Luath nó mall, caithfidh Truss na ceisteanna móra faoin Tuaisceart a fhreagairt

Is léir le sé bliana nach dtagann cosaint na déabhlóide i dTuaisceart Éireann idir na Caomhaigh agus codladh na hoíche

Luath nó mall, caithfidh Truss na ceisteanna móra faoin Tuaisceart a fhreagairt

Liosta le háireamh iad na ceisteanna atá ag pobal Thuaisceart Éireann faoi chur chuige rialtas an Phríomh-Aire Liz Truss. Tá daoine imníoch ar iliomad cúiseanna agus soiléire ag teastáil go géar. Bhí an rialtas nua ina thost le linn na tréimhse mairgní oifigiúla a lean bás na Banríona Eilís a Dó ach beifear ag súil le fógraí agus cinntí tábhachtacha gan mhoill.

Tá dúshláin mhóra le sárú ag an bPríomh-Aire Truss, an ceathrú príomh-aire coimeádach le sé bliana anuas, an treas Príomh-Aire atá tiomanta do Bhreatimeacht crua. Ar na rudaí atá ag goilliúint ar an Ríocht Aontaithe fré chéile, tá costas fuinnimh, méadú ar an gcostas maireachtála, boilsciú, stailceanna, titim as a chéile na seirbhíse sláinte náisiúnta, an ganntanas oibrithe in earnálacha áirithe agus an cogadh san Eoraip tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ina dteannta sin, tá go leor deacrachtaí ar leith i dTuaisceart Éireann. Ina measc tá an Prótacal agus éifeacht an Bhreatimeachta, pairilis Stormont i ngeall ar bhaghcat an DUP mar agóid in aghaidh an Phrótacail, an ghuagacht faoi phlean na dTóraithe i leith oidhreacht na dTrioblóidí agus an t-amhras faoi rún na gCaomhach i leith an Choinbhinsiúin um Chearta an Duine.

N’fheadar ar bhuntáiste nó a mhalairt é an briseadh ó obair Pharlaiminte don bPríomh-Aire Truss. Le linn laethanta an dobróin bhí deis chainte aici ag cruinnithe neamhfhoirmeálta le ceannairí eile, an Taoiseach san áireamh. Comhartha sóirt ar an tábhacht a bhain le comhráite le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden agus Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula Von der Leyen ab ea an cinneadh go reáchtálfaí iad ar bhonn oifigiúil i Nua-Eabhrac, mar a mbeidís ag freastal ar chruinniú na Náisiún Aontaithe.

Bhí Truss ionsaitheach, trodach faoin bprótacal iarBhreatimeachta sular bhain sí an phríomh-aireacht amach agus ba í a bhí freagrach as an mBille a bhainfeadh na putóga as an bprótacal. Bhí daoine ag súil, ach gan aon ró-dhóchas acu, go n-athródh sí a port. Is le cabhair an ERG, an grúpa sa pháirtí Caomhach a éilíonn an scaradh is déine ar fad ón Aontas Eorpach, a bhain sí ceannaireacht an pháirtí agus príomh-aireacht na Ríochta Aontaithe amach. An mbeidh ceangal na gcúig gcaol acu uirthi nó an léir di an gá le margadh agus dea-chaidreamh idirnáisiúnta?

Maíodh i ndiaidh an chomhrá idir í féin agus an Taoiseach Micheál Martin Dé Domhnaigh gur mhó a dúil i gcomhréiteach ná clampar leis an Aontas Eorpach. I bhfianaise na bhfadhbanna eacnamaíochta atá le sárú aici an dteastódh cogadh trádála leis an AE uaithi? Tá sé ráite go neamhbhalbh ag lucht Washington, an tUachtarán Biden san áireamh, nach bhfaighidh an Bhreatain margadh le Stáit Aontaithe Mheiriceá má dhéanann siad dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta (má chothaíonn Breatimeacht fadhbanna trádála agus slándála trasteorann).

Tá tábhacht thar na bearta le leagan amach an Phríomh-Aire nua ar na ceisteanna sin do Thuaisceart Éireann. Níl éinne ag déanamh talamh slán de gur comhréiteach a roghnóidh sí. Níor léirigh sí mórán suime i dtuairimí an mhóraimh a bhí in éadan an Bhreatimeachta agus a ghlacann leis an bprótacal mar sciath chosanta in aghaidh an damáiste. Ar dhá chuairt níos luaithe sa bhliain is le hionadaithe aontachtacha agus dílseacha a bhuail sí maille le hurlabhraí gnó atá in aghaidh an phrótacail.

Deir Truss gur cuid dá tír é Tuaisceart Éireann. Más mian léi é a choinneáil san Ríocht Aontaithe caithfidh sí éisteacht a thabhairt do dhaoine seachas lucht an fheachtais fhrithphrótacail. Tá an DUP ag súil go seasfaidh sí leo ach ní foláir nó go bhfuil siad neirbhíseach. Is minic cheana a d’athraigh sí a hintinn.

Is cosúil go bhfuil an Státrúnaí Heaton-Harris ag cur brú ar Jeffrey Donaldson filleadh ar Stormont, é ag rá go ngairfidh sé toghchán Tionóil mura mbíonn an Feidhmeannas i mbun gnóthaí faoin 28 Deireadh Fómhair. De réir dlí titfidh an ‘meath-fheidhmeannas’ ar an dáta sin. D’fhágfadh sé sin páirtithe ag tabhairt aghaidh ar thoghchán i ndúluachair na bliana. Níos measa, i gcás an DUP, is orthu a bheadh an milleán dá mbeadh daoine préachta leis an bhfuacht agus ocrach d’uireasa cibé cabhair éigeandála a thabharfadh Stormont dóibh.

Is léir le sé bliana nach dtagann cosaint na déabhlóide i dTuaisceart Éireann idir na Caomhaigh agus codladh na hoíche. An mbrisfidh Truss an nós?

Beidh deis aici sna seachtainí seo romhainn beart críonna a dhéanamh.

Comhréiteach an t-aon fhreagra a rachadh chun sochair Thuaisceart Éireann – rochtain ar dhá mhargadh go sábháilte ach an tseiceáil is déine agus is amaidí a bheith cealaithe. Cé is moite de dhornán antoisceach d’fhéadfadh gach dream glacadh leis sin. Bheadh beagán buaite agus beagán caillte acu go léir. Níl de dhíth ach idirbheartaíocht i ndáiríre.

Fág freagra ar 'Luath nó mall, caithfidh Truss na ceisteanna móra faoin Tuaisceart a fhreagairt'

  • Seán Ó Súilleabháin

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***********************************************************************************

    ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe

    –Idir an dá linn ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe agus lucht na maoine —

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie Truss, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************

  • Fearn

    Seo an ceathrú PríomhAire Breataineach le sé mbliana anuas, agus níl an cuma uirthi go mbeidh sí buan. Más mór againn ceisteanna móra an Tuaiscirt ní hiad clocha móra Phaidrín an Bhreatainigh. Caithfear sop in ionad na scuaibe ina leith a mhaolódh an phráinn tamall sula mbuailfidh an chéad ghéirchéim eile soc rialtas na Breataine. Níl an port seo seinnte go fóill, monuar!

  • an Teanga Bheo

    Scrian ar chearta búnusach atá ann go ró mhinic