Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge

Tá Liosta Leabhar an Fhómhair fógartha ag Love Leabhar Gaeilge - an feachtas margaíochta atá á eagrú ag Cumann na bhFoilsitheoirí i gcomhar le siopaí leabhar na tíre. Féach thíos an 17 leabhar atá ar liosta na míosa seo, agus na siopaí leabhar atá á gcur chun cinn!

Leabhar


Gné-alt fógraíochta


 

An Bogha Báistí-2An Bogha Báistí

Foilsitheoir: Éabhlóid
Údar: Frankie Leonard

Dánta nua do pháistí óga le léaráidí lándaite. Dánta scríofa ag an máistreás scoile, Frankie Leonard, as Maigh Eo. Tá an leabhar ina áis iontach ag múinteoirí bunscoile chun dánta nua a theagasc agus an Ghaeilge a mhúineadh go héasca. Bainfidh na páistí an-taitneamh as na dánta spraíúla agus na léaráidí áille atá déanta ag iníon an scríbhneora, an t-ealaíontóir Niamh Leonard.

 

 


An Gabhar a Raibh An-Ocras Go Deo Air-2An Gabhar a raibh an-ocras go deo air

Foilsitheoir: Futa Fata
Údar: Máire Ní Chualáin

D’iarr Cáit, bean Pheadair, ar Pheadar an féar a ghearradh. ‘Gearr an féar!’ a dúirt sé leis féin. ‘Tá an ghráin agam a bheith ag gearradh an fhéir!’ Mar gheall go bhfuil sé chomh leisciúil, ní mór dó cuimhneamh ar phlean éigin chun go mbeidh sé in ann an saol a thógáil go bog dó féin… agus an obair a bheith déanta ag an am céanna. Éiríonn leis ar feadh píosa, ach ní oibríonn cúrsaí amach faoi mar ba mhaith le Peadar bocht.

 

 


An Teach Órga i Samarkand-2An Teach Órga i Samarkand

Foilsitheoir: Futa Fata
Údar: Hugo Pratt

Úrscéal grafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta. 1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse, órchiste a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh sé teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín, fear atá á choinneáil i bpríosún brúidiúil Shamarkand. Agus láthair chogaíochta déanta den limistéir sin ag fórsaí na Tuirce, na Rúise, agus Shasana, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí, aisteoirí is saighdiúirí, diabhal-adhraitheoirí is feallmharfóirí, fir chróga is geilt, agus fiú leathcheann cúpla Chorto féin!

 

 


Aois Fir-2Aois Fir

Foilsitheoir:Cois Life
Údar: Liam Ó Muirthile

Tá garsún sna déaga luatha i mbun bád seoil leis féin ar an bhfarraige mhór. Tá a athair agus a uncail ina bpleisteana ag a gcuid ólacháin ar an mbád. Ní haon chabhair iad. Ní mór don ngarsún a bheith ina fhear anois, aghaidh a thabhairt ar a chuid eagla, teacht ar a mhianach, agus é i ngalar na gcás. Is gearr go mbeidh sé ina oíche. Ní mór dó an bád, é féin agus na fir a thabhairt slán.

 

 


Corp an Duine Uasail-2Corp an Duine Uasail

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Pénélope Bagieu

A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian … agus banlaoch as an gcoitiantacht. “Tá rud éigin speisialta faoi Corp an Duine Uasail. Tá sé breá stuama mar leabhar, cinnte, ach tá draíocht ar leith ag baint le pictiúir Phénélope Bagieu…. Zoé an príomhcharachtar; í dathúil, mealltach, cúthail, láidir, lag, teanntásach ar a seal. Tá post marbhánta aici agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi … ach tá doimhne ag roinnt le Zoé agus bá againn léi dá réir.” — Eoin Ó Murchú, tuairisc.ie

Bronnadh an Prix des Cheminots SNCF ar an úrscéal grafach seo ag Féile Angoulême na Fraince.

Léirmheas ar tuairisc.ie

 

 


Cruinneas

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Antain Mac Lochlainn

‘Buiséad’ nó ‘cáinaisnéis’? ‘Bean dhubh’ nó ‘bean dubh’? Is iomaí sin cinneadh deacair a bhíonn le déanamh ag scríbhneoirí Gaeilge. Is é atá in Cruinneas ná cnuasach aibítreach de na focail agus na struchtúir ghramadaí is minice a bhaineann tuisle asainn: focail Ghaeilge a úsáidtear sa chiall mhícheart, coincheapa Béarla atá deacair a aistriú, lochtanna stíle, trasnáil ón mBéarla agus a lán eile. Léirítear gach iontráil le samplaí den cheartúsáid agus den úsáid lochtach.

 

 


Diabhlaíocht Dé-2Diabhlaíocht Dé

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Micheál Ó Conghaile

“Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann…” Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire iad seo ina n-imríonn Dia cleasanna den uile chineál ar an gcine daonna, cine nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol. Ach más le teann oilc nó mailíse nó spite eicínt é, is iad an cine daonna a bhíonn thíos leis.

Scéalta iad seo a bhfuil blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus agus Iúdás Iscariot. Carachtair eile, shílfeá gur ón mbéaloideas nó ón miotaseolaíocht nó ón Domhan Thoir féin a tháinig siad: ainmhithe a bhfuil bua na cainte acu agus daoine a bhfuil ainmhithe mar thuismitheoir nó mar chéile acu.

Sa chnuasach seo, tá an meascán den draíocht agus den réaltacht is dual don Chonghaileach go rábach tríd síos. Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.

 

 


I dTír Strainséartha-2I dTír Strainséartha

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Liam Mac Cóil

AN DARA LEABHAR SA tSRAITH ‘LUCÁS Ó BRIAIN’ (An Litir). In Éirinn, earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.

Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

 

 


I Measc Vaimpírí

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Orna Ní Choileáin

Tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó a áitiú air triail a bhaint as cónra? Ach is nithe iad siúd atá ag cur intinn na mbuachaillí ar seachrán ón gcúis ar tháinig siad chuig tír na vaimpírí ar an gcéad dul síos. Agus cá fhad a mhairfidh siad ann? Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

 

 


Íbíotsa

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Labhrás Ó Finneadha

Gearrscéalta a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú cá bhfios cé a chasfaí ort?

 

 


Lá Álainn Dainín-2Lá Álainn Dainín

Foilsitheoir: Futa Fata
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin

Caith an lá i gcomhluadar Dainín agus bain taitneamh as na hábhair éagsúla atá le mothú sa leabhar tadhaill (touch ‘n feel) seo – an chéad bhunleabhar dá short sa Ghaeilge!

 

 


Lámh Mharbh Abú-2Lámh Mharbh Abú!

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Andrew Fusek Peters

Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairide ‘scioptha’ atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu iad.

Lámh Mharbh Abú!

Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.

 

 


Luán agus an Mórphianó-2Luán agus an Mórphianó

Foilsitheoir: Futa Fata
Údar: Gemma Breathnach

Is luch an-cheolmhar é Luán. Is breá leis bheith ina chónaí faoin gCeoláras, áit is féidir leis éisteacht leis an gceolfhoireann ag cleachtadh gach lá. Ba bhreá leis bheith ina measc, ag casadh ceoil do na daoine uaisle, ach níl cead ag luch teacht isteach sa halla go fiú. Ach nuair a thagann ceoltóir cáiliúil chun mórphianó a chasadh leis an gceolfhoireann, cuirtear tús le heachtra a athróidh rudaí sa Cheoláras go deo!

 

 


Mac Tíre Dáiríre-2Mac Tíre… Dáiríre!

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Andrew Fusek Peters

Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid scioptha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireacha. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu.

Mac Tíre… Dáiríre!

Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon madra atá rompu!

 

 


Maith Thú A Timmy - An Cúigear Cróga-2Maith Thú, A Timmy (An Cúigear Cróga)

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Enid Blyton

Sraith gearrscéalta ‘The Famous Five’ le Enid Blyton atá aistrithe go Gaeilge agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tá ceithre leabhar sa tsraith faoi láthair agus ceithre cinn eile le teacht roimh dheireadh 2015.

Maith Thú, A Timmy

Nuair a fheiceann an Cúigear buachaill á fhuadach ar an trá, téann siad ar a thóir. Ach cár chuir na fuadaitheoirí i bhfolach é? An mbeidh ar chumas Timmy é a aimsiú?

 

 


Na Comharthaí-2

Na Comharthaí

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Darach Ó Scolaí

Suite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc, is úrscéal ar théama na géillsineachta agus na saoirse intinne é Na Comharthaí, saothar a phléann lena dtarlaíonn nuair is í an tsaoirse a roghnaíonn duine dó féin an umhlaíocht lom, agus nuair is é an géilleadh sin a ardaíonn sa saol é.

Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nuaaoiseach.

 

 


Turas oilithreachta ar Chamino na Fraince go Santiago-2Conair na Fraince go Santiago – Le Puy-en-Velay go Pamplona na Spáinne

Foilsitheoir: Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Údar: Frainc Mac Brádaigh SJ

Déantar cur síos sa leabhar seo ar an gcéad leath de thuras oilithreachta a rinne an t-údar de shiúl na gcos ó Puy-en-Valey sa bhFrainc go Santiago de Compostela na Spáinne sa mbliain 2002. Roinneann an t-údar a chuid smaointe faoinar éirigh dhó ar feadh an bhealaigh ar aistear na Conaire agus ar a aistear inmheánach féin.

Liosta siopaí

1. David Walsh, Dún Garbháin
2. Scéal Eile Books, Inis
3. Crannóg Books, An Cabháin
4. Castle Bookshop, Caisleán an Bharraigh
5. Charlie Byrne’s Bookshop, Gaillimh
6. Liam Ruiséal, Corcaigh
7. Hodges Figgis, BÁC
8. Waterstones, Corcaigh
9. Waterstones, Droichead Átha
10. Dingle Bookshop, An Daingean
11. The Bookcentre, Bealach an Fhéich
12. The Bookcentre, Cill Chainnigh
13. The Bookshop, Cathair na Mart
14. O’Mahony’s, Luimneach
15. O’Mahony’s Trá Lí

Fág freagra ar 'Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge'