LITIR Ó PHÁRAS: ‘Ní ghlacaimidne le haon ionchur ón KGB ag an gcomhdháil seo’

Fuair ár gcolúnaí éachtaint ar a leochailí is atá atá an córas daonlathach san Eoraip agus í ag freastal ar chomhdháil iriseoireachta i bPáras

I gceanncheathrú UNESCO i gcathair mhaorga Pháras le fíordhéanaí agus scata iriseoirí bailithe isteach, a tuigeadh dom cé chomh leochaileach agus atá an córas daonlathach san Eoraip seo ina mairimid. Síos im’ bhróga a thit mo chroí is mo mheanma ar chloisint dúinn liodán ionsaithe, géarleanúintí agus dúnmharuithe iriseoirí i dtíortha Eorpacha atá in ainm is a bheith sibhialta.

Íorónach gur in áit atá tiomnaithe don chomhoibriú idir náisiúin ar bhonn oideachais, eolaíochta, cultúir agus cumarsáide, ceanncheathrú UNESCO, a gheobhaimis é seo amach. Liosta le háireamh na heachtraí barbartha ar chualamar fúthu. Na Gilets Jaunes ag ionsaí iriseoirí toisc ná raibh siad sásta le pé tuairisciú a dheineadar ar a bhfeachtas sráide. Réabhlóidithe agus reibiliúnaithe gan chúis b’fhéidir.

Ionsaithe frith-Sheimíteacha déanta ar iriseoirí san Ungáir, tír atá cáinte go láidir as an dtreo neamhdhaonlathach atáid ag gluaiseacht. Uachtarán Phoblacht na Seice dhá bhliain ó shin, ag preasócáid agus Kalashnikov bréige ina ghlaic aige. ‘D’iriseoirí é seo,’ ar sé. Mór an obair nár chuimhnigh Trúmpaire an Tí Bháin ar an gceann san anuas ar na hachasáin eile a chaitheann sé go rialta le hiriseoirí a thuairiscíonn a bhriathra is a ghníomhartha. Olagarcaí na Seice ag infheistiú go láidir i nuachtáin agus meáin chumarsáide agus póilíní ag déanamh imeaglú ar iriseoirí dá réir.

Údaráis na Rómáine ag baint úsáid as dlí cosanta sonraí agus príobháideachais, GDPR, chun iachall a chur ar iriseoirí foinsí eolais a gcuid scéalta a nochtadh. Deoirghás á scaoileadh leo d’aon ghnó agus iad ag clúdach léirsithe poiblí sa phríomhchathair Bucharest. Tuigimid go léir gur beag saoirse d’aon sórt atá sa dúthaigh bhreá fairsing san a dtugtar an Rúis uirthi. Ag ár gcomhdháil i bPáras agus na scéalta san go léir á ríomh dúinn d’éirigh idir beirt iriseoirí ón Úcráin nuair a tharraing duine acu anuas iompar conspóideach na Rúise ina dtír féin.

Bhí sé ina chogadh dearg eatarthu ina dteanga cheolmhar féin. Toisc gan córas ateangaireachta Úcráinise a bheith againn níor thuigeamar ach ‘KGB stooge’ ó dhuine éigin a thuig a leath.

“Ní ghlacaimidne le haon ionchur ón KGB ag an gcomhdháil seo,” ar sé leis. An chaint is mó a bhí ag an dteacht le chéile i bPáras ná an marú le buama cairr a rinneadh ar Daphne Caruana Galizia, tuairisceoir as Málta, agus bhí a mac Andrew i láthair ag an gcomhdháil i bPáras. Ag fiosrú caimiléireacht airí Rialtais agus a gcairde a bhí sí nuair a maraíodh í. Mhaígh a mac go raibh an bhligeardaíocht go smior sna polaiteoirí a bhí i gcumhacht san oileán faoi láthair.

Idir an dá linn, tá toscaireacht seachtar feisirí de Pharlaimint na hEorpa tar éis tuairisc a thabhairt ar a dtríú cuairt fiosrúcháin ar Mhálta agus iad ag fiosrú cé chomh slán agus atá fiosrúchán na bpóilíní sa tír sin agus imní orthu nach féidir dúnmharú iriseora a fhiosrú go n-éireoidh an Príomh-Aire Muscat as a phost.

Cháin sé an córas póilíneachta ar an oileán chomh maith agus dhearbhaigh nach iriseoirí ba chóir a bheith thíos leis nuair a nochtann siad iompar mídhleathach polaiteoirí. Bheadh trua ag éinne don gcréatúr agus é ag deighleáil leis an suaitheadh a bhain le bás fuilteach a mháthar, go háirithe nuair is léir gur daoine dá dtreibh féin is cúis leis an eachtra mhíthrócaireach.

Ní cás dúinne anseo in Éirinn a bheith ag caint gan dabht nuair gur anseo ag baile againn féin, a tharla dúnmharú Veronica Guerin, gan trácht ar mharú fealltach an iriseora Lyra McGee ag léirsiú sráide i nDoire Cholmcille anuraidh agus díreach an lá cheana duine den Gharda Síochána cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar fhear ceamara de chuid RTÉ ag léirsiú i mBaile Átha Cliath. Ar na cainteanna suimiúla eile a bhí eagraithe ag iriseoirí na Fraince dúinn bhí ceist na cothromaíochta inscne sna meáin chumarsáide Eorpacha.

Bhí idir dhea-scéalta agus drochscéalta le tuairisciú. Fadhb leanúnach i dtír ‘shofaisticiúil’ ar nós na Fraince ciapadh gnéis ar mhná. Agus iriseoir teilifíse atá ar scor ag eachtraí don slua a taithí ghránna féin, thugas faoi ndeara fear nó dhó ag sleamhnú leo an doras amach faoi mar nár spéis leo an t-ábhar seo nó nár bhain sé leo olc ná maith. Plus ça change, arsa an duine. Is iontach an dream iad na Francaigh leis.

Cathair Pháras trína chéile roimh Nollaig, gan bus, gan traein, gan Metro acu le breis is ceithre lá. Gan éinne ag gearán. Iad ag tacú go hiomlán leis na stailceoirí ar son na cúise.

Sinne creachta ag cur lámh inár bpóca do thiománaithe tacsaí.

Vive La France!

Fág freagra ar 'LITIR Ó PHÁRAS: ‘Ní ghlacaimidne le haon ionchur ón KGB ag an gcomhdháil seo’'

  • Gabriel Rosenstock

    ‘Réabhlóidithe agus reibiliúnaithe gan chúis b’fhéidir’, a thugann Seosaimhín ar na  Gilets Jaunes . Ní dóigh liom gur sampla maith atá san abairt sin den rud is dea-iriseoireacht ann. ‘Gan, chúis, b’fhéidir?!’ Nach ceart an tuairimíocht bhaoth sin a chaitheamh amach agus na cúiseanna a bheadh leis na Gilet Jaunes a fhiosrú go beacht – agus ansin breith chóir a dhéanamh ar cheann de na feiniméin shóisialta is mó a thugann dóchas don chine daonna? 
    Iriseoir agus scríbhneoir nótáilte a thaitníonn liom féin is ea Paul Cudenec. Tá cónaí air sa bhFrainc agus bhí deis aige bualadh leis na Gilet Jaunes agus a fháil amach cén saghas iad agus cad atá á spreagadh chun gnímh ar shráideanna na Fraince. Duine acu, is bailitheoir bruscair é agus ar seisean le Cudenec: “Is bailitheoir bruscair mé agus glanaimse an cac go léir atá ar an tsráid. Ní mór dúinn anois cac an domhain go léir a ghlanadh suas, agus seasann Macron don chac sin: do gach atá bréagach, fimíneach agus gan chroí. Caithfear an cac seo a ghlanadh suas.” Tá tuairisc bhreá Cudenec ar fáil anseo: https://network23.org/paulcudenec/2018/12/27/gilets-jaunes-unfiltered-anti-capitalism/