Líon na gcásanna i gCorca Dhuibhne dúbailte don dara seachtain as a chéile

Tá líon na gcásanna nua den Covid-19 i gCorca Dhuibhne ceithre huaire níos airde anois ná mar a bhí coicís ó shin

Líon na gcásanna i gCorca Dhuibhne dúbailte don dara seachtain as a chéile

Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 i gCorca Dhuibhne le cúpla seachtain anuas.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, bhí 120 cás nua den Covid-19 ar an leithinis idir an 12-25 Deireadh Fómhair, sin ceithre oiread an líon cásanna a deimhníodh i gceantar Chorca Dhuibhne sa choicís roimh sin (31 cás).

Tá líon na gcásanna ann dúbailte don dara seachtain as a chéile agus ráta scaipthe 846 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar anois, cuid mhaith níos airde ná an meánráta náisiúnta – 587.

Cé go bhfuil líon na gcásanna ag ardú i bhformhór na tíre le roinnt seachtainí anuas, tá an t-ardú i gCorca Dhuibhne i bhfad chun cinn ar aon cheantar Gaeltachta eile.

Tá an víreas ag scaipeadh go tréan freisin i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, i ndeisceart Chiarraí. Ardú breis is a dhá oiread a bhí ar líon na gcásanna sa toghcheantar le cúpla seachtain anuas agus is ann anois atá an dara ráta scaipthe is airde sa stát – 1,257. Deimhníodh 315 cás nua den víreas idir an 12-25 Deireadh Fómhair. Is i dtoghcheantar an Longfoirt amháin atá ráta níos airde (1,695) ná an ráta sa Neidín faoi láthair.

Is i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead i gcontae Mhaigh Eo atá an ráta scaipthe is ísle sa stát – 119 – agus é breis is ocht n-uaire níos lú ná an ráta i Neidín. Níor tháinig athrú ar bith ar na figiúirí i mBéal an Mhuirthead an tseachtain seo agus 15 cás a deimhníodh ansin le coicís anuas.

Ardú a bhí i gceist sa toghcheantar eile i Maigh Eo ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Ráta 337, suas ó 267, a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart agus 62 cás a deimhníodh ann.

Bhí ardú mór i gceist sna figiúirí is déanaí do cheantair Chonamara. Tá an ráta i gConamara Theas imithe suas go 272 ó 150 le seachtain anuas agus 58 cás nua aimsithe ansin idir an 12-25 Deireadh Fómhair. Ardú breis is a dhá oiread a bhí i gceist i gConamara Thuaidh le seachtain anuas agus ráta 343 ann anois agus 59 cás aimsithe ann le coicís anuas.

I nDún nGall, tháinig ardú beagnach 25% ar líon na gcásanna i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. 141 cás agus ráta 590 anois atá luaite leis an gceantar.

Ardú thart ar 5% a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall – 234 cás agus ráta 883 – ach thit na figiúirí arís i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil Na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile. Ráta 436, síos ó 508, agus 60 cás atá luaite leis an gceantar anois. Ba é seo an cúigiú seachtain as a chéile gur laghdaigh líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach.

Ó dheas i gCorcaigh, tháinig ardú beag ar na figiúirí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Ráta 445 agus 164 cás, suas ó 158, a bhí sa cheantar idir an 12-25 Deireadh Fómhair.

I dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na Rinne, thit líon na gcásanna agus an ráta scaipthe 17% le seachtain anuas. 90 cás agus ráta 439 atá luaite anois leis an gceantar.

I gcontae na Mí, ráta 231, síos ó 269, agus 72 cás a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ráta 735, suas ó 648, a bhí ann agus 238 cás nua a deimhníodh ansin le coicís.

Fág freagra ar 'Líon na gcásanna i gCorca Dhuibhne dúbailte don dara seachtain as a chéile'