LITRÍOCHT BHÉIL: Gráinne Ní Mháille

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Gráinne Ní Mháille

Gníomhaíocht 1: Ceisteanna Réamhléitheoireachta:

  • Ar chuala tú aon trácht riamh ar Ghráinne Mhaol?
  • Céard atá ar eolas agat fúithi?
  • Cur i láthair ó Fhoras na Gaeilge faoi Ghráinne Mhaol

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.


  • Ina dhiaidh sin cuir líne faoi na téarmaí nach dtuigeann tú agus déan iarracht iad a aimsiú ar teanglann.ie.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Tá an cuntas iomlán le fáil thíos.
  • Léigh an chéad leath don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an daracuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gráinne Ní Mháille

Mhair sí in aimsir Eilíse Shasana. Ba iníon í d’Eoghan Ó Máille dá ngartaí Dubh-Darach air. Ba ghadaí mara é de réir gach tuairisce. Bhíodh a iníon Gráinne leis i gcuid mhaith eachtraí contúirteacha. Cailleadh Eoghan agus Gráinne in aois a naoi mbliana déag. Bhí deartháir aici ab óige ná í féin ach tháinig Gráinne i gceannas a muintire gan cead a thabhairt do dhuine ar bith ceist a shárú uirthi. Deirtear go raibh cabhlach láidir aici ar an bhfarraige ó Oileán Cliara go Cuan Dhún na nGall. Ba é Caisleán Charraig an Ghabhála an dúnfort ba láidre dá raibh aici.

Ba iondúil san am sin go leor long bheith ag déanamh ar Ghaillimh ón Spáinn, luchtaithe le fíonta, togha síoda, tobac, srl. B’iomaí uair a rinne Gráinne agus a cabhlach slad orthu. Ba chuma le Gráinne céard as ar tháinig long ar bith. Dhéanadh sí creach ar cheann ar bith. Chuir sí isteach chomh mór sin ar loingeas Shasana gur thairg siad £500 lena gabháil, ach bhí sé fánach acu.

Bhí sí pósta faoi dhó. Domhnall Ó Flaitheartaigh as Conamara i dtosach. Fear mór troda a bhí ann ach mhínigh Gráinne é agus d’fhan sé mar sin go lá a bháis. Ansin phós sí duine de na Búrcaigh (Richard of the Iron). Rinneadh ‘Mac William’ de, príomhrialtóir Mhaigh Eo sa mbliain 1580. Cailleadh é i 1583.

1588 Spanish Armada: D’imigh long mhór amháin (400 fear uirthi) i dtír i ngar do Chuan Mó agus corr-áit eile. Maraíodh iad uilig agus ba iad muintir na háite a mharaigh cuid mhaith díobh. Am éigin i ndiaidh an ama sin, thug sí cuairt ar Eilís, banríon Shasana. Níor thaispeáin Eilís umhlaíocht dá laghad di. Thairg Eilís ‘teideal’ di ach d’eitigh Gráinne é ach tugadh an teideal ‘Iarla Mhaigh Eo’ dá mac, Tiobóid na Long.

Tá scéal fúithi go mb’éigean di cur isteach go Cuan Bhinn Éadair. Chuaigh sí féin agus a cuid oifigeach chomh fada le caisleán Bhinn Éadair. Bhí na doirse druidte agus muintir an tí i gcionn an dinnéir. Ní bhfuair sí ach an doicheall agus an t-eiteach. Chas sí ar ais chun na farraige agus casadh oidhre an chaisleáin di agus é ag spraoi dó féin agus ag déanamh siamsa. D’fhuadaigh Gráinne léi é. Dhiúltaigh sí an gasúr a thabhairt ar ais go ngealltaí di go bhfágfaí doirse an chaisleáin oscailte feasta am béile. Tugadh an gealladh agus leanadh den nós sa gcaisleán. Cailleadh Gráinne in Oileán Chliara agus cuireadh ann í.

Tiobóid na Long, mac Ghráinne

Rugadh é ar an bhfarraige ach thiontaigh sé a chóta chun troid ar son na banríona. Ba mhar a chéile é ag na Máilligh timpeall ar Chathair na Mart tar éis Chath Chionn tSáile. Rinneadh ‘ridire’ de Thiobóid na Long agus bhí sé ina MP le haghaidh Mhaigh Eo 1613-1627, Viscount Mhaigh Eo. Phós sé Maud, iníon le  Conchubhar i Sligeach.

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén aois a bhí Gráinne nuair a cailleadh a hathair?
  2. Cén fáth a mbíodh siad ag dul chuig an Spáinn?
  3. Meas tú, cén fáth nach raibh siad in ann í a ghabháil?
  4. Céard a tharla idir í féin agus Banríon Eilís Shasana?
  5. Cén fáth nach raibh sí sásta nuair a chuaigh sí go Binn Éadair?
  6. Cén chanúint atá le chloisteáil sa scéal seo? Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal/frása sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas faoi dhuine as an áit a cáiliúil.

    Spreagcheisteanna:

    An raibh aon duine cáiliúil bainteach leis an gceantar seo?
    Céard a rinne sé/sí?
    An bhfuil aon rud sa cheantar in ómós don duine sin?
    An bhfuil aon eachtra/scéal faoi leith agat faoi/fúithi?

Is féidir é seo a úsáid leis an gcuntas seo a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig duchas.ie (nó suíomh éigin eile) le teacht ar chuntas/scéal faoi dhuine faoi leith i do cheantar féin.
  • Téigh chuig logainm.ie agus déan taighde ar logainm atá luaite sa chuntas seo.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Téigh i ngrúpaí ceathrair agus déan iarracht an script a scríobh do sceitse/dráma gearr (5 nóiméad) bunaithe ar Ghráinne Mhaol.
  • Is féidir an cuntas thuas a úsáid nó cuntais eile a fuair sibh ar dúchas.ie.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:
    • na carachtair éagsúla (cinn nua a chumadh fiú)
    • an bhfuil gá le tráchtaire?
    • cuimhnigh ar na suíomhanna agus na radharcanna éagsúla
    • cuimhnigh ar phrapaí simplí (ón scoil nó ón mbaile) ga d’fhéadfaí a úsáid
    • bris an scéal ina thrí chuid (tús, lár, deireadh) agus cuir comhrá/focail leis na heachtraí – cuimhnigh nach gá dó a bheith sé an-fhada
  • Bíodh ról ann do gach duine sa ghrúpa (scríbhneoir, stiúrthóir, aisteoir srl.)
  • Déan an sceitse a chleachtadh cúpla uair.
  • Beidh sibh in ann ansin an saothar a léiriú os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 9 – Amhrán:

  • Éist leis an amhrán seo faoi Ghráinne Mhaol: 

  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht focail agus scéal an amhráin a dhéanamh amach.

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig clár ar Raidió na Gaeltachta mar a bhfuil cur síos ar chúrsaí cleamhnais agus pósta.
  • Seo nasc chuig clár eile ar Raidió na Gaeltachta mar a bhfuil cúrsaí grá idir chamáin.
  • Seo nasc chuig an suíomh gaois.ie mar a bhfuil cur síos ar chleamhnais.
  • Seo naisc chuig ábhar gaolmhar ó dúchas.ie a foilsíodh ar tuairisc.ie

https://tuairisc.ie/o-duchas-ie-nuair-a-theann-daoine-ag-iarraidh-mna-tugann-siad-buideal-uisce-beatha-leo-chun-muintir-na-mna-a-chur-ar-meisce/

https://tuairisc.ie/o-dhuchas-postai-fado/

https://tuairisc.ie/ni-thugtar-an-spre-don-fhear-og-go-mbionn-an-lanuin-bliain-posta/

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Gráinne Ní Mháille'