Ag tráth éicint sa saol bhí beirt óg ag spaisteoireacht cois locha i gConamara agus d’fháisc a gcroíthe isteach ina chéile. Nádúr álainn na hóige. Ach d’imíodar ar a mbealaí féin aríst. Ní raibh fágtha acu ach cuimhní cinn a mhairfeadh go brách. Déarfá gur cuairteoirí a bhí iontu. ‘In Connemara where we met’ a dúradh san amhrán. Mórán mar a tharlódh an tráth seo bliana agus na mílte ag triall ar Chonamara.
An t-amhrán? ‘In Connemara by the Lake’ an teideal atá ar an amhrán. Cloisfidh tú fós é ag leithéid P.J. Murrihy, fonnadóir as contae an Chláir a thógann beithígh de mhianach Seapánach. Is maith uaidh fonn a chur leis an amhrán; ní amhrán é a gcuirfeá fuadar faoi. Amhrán é a bhfuil an draíocht agus an dólás ag baint leis. Níor mhair ciúnas agus draíocht an locha ach seal beag gearr, ach mhairfeadh na cuimhní go deo.
Níl a fhios cén loch atá i gceist i ‘Connemara by the Lake’. D’fhéadfadh sé gurb é Loch an Mhuilinn ar an gCeathrú Rua é nó d’fhéadfadh sé gurb é an loch álainn sin atá amach ar aghaidh Theach an Phiarsaigh i Ros Muc é, nó Idir Dhá Loch i gCarna. Ach, sílim gur mó seans atá ann gur ceann de na lochanna ar Phortach Chloch na Rón atá i gceist. Ar an gcéad iarraidh tá an oiread sin acu ann agus gur deacair a dhul tharstu.
Teideal nua é Portach Chloch na Rón ar an áit sin. Saineolaithe agus lucht na timpeallachta a bhaist an t-ainm sin ar réimse ollmhór criathraigh ó thuaidh de Chloch na Rón, siar go Baile Conaola agus amach chomh fada leis an gClochán. Rinneadh Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta [SAC] de. Na saineolaithe úd, chonaiceadar portaigh agus radharcanna ar chnoic; an bheirt san amhrán chonaiceadar réalta.
Alexander Nimmo, fadó ariamh an lá, chonaic seisean uisce, an iomarca uisce i lochanna Phortach Chloch na Rón.
Is mór i gceist é n t-innealtóir Nimmo agus a chuid oibre faoi láthair. Eisean a bhunaigh sráidbhaile Chloch na Rón taca an ama seo dhá chéad bliain ó shin. Ach bhí Nimmo i gConamara chomh fada siar leis an mbliain 1811 agus dualgas leagtha ag an Rialtas eachtrach air eagar a chur ar chúrsaí portaigh in iarthar na hÉireann; chaithfí réimsí sléibhe a thriomú. Chuaigh Nimmo amach ar Phortach Chloch na Rón.
Ba ansin a chomhair sé 143 loch agus d’iompaigh sé ar a sháil. B’fhacthas do Nimmo nach raibh sé inrásta a dhul ag draenáil na háite. Ní fhaca sé ach uisce. Maidir le portach, cnoc nó réalta – ní raibh amharc orthu i súile Alexander Nimmo.
Ach tá fear sa bhFrainc a chonaic rud éicint i ‘Les Lacs du Connemara’ agus tá a éileacht air.
I 1981 a chuir Michel Sardou amhrán ar an margadh dar teideal ‘Les Lacs du Connemara’ (Lochanna Chonamara). Ní raibh Sardou i gConamara ariamh roimhe sin agus b’amhlaidh cás ag a leathbhádóir cumadóireachta, Pierre Delanoe. Ar Albain a bhí a gcuid peann dírithe acu ach d’éirigh leo bileog eolais turasóireachta a fháil ina raibh cuntas ar lochanna Chonamara. Leag siad ar an dúch.
Máirín agus Seán atá i scéal an amhráin. Phósadar beirt agus síos leo go Luimneach le haghaidh na bainise. Chuaigh gach a raibh ann ar an ‘téar’. Cois níor fhan fúthu. Ach ba ghearr an t-amhrán ‘Les Lacs dú Connemara’ seolta go raibh cosa faoi agus é ar bharr na gcairteacha. Díoladh na milliúin cóip den amhrán. Scaip a cháil taobh amuigh den Fhrainc. Tá sé i mbéal go leor de mhuintir na Fraince i gcónaí. Castar é ag cóisirí agus ag chuile chineál ócáide, go háirithe má bhíonn sórt fiántas ar bith ag baint leis.
Bheadh sé ar comhchéim leis na ‘Fields of Athenry’, nó níos treise ná sin, mar amhrán pobail sa bhFrainc. Ach ar iontaí an tsaoil ní raibh ann ach go raibh an réiteach le haghaidh na gcluichí Oilimpeacha tosaithe nuair a tháinig lagan ar chlampar agus ar chonspóid a bhain le ‘Les Lacs du Connemara’.
Fonnadóir mná ba chiontaí leis an achrann.
Clár raidió Fraincise sa mBeilg a chuir tús leis an rí rá. Fiafraíodh d’fhonnadóir as an bhFrainc, Juliette Armanet, cé na trí amhrán a chuirfeadh fonn imeachta orthu as cóisir. Ar sise: “’Les Lacs du Connemara’ sa gcéad áit agus an t-amhrán céanna sa dara háit agus an t-amhrán sin arís sa tríú háit!”
Chuaigh na Francaigh in árach a chéile.
Chuir Juliette Armanet i leith Michel Sardou gur bhain sé leis an eite dheis sa bpolaitíocht agus go raibh a lorg sin ar ‘Les Lacs du Connemara’. Go deimhin, a dúradh, bhí amhráin cumtha aige ag moladh Mheiriceá agus tuilleadh mísce den sórt sin déanta aige roimhe sin. D’éirigh polaiteoirí den eite dheis amach ag cosaint Sardou agus bhí sé ina sceanairt focal.
Nuair a ghlan an ceo bhí ‘Les lacs du Connemara’ fós á chasadh ag daoine a bhí, agus atá, deiseal agus ciotógach, go háirithe agus iad bogtha amach ag an mbraon. Deirtear gur chuidigh an t-amhrán go suntasach leis an turasóireacht as an bhFrainc go Conamara in imeacht na mblianta. Thug Cumann Tráchtála Chonamara ‘saoirse’ an cheantair do Michel Sardou tamall blianta ó shin.
Níl caint ar bith ar ‘shaoirse Chonamara’ a thabhairt d’fhonnadóirí ‘Connemara by the Lake’. Ach is cuma, mar mairfidh an scéal go brách pé ar bith áit a mbeidh nádúr an tsaoil.
Beirt daoine óga a bhí ag spaisteoireacht cois locha i gConamara, agus d’fháisc a gcroíthe isteach ina chéile.
Seán Ó Riain
Cleas a bhí ann ag Juliette – “Juliette qui?” mar a thugtar uirthi sa bhFrainc. Ní raibh puinn aithne uirthi, agus mheas sí cáil a thuilleamh trí ionsaí a dhéanamh ar dhuine de na hamhránaithe is cáiliúla sa bhFrainc, Michel Sardou. Tá an t-amhrán “Les Lacs du Connemara” ina chuntas fíor-álainn ar chuid de stair na hÉireann, agus is fiú éisteacht leis, agus é a chur de ghlanmheabhair má tá Fraincis agat.
JP
Táim díreach t’réis éisteacht leis (‘Les Lacs du Connemara’ móide na liricí i bhFraincis) anois díreach ar Youtube agus bheinn ar aon tuairim le Juliette Armanet faoi
.i. gur gligínteacht gan bhrí is ea é.
Níl d’oidhre air ach sians a ghinfeadh AI nó ríomhaire nó róbot éicint gan anam.
Déanaim amach gurbh fhearr, gurbh fhírinní agus gurbh ealaíonta go mór an láimh a dhéanfadh JBeag Ó Flatharta nó amhránaí ar bith eile de bhunadh Chonamara ar amhrán den sórt sin. Bíodh nach aon saineolaí mé sna nithe sin sé mo thuairim láidir nach fiú biorán é ‘Les Lacs’ ó thaobh ceoil de ach go háirithe agus cuireann sé alltacht orm go ndeirtear go bhfuil sé chomh forleathan sin sa Fhrainc.
‘Fág marbh é,’ mar adúirt an té adúirt é.
Seán Ó Riain
Cleas a bhí ann ag Juliette – “Juliette qui?” mar a thugtar uirthi sa bhFrainc. Ní raibh puinn aithne uirthi, agus mheas sí cáil a thuilleamh trí ionsaí a dhéanamh ar dhuine de na hamhránaithe is cáiliúla sa bhFrainc, Michel Sardou. Tá an t-amhrán “Les Lacs du Connemara” ina chuntas fíor-álainn ar chuid de stair na hÉireann, agus is fiú éisteacht leis, agus é a chur de ghlanmheabhair má tá Fraincis agat. Seo é: https://www.youtube.com/watch?v=cSSxqyzI8ts
WTF
Tra la la la la la la…
“je suis catholique” (‘c’ seachas ‘C’; fíorchliste!)
Donncha Ó hÉallaithea
Ní hé an chéad air a raibh conspóid ag baint leis an amhrán céanna. Cé nach bhfuil mórán cuma ar na liricí, tá ceol breá bríomhar leis. Ar an gceirnín a eisíodh sa bhFrainc 1981 bhí gar do noiméad de cheol bríomhair ag deireadh an amhráin, casta go breá ag an London Symphony Orchestra.
An bhliain chéanna bhí cúpla toghchán ann. Le scéal fada a dhéanamh gearr thug cara liom ón bhFrainc faoi deara go raibh an ceol díreach céanna, nóta ar nóta, ag amhrán Fhianna Fáil don toghchán is a bhí casta ag deireadh ‘Le Lacs du Conamara’ ar cheirnín Michel Sardou. Rinne AMÁRACH, an nuachtán Gaeltachta a bhí á fhoilsiú ag an am i gCois Fharraige, an scéal a fhiosrú agus fritheadh amach go raibh Fianna Fáil th’éis ceol Pierre Delanoe, casta ag an London Symphony Orchestra, a úsáid gan chead don amhrán toghchánaíochta! Nuair a cuireadh ceist ar Albert Reynolds, a bhí mar Stiúrthóir Toghchánaíochta do FF, cá bhfuair siad an ceol, dúirt sé go bhfuair siad ‘a few session musicians to come into the studio’!