Bainimis úsáid as feisteas chlann ríoga na Breataine chun an Ghaeilge a theagasc!

Tá sé molta ag an ngníomhaí Gaeilge Linda Ervine go n-úsáidfí téarmaíocht Ghaeilge a bhaineann le feisteas chlann ríoga na Breataine chun teagasc na Gaeilge a dhéanamh níos mealltaí

Tá sé molta ag an ngníomhaí Gaeilge Linda Ervine go n-úsáidfí téarmaíocht Ghaeilge a bhaineann le feisteas chlann ríoga na Breataine chun teagasc na Gaeilge a dhéanamh níos mealltaí.

Chuir Ervine, atá mar stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste, giolc ar Twitter inné agus pictiúr de mhainicíní beaga páipéir de Chlann Ríoga na Breataine in éindí leis.

Dúirt sí go bhféadfaí an leabhar spraoi Dressing the Royals a úsáid mar “bealach nuálach” teagaisc chun ainmneacha Gaeilge na mball corp agus cineálacha éagsúla éadaí a fhoghlaim.

Tá cáil nach beag ar Linda Ervine as an méid atá déanta aici le dornán blianta anuas chun íomhá na Gaeilge a fheabhsú i measc aontachtóirí i gContae Aontroma.

Rugadh agus tógadh Linda Ervine i gceantar Protastúnach in Oirthear Bhéal Feirste. Tá sí tar éis spéis sa Ghaeilge a mhúscailt i measc na ndaoine ina ceantar dúchais, áit a samhlaítear daoine a bheith binbeach go maith faoin nGaeilge de ghnáth.

Thug Ervine litir thar ceann na heagraíochta Turas do pháirtithe polaitíochta Stormont agus do Státrúnaí na Breataine ag deireadh na bliana seo caite ag éileamh Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann.

Maíodh sa litir gur cuid den ‘oidhreacht chomhroinnte’ í an Ghaeilge agus gur féidir léi “gach duine ar an oileán a thabhairt le chéile”. Tá sé ráite ag Ervine cheana gurb é a barúil go bhféadfadh an Ghaeilge agus na teangacha Gaelacha eile naisc leis an Ríocht Aontaithe a láidriú chomh maith le haighneas ar an oileán seo a cheansú.

Ainmníodh Linda Ervine ar dhuine de Sheachtar Laochra na Gaeilge 2014 ag Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite mar gheall ar an éileamh a rinne sí ar chearta teanga i dTuaisceart Éireann in ainneoin an tOrd Buí agus polaiteoirí aontachtacha a bheith anuas uirthi dá bharr.

Fág freagra ar 'Bainimis úsáid as feisteas chlann ríoga na Breataine chun an Ghaeilge a theagasc!'