an Cairdinéal Domenico Toschi (1599-1620), cairdinéal coimirceora S. Pietro in Montorio, an t-aon duine amháin den chúigear a bhí beo nuair a tháinig na taoisigh Ultacha chun na Róimhe. Ní raibh sé ach dhá vóta gann ón móramh cuí nuair a toghadh Pól V ina phápa sa bhliain 1605. Murach an dá vóta sin, ba é Toschi a chuirfeadh fáilte roimh Aodh Ó Néill chun na Róimhe sa bhliain 1608.

Is cinnte nach ndeachaigh an íoróin seo amú ar Wadding. Murab ionann is na séadchomharthaí taibhseacha atá ag an gceathrar eile, níl ag Toschi ach leac lom agus an inscríbhinn shimplí seo a leanas greanta air: 1620 cnámha an Tiarna Cairdinéal Toschi.

Má thugaimid aghaidh anois ar na taoisigh Ultacha, díol spéise nárbh fhiú le Wadding uaigh Eugene Matthews/Eoghain Mhic Mhathúna a lua chor ar bith. Ní raibh ann ach ardeaspag Bhaile Átha Cliath, déanta na fírinne, bíodh go raibh sé ina thacadóir agus ina fhear gaoil ag Aodh Ó Néill. Níor spéis le Wadding ach prionsaí eaglaise is stáit. Deir sé go bhfuil Aodh Ó Néill curtha in urlár an tséipéil in aice le taobhshéipéal an Tuama Naofa. Ansin tagann an inscríbhinn:

D.OM. Hvgonis Magni Onelli Principis/Comitis Tyroniae Ossa.

Do Dhia, an té is fearr agus is mó. Cnámha an Phrionsa Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain.

An rud is spéisiúla faoi seo go bhfuil sé difriúil cuid mhaith ón inscríbhinn a thugann Gasparo Alveri in Roma in ogni stato (1664): D.O.M Hugonis Principis Onelli ossa. (Cnámha an Phrionsa Aodh Ó Néill.)

Rud eile le cur san áireamh go dtagann inscríbhinn Wadding leis an gcur síos ar Aodh Mór Ó Néill a greanadh ar leac a mhic, Aodh, Barún Dhún Geanainn a bhásaigh ar an 24 Meán Fómhair 1609: Hugonis magni Onelli Principis, et Comitus Tyroniae primogenito.

Is é is dóichí ná a mhalairt gur mar sin ab áil le hAodh Mór Ó Néill go dtagrófaí dó féin. Táimid fágtha le dhá inscríbhinn, ceann ón mbliain 1648 agus ceann ón mbliain 1664.

Ós rud é gur cailleadh an bhunleac de bharr an réabtha a rinneadh ar S. Pietro in Montorio ag deireadh an ochtú haois déag bhí ar shaineolaithe na linne seo brath ar fhianaise Alveri.

Ach caithfear tús áite anois a thabhairt d’fhianaise Wadding. Tá fianaise Wadding níos túisce, bhí cur amach den scoth aige ar an áit, staraí scrupallach a bhí ann agus é iontach báúil le cás a thíre dúchais.

Agus comóradh an cheithre chéad ó tháinig Wadding chun na Róimhe á cheiliúradh i mbliana againn, ní fearr rud a dhéanfaí ná plaic ina ómós a chur in airde i S. Pietro in Montorio.

Ach leas a bhaint as an inscríbhinn a chum sé d’Aodh Mór Ó Néill, thabharfaí aitheantas do Wadding an t-annálaí agus a cheart d’Aodh Mór freisin.

Fág freagra ar 'Lúcás Wadding, Aodh Mór Ó Néill agus uaigheanna na dTaoiseach Ultach sa Róimh…'