Luach €157 milliún ar an gcócaon sa ghabháil drugaí ‘is mó i stair an stáit’

Deir na Gardaí gur ó chairtéil i Meiriceá Theas a tháinig na drugaí a bhí ar an árthach a gabhadh amach ó chósta Chorcaí agus gur tháinig dronga coireachta eagraithe as Éirinn agus as an mBreatain le chéile chun na drugaí a leithroinnt

Luach €157 milliún ar an gcócaon sa ghabháil drugaí ‘is mó i stair an stáit’

Tá na húdaráis anois ag cur luach measta €157 milliún ar an lucht cócaoin a bhí ar an árthach a gabhadh inné amach ó chósta Chorcaí –  an ghabháil drugaí is mó i stair an stáit.

Tá cuardach na loinge lastais fós ar siúl ach meastar gur aimsíodh thart ar 2.2 tonna cócaoin ar bord an MV Matthew.

Thug an Coimisinéir Cúnta leis an nGarda Síochána, Justin Kelly,  le fios inniu gur ó chairtéil i Meiriceá Theas a tháinig na drugaí ar dtús agus gurb amhlaidh gur tháinig dronga coireachta eagraithe as Éirinn agus an Bhreatain le chéile chun na drugaí a roinnt agus a dháileadh.

Dúirt na Gardaí gurbh í an ghabháil drugaí is mó i stair an stáit.

An Coimisinéir Cúnta, Sam Boal/© RollingNews.ie

Bhí cuid den chriú a bhí ar bord an bháid ag iarraidh an lastas drugaí a dhó nuair a thuirling baill de Sciathán Scoth-Fhiannóglaigh na hÉireann ó héileacaptar de chuid an Aerchóir anuas ar deic ina mullach.

Tugadh an t-árthach isteach go dtí Calafort Chorcaí aréir agus tá fiosrúchán fós ar siúl ag An Garda Síochána faoin eachtra seo inar gabhadh an t-ualach is mó drugaí riamh sa tír seo.

Sáraíonn gabháil an lae inné an dá ualach drugaí is mó a gabhadh sa tír seo roimhe seo – péire a gabhadh amach ó chósta Chorcaí freisin agus a raibh thart ar 1.5 tonna drugaí i gceist iontu.

Bhí an t-árthach an MV Matthew cláraithe in Panama agus aréir, faoi thionlacan na bhfórsaí cosanta tugadh le cé i gCuan Chorcaí í agus feistíodh an long ag Pointe Marino mar a mbeidh cuardach agus scrúdú fóiréinseach á dhéanamh uirthi sna cúpla lá seo.

Bhí an cócaon i bhfolach ar rafta tarrthála ar an long lastais bulciompair a bhí cláraithe in Panama.

An mhí seo caite a d’fhág an long lastais, an M.V. Matthew, Meiriceá Theas agus a haghaidh ar an Eoraip agus tá súil á coinneáil uirthi ó shin ag an Garda Síochána agus an tSeirbhís Cabhlaigh mar chuid d’fhiosrúcháin idirnáisiúnta atá ar siúl faoi gháinneáil ar dhrugaí.

Creideann na húdaráis gurb amhlaidh go raibh socrú déanta go gcasfadh an long le trálaer amach ó chósta na tíre seo agus go gcuirfí na drugaí ar bhord an trálaeir ach chuaigh an trálaer i dtalamh amach ó chósta Loch Garman san oíche Dé Domhnaigh agus tá sé sáinnithe ar oitir ghainimh ansin ó shin. Tá an criú 25 duine á gceistiú ag na Gardaí. Tá triúr fear fós faoi choinneáil agus iad faoi amhras go raibh baint éigin acu le coireacht eagraithe.

 

Fág freagra ar 'Luach €157 milliún ar an gcócaon sa ghabháil drugaí ‘is mó i stair an stáit’'