Liverpool i gcruachás agus iad ag súil go ndéanfaidh Manchester United gar dóibh

Beidh Liverpool ag súil go mbeidh Ole Gunnar Solskjaer agus Manchester United in ann leigheas a fháil sciobtha ar a bhfadhbanna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Manchester City i gcluiche cinniúnach anocht

Liverpool i gcruachás agus iad ag súil go ndéanfaidh Manchester United gar dóibh

Tá lucht tacaíochta Manchester United agus Liverpool i gcruachás anocht agus aghaidh á tabhairt ag United ar Manchester City ar i gceann de na cluichí is mó i bPríomhroinn Shasana le fada.

Ní róshásta a bheidh lucht tacaíochta United is cuma céard a tharlaíonn.

Má éiríonn le City an cluiche a bhuachan, tá gach seans ann go n-éireoidh leo an tsraith a thabhairt leo den dara bhliain as a chéile, ach má chuireann United stop leo, beidh deis ag Liverpool an tsraith a bhuachan den chéad uair ó 1990.

Do leantóirí Liverpool, tá cluiche na hoíche anocht ar cheann de na cluichí is mó i stair an chumainn agus gan iad ag imirt ar chor ar bith.

Tá Liverpool ag brath ar imreoirí United beagán féinmhuiníne a léiriú agus feabhas mór a chur ar a gcuid imeartha thairis mar a bhí ag an deireadh seachtaine nuair a chaill siad i gcoinne Everton, 4-0.

Shamhlófá nach gcuirfidh sé isteach rómhór ar imreoirí United cé acu City nó Liverpool a thabharfaidh an tsraith leo i mbliana, ach is cluiche tábhachtach é seo d’fhoireann Solskjaer.

Ar an gcéad dul síos, tá deis fós ag foireann Ole Gunnar Solskjaer áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh an séasúr seo chugainn. Níl ach trí phointe idir iad agus Tottenham atá sa tríú háit. Agus cluiche mór idir United agus Chelsea romhainn Dé Domhnaigh seo chugainn, tá deis fós acu críochnú sa tríú nó sa cheathrú háit, in ainneoin an drochthaispeántais i gcoinne Everton a bhí chomh dona gur ghabh an bainisteoir agus cuid dá imreoirí leithscéal lena lucht leanúna ina dhiaidh.

Tá an cairde caite anois i gcás Solskjaer. Bhuaigh Manchester United 14 cluiche as 17 nuair a tháinig fear na hIorua isteach ar dtús, ach tá sé chluiche as ocht gcinn caillte le déanaí acu. Ní raibh tréimhse chomh dona sin acu ó 1989.

Má chailleann United anocht, beidh seacht gcluiche caillte ag Solskjaer taobh istigh de shé seachtaine. Tugadh bata agus bóthar do José Mourinho a chaill an méid céanna cluichí ó thús an tséasúir go Nollaig.

Ní hé an bainisteoir amháin atá faoi bhrú. Shínigh Solskjaer conradh trí bliana ag deireadh mhí an Mhárta, agus is cinnte go mbeidh sé fós i gceannas ag tús an tséasúir seo chugainn, ach is dána an té a déarfadh leat cé hiad na himreoirí a bheidh fós ann leis.

Tá sé ráite ag Solskjaer go bhfuil sé ag iarraidh imreoirí nua a thabhairt isteach i rith an tsamhraidh agus fáil réidh le cuid de na himreoirí atá aige. Is léir go gcaithfidh formhór de na himreoirí atá ann faoi láthair feabhsú má tá siad ag iarraidh fanacht ag Old Trafford. Chaith United airgead mór ar leithéidí Romelu Lukaku, Anthony Martial agus Fred ach beidh le feiceáil an bhfuil dóthain déanta acu chun an bainisteoir a shásamh.

Faraor do Liverpool, fiú dá dtiocfadh feabhas mór ar imreoirí United anocht, bheadh jab acu Manchester City a bhualadh.

Rinne City gaisce anuraidh nach ndearna aon fhoireann rompu cheana nuair a ghnóthaigh siad 100 pointe sa tsraith. Léiriú ar chumas na seaimpíní é go mbeidh an méid céanna pointí acu i mbliana má bhuann na ceithre chluiche atá fágtha acu.

Tá deich gcluiche sraithe as a chéile anois buaite ag City agus níl an chuma orthu go bhfuil siad chun na maidí a ligean le sruth.

Má cheap aon duine go gcuirfeadh a dteip i gcoinne Tottenham Hotspur i Sraith na gCuradh an tseachtain seo caite as d’fhoireann Guardiola bhí dul amú orthu. Chas City agus Spurs ar a chéile arís Dé Sathairn sa tsraith agus cé nach raibh City i mbarr a maitheasa d’éirigh leo an cluiche a bhuachan.

Bhí tráth ann agus ní go rómhaith a d’éiríodh le foirne Manchester City in Old Trafford. Níor bhuaigh siad ar United ar an bpáirc sin idir 1974 agus 2008. Ach tá na laethanta sin thart. As na seacht gcluiche atá imeartha acu i gcoinne United in Old Trafford ó shin, tá cúig cinn buaite ag City.

Má éiríonn le foireann Guardiola an ceann is fearr a fháil ar United arís anocht, bheadh sé chomh maith ag na seaimpíní tús a chur leis an gceiliúradh arís.

Fág freagra ar 'Liverpool i gcruachás agus iad ag súil go ndéanfaidh Manchester United gar dóibh'