Tháinig ardú ar na figiúirí Covid-19 i bhformhór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas ach ardú beag a bhí i gceist i gcuid mhaith acu.
Níl ráta scaipthe an víris níos airde ná an meánráta náisiúnta – 164 cás in aghaidh gach 100,000 duine – ach in dhá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht, Baile na nGallóglach (385) i nDún na nGall agus Ceanannas (176) i gcontae na Mí.
Tá cuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta eile i measc na gceantar ina bhfuil an líon is ísle cásanna sa stát. De réir na staitisticí is deireanaí, deimhníodh níos lú ná cúig chás in achar coicíse i gceithre cinn den 13 toghcheantar Gaeltachta agus deich gcás nó níos lú a bhí i dtrí cinn eile.
Tháinig ardú suntasach ar líon na gcásanna in iarthuaisceart Dhún na nGall, áfach. Deimhníodh níos lú ná cúig chás i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, idir an 9-22 Márta ach 15 cás a deimhníodh in achar seachtaine, idir an 16-29 den mhí seo. Fágann sin go bhfuil ráta 63 sa cheantar le linn na tréimhse sin.
Agus ráta 385 i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, tá ardú breis is a dheich n-oiread tagtha ar líon na gcásanna le coicís anuas. Níor deimhníodh ach cúig chás sa cheantar, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, idir an 2-15 Márta ach deimhníodh 53 cás sa dara cuid den mhí.
Ó thaobh na gceantar Gaeltachta ina bhfuil na rátaí is ísle sa stát, níos lú ná cúig chás a bhí le fógairt sa dá thoghcheantar Gaeltachta i Maigh Eo – Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, sa Neidín i gCiarraí, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh; agus i gConamara Thuaidh i nGaillimh.
Cúig chás a deimhníodh i gConamara Theas idir an 16-29 Márta agus ráta 23 sa cheantar.
Ardú beag chomh maith a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Sé chás ar fad a deimhníodh ann agus ráta 16 ann a bhí ann.
D’ardaigh an ráta beagáinín freisin i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge. D’ardaigh líon na gcásanna ó naoi gcinn go dtí deich gcinn le seachtain anuas agus ráta 49 a bhí ann.
Titim a bhí i gceist sna figiúirí i gCorca Dhuibhne. Thit líon na gcásanna ó 16 go dtí 11 agus ráta 78 atá sa cheantar anois.
Ráta 176 agus 57 cás a bhí le fógairt i gCeannanas, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, ardú beag ó 56 cás an tseachtain seo caite.
Bhí 33 cás nua agus ráta 106 i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn, titim bheag ón tseachtain seo caite.
Fág freagra ar 'Líon íseal cásanna sna ceantair Ghaeltachta seachas iarthhuaisceart Dhún na nGall'