LITIR ÓN bhFRAINC: Bhí muintir na hÉireann ag caint ar ‘social distancing’ agus daoine fós ag tabhairt póigín ar an dá leiceann dá chéile anseo

Tá cónaí ar Shíomha Ní Mhuirí in Hossegor na Fraince, tír ina bhfuil ordú dianghlasála i bhfeidhm ón Mháirt. Labhair sí le Tuairisc.ie

LITIR ÓN bhFRAINC: Bhí muintir na hÉireann ag caint ar ‘social distancing’ agus daoine fós ag tabhairt póigín ar an dá leiceann dá chéile anseo

Tá mé anseo in Hossegor, baile beag turasóireachta ar chósta dheisceart na Fraince. Tá muid ar an gceathrú lá den ‘Lockdown’; staid éigeandála a 3. Tháinig an t-ordú dianghlasála i bhfeidhm maidin Dé Máirt. Chun an fhírinne a rá, bhí iontas orm nach ndearnadh roimhe sin é. Bhí muid ag féachaint ar an Iodáil agus ar scaipeadh tapa an víris sa tír sin. Cé go bhfuil muid cóngarach den Iodáil, bhí eagla orm nach raibh an scéal á thógáil chomh dáiríre is ba chóir ag na Francaigh. Bhí mé ag féachaint ar an nuacht sa bhaile in Éirinn le coicís anuas nuair nach raibh ach roinnt bheag cásanna deimhnithe.

Thosaigh na meáin agus an rialtas in Éirinn ag caint ar ‘social distancing’ nó an scoitheadh sóisialta, rud nach raibh aon trácht air anseo. Ní raibh an chuma ar chúrsaí go raibh práinn i gceist leis an scéal anseo sa bhFrainc, cé go raibh cúpla céad cás againn faoin tráth sin. Bhí daoine ag bailiú le chéile mar is gnáth, fós ag tabhairt póigín bheag dá chéile ar an dá leiceann. Nuair a dhiúltaigh mé don phóigín d’fhéach daoine orm ar nós gur seafóid a bhí ar siúl agam. Ansin ar an Luan seo caite, d’fhógair Macron “lockdown” iomlán mar nach raibh muintir na tíre ag éisteacht leis an chomhairle fanacht amach ó dhaoine eile.

Ó shin i leith níl cead an teach a fhágáil ach uair sa lá. Caithfidh tú píosa páipéir, an ‘Attestation de Déplacement Dérogatoire’, a thabhairt leat.

‘Ó shin i leith níl cead an teach a fhágáil ach uair sa lá. Caithfidh tú píosa páipéir, an ‘Attestation de Déplacement Dérogatoire’, a thabhairt leat. Tá pionós €138 i gceist mura mbíonn an páipéar ‘Attestation’ agat nó más é sin an dara huair amuigh agat an lá sin.

Teastas atá ann a thugann cead duit an teach a fhágáil. Níl cead agat a bheith amuigh le duine ar bith. Is féidir siopadóireacht a dhéanamh, aclaíocht a dhéanamh, siúl leis an mhadra nó chun dul chuig an obair, mura féidir leat a bheith ag obair ón mbaile.

Níl cead a bheith ag surfáil, nó bailiú le chéile d’aon chineál spóirt ach amháin rith nó siúl. Déanann an Gendarmerie patról ar an mbaile agus iad ag cinntiú go bhfuil gach duine taobh istigh.

Tá pionós €138 i gceist mura mbíonn an páipéar ‘Attestation’ agat nó más é sin an dara huair amuigh agat an lá sin. Tuairiscíodh ar an nuacht inné gur cuireadh pionóis ar bhreis agus ceithre mhíle duine in aon lá amháin. Sílim go bhfuil an ceart ag an rialtas pionóis throma mar sin a chur i bhfeidhm. Is léir nach féidir brath ar mhuintir na tíre seo chun an rud ceart a dhéanamh. Is dá bharr sin a impím ar mhuintir na hÉireann glacadh le comhairle an rialtais. Fanaigí sa bhaile, a chairde Gael!

Ar an lámh eile, tugann an t-am seo spás dúinn ar fad sos a ghlacadh agus rudaí a dhéanamh a chuireann muid ar an méar fhada go minic. Is féidir linn sásamh a bhaint as na rudaí beaga sa saol. Faoi láthair táim ag déanamh go leor obair ghlantacháin fán tigh, ag imirt cluichí boird, ag déanamh ióga agus ag garraíodóireacht ar an mbalcóin.

Níl páistí agam agus dá bharr sin tá rudaí i bhfad níos simplí domsa. Níl buairt orm faoin tinneas. Tá muinín agam sa chóras leigheas anseo ach tá mé an-bhuartha faoi dhaoine atá níos sine ná mise. Ta cónaí orm i réigiún turasóireachta. Formhór den bhliain is daoine óga a thagann anseo chun dul ag surfáil. I rith an gheimhridh, daoine atá ar scor is mó a thagann chuig an cheantar. Faoi láthair, is tuaisceart na Fraince is measa atá buailte leis an ngalar ach tá daoine buartha anseo go dtiocfaidh daoine ó Pháras agus as Ile de France anuas anseo chun éalú ón víreas mar nach bhfuil sé go forleathan anseo ó dheas. Má tharlaíonn sin beidh contúirt ollmhór ann do na seandaoine atá ina gcónaí anseo. Tá imní orm faoi sin agus faoi thuismitheoirí mo bhuachaillchara agus tuismitheoirí mo chairde anseo. Ceapaim gur ceart do rialtas na Fraince stop a chur le daoine a bheith ag taisteal chuig áiteanna eile sa Fhrainc ina bhfuil tithe saoire acu. 

Má tá rud ar bith foghlamtha againn scaipeann an coróinvíreas go tiubh tapaidh agus go fairsing.

Bígí cliste a chairde Gael agus fanaigí ag baile.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN bhFRAINC: Bhí muintir na hÉireann ag caint ar ‘social distancing’ agus daoine fós ag tabhairt póigín ar an dá leiceann dá chéile anseo'