Liverpool ag iarraidh deireadh a chur le forlámhas Manchester United orthu

Cé nach raibh an ceannas céanna ag Manchester United ar pheil Shasana ó d’fhág Alex Ferguson, fós tá ceann de na naimhde is mó atá acu coinnithe faoi chois acu le blianta beaga anuas

Liverpool ag iarraidh deireadh a chur le forlámhas Manchester United orthu

Jurgen Klopp

Ní haon áibhéil é a rá go raibh na séasúir séasúr is deacra  le 20 bliain anuas ag Manchester United ó d’fhág Alex Ferguson a phost mar bhainisteoir ag deireadh an tséasúir in 2013. David Moyes, Ryan Giggs agus Louis Van Gaal – ní dheachaigh aon duine den triúr acu i bhfeidhm rómhór ar an lucht tacaíochta ó thaobh a gcumas bainistíochta agus cé go bhfuil neart buaite ag an bhfear nua, José Mourinho, tá sé róluath fós a rá cén chaoi a n-éireoidh leis in Old Trafford.

Agus iad bréan de United ag buachan na sraithe bliain i ndiaidh bliana, tá sásamh bainte ag lucht tacaíochta Liverpool as streachailt a sean-naimhde ach, cé nach bhfuil an Phríomhroinn buaite ag United ó d’fhág Ferguson, goillfidh sé orthu in Anfield nach bhfuil deireadh tagtha le forlámhas na ‘Red Devils’ ar Liverpool le himeacht an Albanaigh.

Agus é ina bhainisteoir ar United ar feadh 27 bliain, bhí Ferguson i gceannas ar 61 cluiche i gcoinne Liverpool. Bhuaigh sé beagnach leath acu sin, 30 cluiche, rud a d’fhág go raibh sé chun cinn i 49% dá chuid cluichí in aghaidh Liverpool.

Ó d’fhág Ferguson slán le United, tá naoi gcluiche imeartha acu i gcoinne Liverpool, idir an tsraith, Corn na Sraithe agus an Corn Europa. Tá 55% de na cluichí sin, cúig cinn, buaite ag United.

Tá Jurgen Klopp imithe  i gcion go mór ar lucht tacaíochta Liverpool ó tháinig sé i bhfeighil ar an gclub bliain ó shin ach, fad is a bhaineann sé le United, tá obair fós le déanamh aige chun an taoide a chasadh.

Tá sé léirithe cheana féin aige go bhfuil sé in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoirne José Mourinho agus trí cinn de na cúig chluiche atá imeartha acu in aghaidh a chéile buaite ag an nGearmánach. Má tá sé chun an tsraith a bhuachan do Liverpool den chéad uair le 26 bliain an séasúr seo, ní mór dó  deireadh a chur le forlámhas United orthu.

Cluichí idir Liverpool agus Manchester United ó d’imigh Alex Ferguson

1 Meán Fómhair 2013 – Liverpool 1-0 Manchester United – Príomhroinn Shasana

Thug cúl Daniel Sturridge agus gan ach trí nóiméad imeartha an bua do Liverpool agus d’fhág an toradh gur theip ar David Moyes an bua a fháil in Anfield don 12ú cluiche as a chéile.

25 Meán Fómhair 2013 – Manchester United 1-0 Liverpool – Corn na Sraithe

Bhain United díoltas amach cúpla seachtain ina dhiaidh sin agus thug cúl Javier Hernandez an bua i gCorn na Sraithe dóibh.

16 Márta 2014 – Manchester United 0-3 Liverpool – Príomhroinn Shasana

Agus Liverpool sag iarraidh an tsraith a bhuachan den chéad uair ó 1990, thug siad greadadh do United in Old Trafford. D’áimsigh Steven Gerrard dhá chic pionóis agus scóráil Luis Suarez  an tríú cúl.

14 Nollaig 2014 – Manchester United 3-0 Liverpool – Príomhroinn Shasana

Agus Van Gaal tagtha isteach in áit Moyes, bhí athrú iomlán ar chúrsaí ón gcluiche a tháinig roimhe. Bhain Wayne Rooney, Juan Mata agus Robin Van Persie uile leas as droch-chosaint Liverpool chun an bua a chinntiú.

22 Márta 2015 – Liverpool 1-2 Manchester United – Príomhroinn Shasana

Sa chluiche deireanach ag Steven Gerrard in aghaidh United, cuireadh den pháirc é 38 soicind tar éis dó teacht isteach san imirt. Ba iad cúil Juan Mata a bhuaigh an cluiche do United cé go bhfuair Daniel Sturridge ceann eile do Liverpool.

Fág freagra ar 'Liverpool ag iarraidh deireadh a chur le forlámhas Manchester United orthu'

  • Iasán Ó Riabhaigh

    Mar a tharlaíonn go rómhinic in aghaidh foireann Mhanchain Aontaithe,beidh níos mó seilbh,níos mó deiseanna,níos mó iarrachtaí agus imirt níos fearr ag foireann Learphoill i rith an chluiche.Ach go déanach ag deireadh an chluiche,beidh deis amháin ag Na Diabhail Dearga,gheobhaidh siadsan cúl agus beidh an bua acu.De Gea laoch na himeartha.Ní maith liom é sin a rá mar is leantóir Na Dearga (Learpholl) mé.