Liostaí feithimh ag dhá thrian de naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Béarla an teanga bhaile ag 94% den 4,980 leanbh atá ag freastal ar 160 naíonra Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Liostaí feithimh ag dhá thrian de naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Tá liostaí feithimh ag 64%, nó beagnach dhá thrian, de naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, de réir taighde nua.

De réir an taighde a rinne an eagraíocht Gaeloideachas i measc 160 naíonra, 4,980 leanbh atá ag freastal ar na naíonraí Gaeilge sin lasmuigh den Ghaeltacht.

Naíonraí príobháideacha is ea 61% de na naíonraí Gaeilge.

4% de na leanaí idir 3-6 bliana a bhíonn ag freastal ar sheirbhísí luathbhlianta atá ag freastal ar naíonraí Gaeilge.

De réir an taighde ní labhraíonn ach 3%, nó 150 den nach mór 5,000 dalta sna naíonraí Gaeilge sin, an Ghaeilge sa bhaile. Teanga eile seachas an Béarla agus an Ghaeilge atá ag 3% eile díobh.

Fágann sin gurb é an Béarla teanga an teaghlaigh ag 94% de na leanaí sa 160 naíonra Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

611 oide atá ag obair sa 160 naíonra seo agus tá 56% díobh ag obair go lánaimseartha.

Naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht
Naíonraí 160
Liostaí feithimh 64%
Páistí 4,980
Gaeilge sa bhaile 3%

Níl cáilíocht TEG ach ag 15% den 611 oide sin, cé go molann Gaeloideachas go mbeadh cáilíocht TEG ag leibhéal B2, nó a chomhionann, ag oidí naíonra.

Tá 37% de na naíonraí ar an suíomh céanna le bunscoileanna lán-Ghaeilge, rud, a deir Gaeloideachas, a chabhraíonn go mór leis an leanúnachas san oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

202,633 leanbh ar fad a bhí ag freastal ar sheirbhísí luathoideachais in 2017/2018, ardú 9% ar an mbliain roimhe sin.

Den chéad uair le trí bliana bhí laghdú (12%) anuraidh ar líon na bpáistí ar liostaí feithimh do naíonraí na hÉireann.

De réir taighde a rinne Pobal, 213,654 áit a bhí ar fáil sna naíonraí anuraidh, méadú 6%, ach tá an t-ardú sin ar an soláthar áiteanna níos lú ná an t-ardú 9% a tháinig ar an éileamh ar áiteanna.

Beidh ceist shonrach maidir le teanga na seirbhísí luathoideachais i gceistneoir Pobal don bhliain 2018-19, rud a chabhróidh, a deir Gaeloideachas, “le léargas níos iomláine a thabhairt ar an earnáil lán-Ghaeilge”.

Deir an eagraíocht go gcabhróidh an taighde sin chomh maith lena hobair stocaireachta ar son “cearta agus cothrom na Féinne do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht”.

Fág freagra ar 'Liostaí feithimh ag dhá thrian de naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht'

  • Sibéal

    Tá an scéal céanna sna bunscoileanna. Níl ach 6% de dhaltaí bunscoile na 26 contae ag freastal ar Ghaelscoil. De réir taighde a rinne an ESRI cuirfeadh 23% de thuistí a bpáistí ag Gaelscoil dá mbeadh ceann in aice láimhe. Sin trí cheathrú nach bhfuil an Roinn Oideachais ag freastal urthu.