LITIR ÓN nGRÉIG: Níor tharla an ‘Grexit’ ach an Brexit anois an t-údar imní

Tá chuile thír agus a gcúiseanna imní féin acu ag faire an chéad imirt eile a dhéanfaidh Boris Johnson

LITIR ÓN nGRÉIG: Níor tharla an ‘Grexit’ ach an Brexit anois an t-údar imní

An cuimhin libh roinnt blianta ó shin agus muid ar fad ag faire ar chúrsaí airgeadais an Aontais Eorpaigh? Is beag lá nach mbíodh scéal le cloisteáil faoi ghéarchéim na Gréige agus an tír sin faoi ualach ciorruithe a bhí chomh trom sin gur scriosadh saol go leor daoine de bharr an bhochtanais, na dífhostaíochta agus an chruatain.

Tháinig Syriza chun cinn i bpolaitíocht na Gréige mar gur mhaígh siad nach gcuirfidís na ciorruithe i bhfeidhm. Bhí ainmneacha daoine amhail Alexis Tsipras agus Yannis Varoufakis ar bharr a ngoib ag iriseoirí agus tráchtairí airgeadais. Tháinig focal nua chun cinn – Grexit. Sula raibh trácht riamh ar an bhfocal eile sin a thosaíonn le B!

Bhí pobal na Gréige ar na sráideanna agus muid in éad leo anseo in Éirinn, uaireanta, as a gcrógacht agus dúshlán na hEorpa agus a rialacha airgeadais á thabhairt acu. Ar deireadh thiar níor tharla aon Grexit. Cuireadh na ciorruithe i bhfeidhm ar phobal ársa Oilimpia.

Tá tréimhse an chiste fóirithinte thart anois. Tá an ráta dífhostaíochta (18%) fós an-ard ach tá laghdú ag teacht air go leanúnach. Tá sé i gceist maolú a dhéanamh ar na srianta creidmheasa a chuireann teorainn leis an méid airgid is féidir a tharraingt as an ATM mí Meán Fómhair seo.

Tá rialtas nua sa nGréig an samhradh seo.

Go deimhin féin is é Daonlathas Nua atá ar ais, an páirtí céanna a bhí i bhfeighil na tíre sna blianta sin inar bhuail an ghéarchéim is déanaí an tír. Fearacht Fhianna Fáil in Éirinn, imríodh díoltas orthu dá bharr agus chuaigh an pobal i dtreo Syriza, páirtí ar an eite chlé.

Ní beag na dúshláin atá le sárú anois ag an rialtas nua – ceist na dteifeach, aighneas leis an tuaisceart faoi ainm na Macadóine, fadhbanna infreastruchtúir de bharr easpa infheistíochta le deich mbliana, bochtanas agus dífhostaíocht.

An fhadhb is mó atá ag déanamh tinnis dóibh an tseachtain seo sa Ghréig?

Cén réiteach a dhéanfar sa gcás agus go n-imíonn an Bhreatain as an Aontas gan aon mhargadh.

Beartaíodh cruinniú rialtais chun na socruithe nár mhór a dhéanamh sa chás sin a phlé. Tá eacnamaíocht na Gréige bunaithe cuid mhór ar an turasóireacht agus téann ar an meán trí mhilliún turasóir as an mBreatain chun na Gréige in aghaidh na bliana. Ón Domhnach seo chugainn beidh rialacha nua a bhaineann le limistéar Schengen ag teacht i bhfeidhm a chuirfidh moill ar thurasóirí.

Agus nuair a bheidh na Sasanaigh imithe ar fad as an Aontas?

Chonaic mé le mo dhá shúil féin le coicís anuas an maorlathas a bhaineann le turas lae chun na Tuirce ón Aontas Eorpach tríd an nGréig. Níor mhaith liom a bheith a déanamh socruithe faoi chógais leighis, faoi chúrsaí oideachais, faoi chearta saoránachta ná a leithéid.

Tá sé ag éirí níos soiléire in aghaidh  an lae nach bhfuil fonn ar Phríomh-Aire nua na Breataine aon chomhréiteach a dhéanamh faoi láthair. Tá muidne anseo in Éirinn i lár na hidirbheartaíochta ón gcéad lá. Tá imní orainn faoin scrios a dhéanfaidh imeacht na Breataine ar thionscail áirithe. Ní dochar, b’fhéidir, cuimhneamh ar ár leathbhádóirí ar cholbha thoir an Aontais atá ag faire amach dá leas féin.

Tá chuile thír agus a gcúiseanna imní féin acu ag faire an chéad imirt eile a dhéanfaidh Boris Johnson.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN nGRÉIG: Níor tharla an ‘Grexit’ ach an Brexit anois an t-údar imní'