Loitiméireacht déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht

Deir Brendan Byrne iarmhéara Dhún na nGall go raibh ‘dochar á dhéanamh gan fáth gan ábhar’ do mhaoin phoiblí ag ‘amadáin’

Loitiméireacht déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht

Pictiúr: Greg Hughes

Tá scrios déanta ar a thuilleadh comharthaí bóthair i nGaeltacht Dhún na nGall – ach an Ghaeilge atá á clúdach le péint an uair seo.

Scriosadh an Béarla ar roinnt comharthaí dátheangacha i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste le déanaí chun nach mbeadh fágtha orthu ach Gaeilge. Bhí comharthaí do Shlí an Atlantaigh Fhiáin i measc na gcomharthaí sin.

Tharraing an scéal conspóid mhór nuair a léirigh an comhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig a chuid tacaíochta do scrios na gcomharthaí dátheangacha.

Dhiúltaigh Mac Giolla Easbuig, comhairleoir neamhspleách agus gníomhaí teanga aitheanta, aon cháineadh a dhéanamh ar scrios na gcomharthaí Gaeltachta.

Ach tá casadh anois i scéal na gcomharthaí i nDún na nGall agus scrios déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair.

Ar na comharthaí ar clúdaíodh le péint an Ghaeilge orthu, tá comhartha don Bhun Beag, comhartha do na Doirí Beaga agus comhartha dátheangach do Leitir Ceanainn.


Dúirt Brendan Byrne iarmhéara Dhún na nGall go raibh “dochar á dhéanamh gan fáth gan ábhar” do mhaoin phoiblí ag “amadáin” a cheap go ndéanfadh a leithéid leas dá gcúis teanga, bíodh an Ghaeilge nó an Béarla i gceist.

“Tá meas againn go léir ar an Ghaeilge. Is cainteoir dúchais mé féin. Má táimid chun athbheochan a dhéanamh ar an teanga, caithfimid í a athbheochan sa bhaile tríd í a mhúineadh dár bpáistí agus caithfimid í a athbheochan inár scoileanna agus i measc an phobail.

“Ní hé an canna spraeála an uirlis chun athbheochan a dhéanamh ar an teanga,” arsa Brendan Byrne ar Highland Radio.

Dúirt sé gur chosain na comharthaí idir €1,000 agus €2000 an ceann.

Fág freagra ar 'Loitiméireacht déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht'