LITIR ÓN bPORTAINGÉIL: Féinín sa ghailearaí ealaíne…

D’fhreastail ár gcolúnaí ar thaispeántas de chuid an ealaíontóra MC Escher ón Ísiltír

LITIR ÓN bPORTAINGÉIL: Féinín sa ghailearaí ealaíne…

Tugaim faoi deara na laethanta seo go mbreathnaíonn go leor daoine ar shaothair ealaíne trí lionsa an cheamara. Is ar éigean go gcaitheann siad súil sciobtha amháin ar an saothar féin. Ach tá an diabhal ar fad orthu siúd a sheasann os comhair saothar ealaíne cáiliúil, a ndroim casta leis, agus iad ag glacadh ‘féinín’,  agus an saothar sa chúlra. ‘Mise agus an Mona Lisa’. ‘Mise agus mo dhuine’.

Ní haon iontas mar sin, gur bhain sé stangadh asam le gairid agus mé ag taispeántas mór i bPorto na Portaingéile, nuair a chonaic mé an fógra ag gríosú an lucht féachana chun féinín a ghlacadh.

Seo casadh sa scéal, a dúirt mé liom féin.

Bhí mé ag taispeántas de chuid an ealaíontóra MC Escher ón Ísiltír. Seo bailiúchán pictiúr atá tar éis camchuairt an domhain a dhéanamh agus na céadta míle cuairteoir meallta isteach gach áit a ndeachaigh sé.

Ealaíontóir é Escher a bhfuil níos mó cáil air i measc an ghnáthphobail, ná mar atá meas air i measc lucht ardnósach shaol na n-ealaíon. Feictear a chuid oibre go minic ar t-léinte, ar mhuigíní, nó ar éadaí leapa, fiú. D’aithneodh tú a shaothar ‘Lá agus Oíche’ ar an toirt. Éin ag eitilt ó thaobh amháin go dtí an taobh eile agus iad ag athrú, go míorúilteach, shamhlófá, ó dhubh go bán.

Ceann eile a bhfuil aithne go forleathan air ná ‘Lámh agus Liathróid Scáthánach’ (Hand with Reflecting Sphere). Agus seo an áit a dtagann an féinín isteach sa scéal. Iarrtar ort seasamh i gcúinne a bhfuil scáileán uaine ann. Seo gléas a úsáidtear go minic i saol an stiúideo teilifíse, chun cúlra bréige a chur sa bpictiúr.

Agus nuair a ghlacann tú an pictiúr os comhair an scáileáin, ar an bpointe cuirtear isteach sa liathróid thú, in áit an ealaíontóra Escher.

Bhí an cur i láthair tarraingteach seo ag teacht le carachtar agus cáil an ealaíontóra féin. Nuair a chuaigh sé ag an gcoláiste ina thír dúchais, ag plé leis an ailtireacht a bhí sé. Ach chaith sé í sin i dtraipisí agus chuaigh leis an ealaín ghrafach. Ba chineál matamaiticeoir a bhí ann freisin agus d’aithneodh tú a scil le línte, le huillinneacha agus le patrúin dá bhfeicfeá na saothair seo.

I gcaitheamh a shaoil, chuir daoine a bhí ag obair i réimse na matamaitice suim in Escher agus d’oibrigh siad leis cé nach raibh aon staidéar foirmeálta déanta aige féin ar an ábhar.

Rugadh Escher in Leeuwarden na hÍsiltíre in 1898 agus mhair sé go dtí 1972. Bhí an-suim aige san Iodáil agus mhair sé sa tír sin gur chuir réimeas Mussolini déistin air agus d’imigh sé go dtí an Eilvéis. Ach rinne sé go leor oibre san Iodáil – léaráidí, gearrthóga adhmaid, liteagraif agus pictiúir áille den tírdhreach, de na bailte beaga agus de na foirgnimh ársa.

Ansin, chuaigh sé ag taisteal sa Spáinn agus chuir sé suim ar leith sna patrúin san ealaín Ioslamach, an Alhambra in Granada agus sa Mezquita in Cordoba.

Cuimhnítear ar Escher go minic mar an t-ealaíontóir a chum foirgnimh a shílfeá a bhí dodhéanta, na staighrí ag dul suas is anuas ag an am céanna, agus mar an té a chruthaigh na pictiúir a thaispeáin an lá agus an oíche ag an am céanna.

Meiteamorfóis nó an t-athrú a bhíodh mar théama aige go minic. Feictear é sin go sonrach sna héin ag athrú ó dhubh go bán. An iad na héin bhána nó na cinn dhubha a fheiceann tú i dtosach?

B’fhéidir nach raibh saol na healaíne an-tógtha le Escher, ach is léir ón líon daoine atá tar éis freastal ar an taispeántas seo, go bhfuil an-tóir ag an bpobal ar a shaothar i gcónaí.

Bhí Escher 70 bliain d’aois sular eagraíodh mórthaispeántas ag breathnú siar ar a chuid oibre. Níl ach pictiúr amháin dá chuid in aon ghailearaí mór poiblí sa mBreatain. Ach d’fhreastail os cionn leathmhilliún duine ar an taispeántas i Rio de Janeiro.

Mar a dúradh faoi tar éis a bháis – ‘ba ghluaiseacht ealaíne aon fhir’ a bhí ann. Cé go ndearna roinnt daoine aithris air, níor bhunaigh sé aon ghluaiseacht nua. Agus cé go raibh suim ag lucht chultúr an phop ann, ní raibh mórán fonn air páirt a ghlacadh sa chultúr sin. Rinne sé cúpla clúdach ceirnín, ceann Pink Floyd ina measc, ach dhiúltaigh sé comhoibriú le Mick Jagger.

Is cinnte nach aon bhréag a rá faoi Escher ‘nach mbeidh a leithéid arís ann’.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN bPORTAINGÉIL: Féinín sa ghailearaí ealaíne…'

  • Máire Uí Shíthigh

    Ana alt. Chonac an taispeántas seo i Napoli na hIodáile san Aibreán. Thógas ceann do na sluaite do dhaoine óga a bhí ann.