Ní thugtar an spré don fhear óg go mbíonn an lánúin bliain pósta

Ó Dhúchas… Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo agus an Inid tagtha, faighimid cur síos ar na cleamhnais i Maigh Eo

Ní thugtar an spré don fhear óg go mbíonn an lánúin bliain pósta

Pósann na daoine a bhíonn le pósadh san Inid sa gceantar seo. Ní phósann daoine sa mBealtaine mar deirtear go bhfuil an mhí seo mírathmhar. Oíche na hInide bíonn feoil, cácaí déanta as fataí agus plúr agus úlla, oráistí agus milseáin acu ar an suipéar.

Deirtear go mbeidh siad mífhortúnach i rith na bliana mura mbíonn feoil acu an oíche seo.
Nuair a bhíonn fear óg ag pósadh gheobhann sé cárt uisce beatha agus tugann sé do bheirt fhear é. Téann an bheirt fhear go dtí teach an chailín óig agus iarrann an cailín óg ar a hathair agus a máthair. I gcionn cúpla lá gheobhann siad scéala go bhfuil siad réidh le cleamhnas a dhéanamh nó mura mbíonn siad sásta cuireann siad scéala chuige á eiteach.

Ansin má bhíonn siad sásta téann gaolta an fhir óig agus gaolta an chailín le chéile agus i measc óil agus ithe déanann siad cleamhnas. Mura mbíonn spré ag an gcailín óg gheobhann sí talamh nó earraí éigin eile.

Go hiondúil gheobhann sí ba agus airgead. Tar éis a bpósta bíonn bainis acu i dteach an fhir óig nó i dteach an chailín óig. Más i dteach an chailín a bhíonn an bhainis ní théann sí abhaile arís go ceann míosa nó má théann deirtear nach mbeidh an lánúin an-rathmhar.

I ndeireadh na míosa bíonn bainis bheag eile acu. Go hiondúil ní thugtar an spré don fhear óg go mbíonn an lánúin bliain pósta.

Nuair a phóstaí lánúin fadó bhíodh bainis acu agus bhíodh ithe agus ól ar an mbainis. 

Thagadh buachaillí tuí go dtí an teach agus iad gléasta i seansciortaí agus léinteacha bána. Bhíodh hataí arda déanta de chochán orthu seo. Bhíodh na hataí tarraingthe anuas ar a gcinn sa riocht nárbh fhéidir iad a aithint. Thagaidís isteach agus bhíodh captaen agus sáirsint orthu. Dhamhsaíodh an captaen leis an mbean nuaphósta agus leis an gcomhluadar.

Nuair a bhíodh an damhsa seo thart bheadh cead a gcinn ag na buachaillí tuí damhsa lena rogha cailín. Dá nglacfadh siad uisce beatha thugtaí dóibh é agus mura mbeidís sásta ag imeacht dóibh bheadh faitíos ar lucht na bainise go ndófaidís na hataí cocháin agus dá ndófaidís iad deirtí nach mbeadh an lánúin óg rathmhar.

Creidtear freisin má bhíonn troid nó bruíon ar an mbainis nach réiteodh an lánúin óg lena chéile.

Creidtear freisin nach ceart go bhfeicfeadh an lánúin óg a chéile lá an phósta go gcastaí ar a chéile ag an séipéal iad. Tagann siad abhaile ansin ar an gcarr céanna. Bíonn bean phósta ag an séipéal leo mar deirtear nach mbeadh an lánúin rathmhar mura mbeadh. Ag teacht abhaile ón séipéal dóibh bhíodh cuid acu ar charranna, cuid eile ag marcaíocht ar chapaill agus mná mar chúlóga leo.

Bhíodh rásaí acu go teach na bainise.

Séamus Ó Maoilearca, Teach Chaoin, Co Mhaigh Eo


Fág freagra ar 'Ní thugtar an spré don fhear óg go mbíonn an lánúin bliain pósta'