Tubaiste ‘An Iolaire’ a d’fhág pobal Gaelach briste faoi bhrón

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tharla tubaiste An Iolaire inar bádh 181 fear as Leòdhas agus na hEaradh in Eileanan Siar na hAlban

Tubaiste ‘An Iolaire’ a d’fhág pobal Gaelach briste faoi bhrón

Cuan SteòrnabhaighPictiúr: David Russell/Flickr

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin Lá Cinn Bliana bádh 181 fear as Leòdhas agus na hEaradh in Eileanan Siar na hAlban. I ndiaidh dóibh teacht slán ón gCéad Chogadh Mór, bádh iad 20 slat ó chladach Leòdhais. Bhí siad uilig sa Chabhlach Ríoga, iad ag pilleadh abhaile ar scor.

As pobal 29,600 ar Leòdhas, maraíodh 1,151 fear sa Chogadh céanna.

Bhí 50 duine as ceantar an Rubha ar ‘An Iolaire’ an bád a chuaigh go tóin poill. Níor tháinig ach 11 acu slán. Maraíodh deichníur as Seiseadar, sráidbhaile beag ar an Rubha, sa Chogadh agus fuair 10 eile bás ar an Iolaire. Deireadh daoine ag an am: ‘Thà Seiseadar ‘a bhàthadh’.

Ar dhuine de na daoine a bádh bhí Cionnaith MacPhàil, an t-aon duine a tháinig slán nuair a cuireadh long s’aige go tóin poill i 1917. 

Ba thragóid inseachanta é. Bhí imní ar an chaptaen fiú agus ‘An Iolaire’ ag imeacht ó Chaoil Loch Aillse ag 7.30 Oíche Chinn Bliana, í ag triall ar Steòrnabhaigh, príomhbhaile Leòdhais. 

Bhí ar a laghad 284 duine ar bord, ach gan slí ann ach do 100. Ní raibh ach dhá bhád tarrthála agus 80 seaicéad tarrthála ann.

Chomh maith leis sin, ba sheanbhád í. Tógadh mar luamh í in 1881 agus ghlac an Cabhlach Ríoga seilbh uirthi ag tús an Chogaidh.

Bhí an aimsir ciúin nuair a d’fhág siad, ach d’éirigh stoirm le linn an turais. Níos measa, d’imigh an bád ar an chúrsa contráilte, rófhada soir. B’iascairí iad na hoileánaigh, ach díbríodh iad nuair a thug siad an méid sin le fios don bhfoireann. Ag 1.55 ar maidin, bhuail ‘An Iolaire’ Biastan Thuilm, carraigeacha míle soir ó chaladh Steòrnabhaigh.

Ní raibh iomrá ar oifigigh ‘An Iolaire’. Fágadh faoi na hoileánaigh féin tarrtháil a dhéanamh orthu féin agus iad amuigh sa dorchadas agus na tonnta ag briseadh orthu.

Le cabhair rópa, d’éirigh le Iain Mac Leòid talamh slán a bhaint amach, agus rinne sé tarrtháil ar scaifte maith. D’éirigh le roinnt fear a raibh an snámh go maith acu teacht i dtír leis na tonnta. Ach, agus iad amuigh sa dorchadas agus éadach agus bróga troma orthu, ní raibh seans ag an chuid ba mhó de na daoine.

Thángthas ar Dòmhnall ‘Am Patch’ Moireasdan ar maidin. Bhí sé ar bharr crainn ‘An Iolaire’, an t-aon bhall den bhád a bhí ag gobadh as an fharraige.

Ainneoin nach ndeachaigh ‘An Iolaire’ faoi go 3.30, agus go raibh garastún láidir ag an Chabhlach ar Steòrnabhaigh, níor thángthas i gcabhair uirthi.

Bhunaigh an Cabhlach Cúirt Fiosrúcháin, ach níor foilsíodh a tuarascáil go dtí 1970. Bhí Fiosrúchán Poiblí ann. Chuir sin an locht ar na hoifigigh, ar easpa trealaimh, agus ar an Chabhlach i Steòrnabhaigh as gan teacht i gcabhair orthu.

Fá choicís, chuir an Cabhlach an bád báite ar an mhargadh agus coirp fós uirthi. Chuir sin oiread feirge ar an phobal gur tarraingíodh siar é. Tá fearg ar an phobal go fóill nach n-aithnítear mar uaigh chogaidh í.

Níor labhair daoine faoin tragóid. Bhí sé 45 bliain sular tógadh leacht cuimhneacháin. 

Bádh sin-seanathair an fhile Leòdhasaigh Anna Frater. Dar léi go maireann scáil na tragóide. “Tháinig athrú ar mheon na ndaoine,” ar sise. “Mhair na fir seo fríd an Chogadh. Nuair a tharla sé, bhí an pobal ag dúil leis an bhliain úr ab fhearr le cúig bliana.”

I ndiaidh glúin fear óg a chailleadh sa Chogadh, d’fhág an imirce gur cailleadh glúin ban óg sna 1920idí.

Baineann dán mór Anna Frater, ‘Màiri Iain Mhurch’ Chaluim’, leis an tragóid agus scéal a seanmháthrach: ‘”Bha e air an ròp/ an uair a bhrìs e…”/ Agus bhris ur cridhe cuideachd /le call an ròpa chalma.”

Beidh searmannas cuimhnecháin i Steòrnabhaigh Oíche agus Lá Chinn Bliana. Cláracha faoin dtubaiste uilig a bheidh ar BBC Alba Lá Chinn Bliana.

Fág freagra ar 'Tubaiste ‘An Iolaire’ a d’fhág pobal Gaelach briste faoi bhrón'