Litríocht na Gaeilge agus litríocht mhór an domhain – is mó ábhar scéil ann

Díol suntais an méid a deir scoláirí Béarla agus Gaeilge faoi thionchar litríocht na Gaeilge ar litríocht mhór an domhain...

Litríocht na Gaeilge agus litríocht mhór an domhain – is mó ábhar scéil ann

I measc na ndoiciméad lámhscríofa a d’fhág máthair Bram Stoker ina diaidh, tá cuntais ar dhaoine a bheith á gcur aimsir an Ghorta agus iad fós beo. De réir na gcuntas sin, calar a bhí orthu siúd a cuireadh agus an dé fós iontu. Ceaptar gur rug na scéalta uafáis sin greim daingean ar shamhlaíocht Stoker, cé nach bhfuiltear ar aon fhocal faoin méid sin.

I bhfianaise na gcúinsí a bhí i réim ag an am, ba mhinic leasainmneacha neamh-mholtacha á dtabhairt ar thiarnaí talún; leithéidí ‘Sylvester an Oilc’, ‘Warren an Dubhchíosa’ agus ‘Ramsey na Fola’. Cuid den bhéaloideas na hainmneacha sin.

Deir Alan Titley gur cuireadh leis an gceann deireanach díobh sa tslí is go ndeirtí ‘Ramsey na Drochfhola’. Dírigh do shúil athuair ar an leagan ‘Drochfhola’,  agus ansin smaoinigh ar theideal an tsaothair is mó a tharraing cáil ar Bram Stoker. Ní i bhfad óna chéile iad.

Díol suntais, leis, an méid a deir an Titlíoch faoin gcéad eagrán de ‘Dracula’, eagrán a tiomnaíodh do ‘my dear friend Hommy-Beg’. Hall Caine, scríbhneoir as Oileán Mhanann, a bhí i gceist aige. ‘Tommy Beag’ a ghlaodh muintir an oileáin air agus ba ar bhéaloideas Ghaeilge Mhanann a bhunaigh sé go leor dá chuid úrscéalta gotacha.

Is iomaí léamh atá ar an méid a bhí ina inspioráid ag Stoker agus Dracula á thabhairt ar an saol aige, ach ba shaonta an mhaise dúinn neamhaird a thabhairt ar a mháthair agus ar ‘Tommy Beag’, measaim féin.

Tá an oiread tóra ar Dracula inniu, mar leabhar agus mar scannán, agus a bhí an chéad lá riamh, ach b’fhiú an tionchar a bhí ag béaloideas na Gaeilge agus ag stair na hÉireann ar an scéal a fhiosrú tuilleadh.

Níl i scríbhinní Stoker ach tús an scéil, más fíor don scoláire Béarla Paul Muldoon.

De thaisme a tháinig mé ar a leabhar To Ireland, I: An abcediary of Irish Literature, cúpla mí ó shin. Is ríspéisiúil na comparáidí a dhéanann sé ansiúd idir saothair Beckett agus Joyce agus liricí na Sean-Ghaeilge, mar aon leis an scéal miotaseolaíochta Togail Bruidne Da Derga.

Scrúdú ar shanasaíocht focal is ea go leor den phlé ag Muldoon sa leabhar draíochtúil seo – pléisiúr Dé do mo leithéidse – agus tarraingíonn sé aird an léitheora ar an ‘féth fíada’ nó an ceol sí agus ceangal á dhéanamh aige idir Joyce agus C.S. Lewis.

Fear eile nach raibh dall ar litríocht na dteangacha Ceilteacha ba ea JRR Tolkien. Fad is a bhí a chomrádaí, C.S. Lewis, ag léamh faoin Rúraíocht i gCúige Uladh, is ar thairseach Chúige Chonnacht agus Chúige Mumhan a bhí sé féin. I 1949 a iarradh anall as Sasana é le bheith ina scrúdaitheoir seachtrach de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

I gceantar na Boirne a d’fhan sé agus é ag ceartú na bpáipéar. De shiúl na gcos a thugadh sé sciuird ar áiteanna éagsúla sa Bhoireann agus bhíodh peann luaidhe agus páipéar bán aige d’fhonn an tírdhreach a tharraingt lena láimh. ‘Poll na gColm’ ceann de na logainmneacha a casadh air lá. Thug sé suntas don chuid deiridh den leagan Béarla air sin, idir litriú agus fhoghraíocht: ‘Poulnagollum’.

An bhliain chéanna úd, 1949, rinne sé athruithe ar dhréachtaí dá mhórshaothar sular cuireadh i gcló é – ainmneacha carachtar ar leith san áireamh.

Cuir leis sin an tsuim chíocrach a bhí aige i dTuatha Dé Danann agus tá ábhar scéil agat, ní áirím ábhar catha.

Ní haon fhear litríochta mise agus níl aon amhras orm ach go bhfuil tuilleadh tochailte le déanamh ar an scéal. Mar sin féin, is ríshuimiúil an bhaint atá ag litríocht na Gaeilge le cuid den litríocht is mó tóir in Éirinn agus ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.

Más mar sin atá, b’ait leat é mar scéal agus sinn ar tí an teanga agus a cuid litríochta a chaitheamh uainn.

Fág freagra ar 'Litríocht na Gaeilge agus litríocht mhór an domhain – is mó ábhar scéil ann'