Ó DHÚCHAS: ‘Luan na bPus’ a thugtaí air, mar bhíodh ‘pus’ ar na cailíní inphósta nach bhfuair fear go fóill

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: ‘Luan na bPus’ a thugtaí air, mar bhíodh ‘pus’ ar na cailíní inphósta nach bhfuair fear go fóill

Phósadh siad fadó san Inid. Tá an Inid ann go fóill. Tosaíonn an Inid i ndiaidh Lá Nollag na mBan, is é sin tosach na bliana. Críochnaíonn an Inid an Mháirt roimh Chéadaoin an Luaithrigh. Thugtaí ‘Luan na bPus’ ar an Luan sin mar bhíodh ‘pus’ ar na cailíní inphósta nach bhfuair fear go fóill. An dara Luan deiridh (den Inid) thugtaí “Luan súil le Dia” air. D’airigh siad an t-am ag giorrú uathu ach má bhí féin bhí súil acu i nDia. Bhí súil acu go gcuirfeadh Dia fear chucu.

Cén fáth gur toghadh an t-am sin i gcomhair cleamhnais? Is deacair an cheist sin a réiteach. Dhéantaí an cleamhnas i gcónaí ar an margadh. Thagadh muintir an fhir agus muintir na mná le chéile. Théadh siad isteach i dteach ósta agus théadh siad suas an staighre agus isteach i seomra éigin. Bheadh siad ag caint agus ag bladaráil agus bheadh siad ag ól. Dhéanadh siad an cleamhnas.

Shocraíodh siad an spré. Dá mbeadh saibhreas mór ag a hathair agus gabháltas breá talún a bheith ag an bhfear gheobhadh sí £3 agus bó agus cúpla caora agus gheobhadh sí bronntanas pósta. Gheobhadh sí ciste mór lán d’éadaí leapa agus tuáillí deasa línéadaigh a rinne siad sa mbaile agus éadaí boird. D’óladh siad sláinte a chéile agus thagadh siad abhaile le chéile. Bheadh fhios ag gach duine go raibh an cleamhnas déanta. Sin na scéalta a bheadh ar fud an bhaile lá arna mhárach.

Shocraíodh siad lá an phósta ansin agus bheadh bainis mhór acu an oíche sin.

Thosaíodh muintir na beirte ag fáil réidh don phósadh agus don bhainis. Dá mbeadh capall maith ag fear chuirfeadh sé sa stábla é. Bheadh an fear á bheathú i gcomhair an rása. Bhíodh rása mór acu lá an phósta. Oíche na bainise bhíodh siad ag argóint cén capall a raibh an bua aige.

Bheadh an chéad oíche i dteach na mná óige i gceann seachtaine. Bheadh ithe, ól, rince agus ceol acu. Is iomaí uair a bheadh siad ga rá go raibh an cailín rómhaith don fhear agus go raibh an fear rómhaith don chailín. D’óladh siad i bhfad níos mó an uair sin ná mar a ólann siad anois. Fuisce i gcónaí a d’óladh siad.

I gceann seachtaine eile bheadh an pósadh acu. Thugtaí an “dragging home” air sin. Théadh said go dtí teach na mná i dtosach, bheadh slua mór daoine ann idir fhir is mhná. Théadh siad go dtí an séipéal ansin. Is beag carr cliathánach a bhí ann an t-am seo. Théadh siad ar chapall agus diallait, agus pilliún. Bhíodh cúlóg ag cuid eile acu, is é sin fear agus bean ina dhiaidh (ar a chúl) ag marcaíocht ar chapall. Tar éis an phósta ansin,  thiocfadh siad abhaile. Nuair a bhíodh siad ag teacht abhaile bhíodh na comharsana ag breathnú orthu. Bhíodh an bhainis cheart acu i dteach an fhir, “oíche an drop”. Ceol, damhsa, amhráin, ithe, ól, scléip, agus troid go minic. In áiteanna thagadh buachaillí tuí i lár na hoíche agus sheinneadh siad ceol agus amhránaíocht.

Bailitheoir
Brigid Ní Pilibín, Scoil na Creige Duibhe
Aois
15
Faisnéiseoir
Mrs Walshe
Aois
80
Seoladh
Baile an Róba, Contae Mhaigh Eo

  

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Luan na bPus’ a thugtaí air, mar bhíodh ‘pus’ ar na cailíní inphósta nach bhfuair fear go fóill'

  • Cluain Sceach

    An-smaoineamh. Coinnigí suas é.

  • Lillis Ó Laoire

    Thugtaí “Domhnach na Smut” ar an lá sin chomh maith.