LITRÍOCHT BHÉIL: Cuan an Fhir Mhóir

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Cuan an Fhir Mhóir

Gníomhaíocht 1:An scéal a thuar?:

Pictiúr: Seán Ó Mainnín
  • Cuan an Fhir Mhóir an teideal atá ar an gcuntas seo. Ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar an chuntais a thuar.
  • Mar chabhair duit, seo focail/frásaí eile atá sa chuntas: báidín beag seoil, tíoránach, deoch, bainne, tháinig siad suas, sciorr, bádh
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Má tá teacht ag an rang ar ríomhairí/gléasanna digiteacha beidh an múinteoir in ann www.socrative.com a úsáid leis na cuntais ar fad a roinnt.

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo don scéal.
  • Thíos, tá an cuntas ar fad faoin scéal a bhaineann leis an logainm Cuan an Fhir Mhóir.
  • Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

Cuan an Fhir Mhóir

    1. Thugadar a n-aghaidh ar Chonamara arís agus bhí cóir réasúnta acu ag teacht amach.
    2. Nuair a bhí an bainne ólta acu ghearradar talamh ar ais go dtí a mbáidín arís mar bhí a fhios acu go maith gur ghearr go mbeadh an chóir ina ndiaidh.
    3. Bhí tíoránach mór saibhir in Árainn an t-am seo agus fear uafásach mór a bhí ann.
    4. Nuair a tháinig an tíoránach abhaile d’inis an cailín aimsire an scéal dó agus lean sé féin agus triúr eile an bád le curach agus tháinig siad suas leis an mbád i mbéal an chuain ó thuaidh díreach ó Árainn.
    5. Shíl an Tíoránach mór a ghabháil de léim ar bord ar an mbáidín seoil ach sciorr sé agus cuireadh sa bhfarraige é.
    6. Chuaigh an bheirt go dtí teach an tíoránaigh agus d’iarr siad deoch.
    7. Ní raibh istigh ach an cailín aimsire agus níor thug sí aon deoch dóibh.
    8. Ní dhearna an bheirt ach dul amach sa ‘dairy’ a bhí ag an tíoránach agus a ndóthain bainne a ól.
    9. Bádh ar an bpointe é.
    10. Tugadh Cuan an Fhir Mhóir ar an gcuan riamh ó shin.
    11. Chuaigh beirt as Conamara isteach go hÁrainn uair i mbáidín beag seoil.
    12. Chaitheadar an lá ar an bhfarraige ag iascaireacht agus bhíodar spalptha leis an tart nuair a shroicheadar Árainn.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo an scéal san ord ceart.

Cuan an Fhir Mhóir

Chuaigh beirt as Conamara isteach go hÁrainn uair i mbáidín beag seoil. Chaitheadar an lá ar an bhfarraige ag iascaireacht agus bhíodar spalptha leis an tart nuair a shroicheadar Árainn.

Bhí tíoránach mór saibhir in Árainn an t-am seo agus fear uafasach mór a bhí ann. Chuaigh an bheirt go dtí teach an tíoránaigh agus d’iarr siad deoch. Ní raibh istigh ach an cailín aimsire agus níor thug sí aon deoch dóibh. Ní dhearna an bheirt ach dul amach sa ‘dairy’ a bhí ag an tíoránach agus a ndóthain bainne a ól.

Nuair a bhí an bainne ólta acu ghearradar talamh ar ais go dtí a mbáidín arís mar bhí a fhios acu go maith gur ghearr go mbeadh an chóir ina ndiaidh. Thugadar a n-aghaidh ar Chonamara arís agus bhí cóir réasúnta acu ag teacht amach.

Nuair a tháinig an tíoránach abhaile d’inis an cailín aimsire an scéal dó agus lean sé féin agus triúr eile an bád le currach agus tháinig siad suas leis an mbád i mbéal an chuain ó thuaidh díreach ó Árainn. Shíl an Tíoránach mór a ghabháil de léim ar bord ar an mbáidín seoil ach sciorr sé agus cuireadh sa bhfarraige é. Bádh ar an bpointe é.

Tugadh Cuan an Fhir Mhóir ar an gcuan riamh ó shin.

  • Léigh an chéad leath don scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
  • Nasc chuig an leagan bunaidh ar duchas.ie

Gníomhaíocht 4 Deis Taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard a bhí na fir seo a dhéanamh an lá sin?
  2. Cén fáth a ndeachaigh siad i dtír?
  3. Conas a fuair siad bainne?
  4. Cén bhaint atá ag an gcailín aimsire leis an scéal?
  5. Conas a mhothaigh an tíoránach nuair a chuala sé an scéal?
  6. Céard a tharla don fhear mór?
  7. Cén chanúint atá sa scéal seo? Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le daoine sa phobal teanga agus faigh cuntas uathu faoi logainm sa cheantar.

Spreagcheisteanna:

An bhfuil aon scéalta ag baint leis an gceantar seo?
Conas a fuair an ceantar seo a ainm?
An bhfuil aon rud suimiúil faoi na logainmneacha sa cheantar?

  • D’fhéadfaí an t-agallamh/cuntas seo a thaifeadadh agus a sheinm don rang.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig dúchas.ie agus logainm.ie agus faigh cuntas ar logainm áitiúil.
  • Déan comparáid idir an t-eolas a fhaigheann tú féin agus daoine eile sa rang.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn:

  • Scríobh scéal gearr do chomórtas scríbhneoireachta dar teideal “Tubaiste sa cheantar”.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Tá treoracha agus smaointe faoin scríbhneoireacht chruthaitheach mar aon le samplaí le fáil anseo.

Gníomhaíocht 9 – Píosa  Éisteachta:

Éist leis an bpíosa seo ó Raidió na Gaeltachta faoi thubaiste eile a tharla ar an bhfarraige.

  • Cá mbíonn an rás seo ar siúl?
  • Conas a bhí an aimsir ar an lá seo?
  • Céard a bhí ag tarlú ar an lá seo?
  • Cén uair a thug siad faoi deara go raibh an bád i mbaol?
  • Cén t-eolas a thugtar dúinn faoin rás seo?

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoin ábhar céanna. Déan nóta den eolas breise atá san alt seo.
  • Físeán: Féach ar an bhfíseán seo faoi thubaiste eile ar an bhfarraige. An bhfuil cosúlachtaí agus difríochtaí idir an tubaiste sa scéal agus an tubaiste sin?
  • Seo nasc chuig acmhainní oideachais atá ag logainm.ie.

Gníomhaíocht 11 –Cúpla Ceist Agam Ort!:

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Cuan an Fhir Mhóir'