‘Ní mé an duine is fearr don jab níos mó’ – Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael

Fanfaidh Leo Varadkar ina Thaoiseach nó go gceapfar ceannaire nua ar Fhine Gael ar an 6 Aibreán

‘Ní mé an duine is fearr don jab níos mó’ – Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael

Tá fógartha ag Leo Varadkar go bhfuil sé ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael.

“Tar éis seacht mbliana, ní mé an duine is fearr don jab níos mó,” a dúirt Leo Varadkar.

Dúirt sé gurb amhlaidh go n-éireodh níos fearr le Taoiseach agus ceannaire nua ar Fhine Gael athbheochan a dhéanamh ar an bpáirtí agus ar an gcomhrialtas roimh an toghchán agus gurbh fhearr a chruthódh duine eile ó thaobh polasaithe a chur i bhfeidhm agus na polasaithe sin a chur i láthair an phobail.

Dúirt sé nach raibh aon phost eile ar intinn aige agus nach raibh aon phlean eile faoi láthair aige ina shaol pearsanta ná ina shaol polaitiúil.

Thagair sé ina ráiteas chomh maith do na rudaí a baineadh amach, dar leis, le linn a thréimhse mar Thaoiseach.

Luaigh sé cúrsaí fostaíochta, an phaindéim agus an Breatimeacht.

Dúirt sé go roghnófaí ceannaire ar Fhine Gael faoin am go mbeidh Ard-Fheis an pháirtí ar siúl ar an 16 Aibreán agus go gcuirfí ainm an duine faoi bhráid na Dála le toghadh ina Thaoiseach i ndiaidh shos na Cásca.

Tá an tAire Caitheachais Phoiblí Paschal Donohoe, An tAire Fiontraíochta Simon Coveney, An tAire Ardoideachais Simon Harris agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee á lua i measc na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht air.

Is cinnte go gcothóidh éirí as Varadkar go leor guagachta sa chomhrialtas agus go mbeidh polaiteoirí sa bhfreasúra ag éileamh go mbeadh olltoghchán ann.

Chuir Leo Varadkar daoine sinsearacha i bhFine Gael agus ceannairí eile an chomhrialtais, Micheál Martin agus Eamon Ryan, ar an eolas faoina chinneadh inné.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur chuir an scéala iontas air. Ghabh sé buíochas le Leo Varadkar agus dúirt sé gur thug sé “an-seirbhís” don tír.

Dúirt deichniúr Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael ón mbliain seo caite nach mbeidís ag seasamh sa chéad olltoghchán eile. Ba é Ciaran Cannon, a d’fhógair inné nach mbeadh sé ag seasamh, an duine ba dhéanaí a rinne an fógra sin.

Ba iad na Teachtaí Dála eile a dúirt amhlaidh Joe McHugh, Brendan Griffin, Fergus O’Dowd, John Paul Phelan, Michael Creed, Richard Bruton, David Stanton, Charlie Flanagan agus Paul Kehoe.

In 2017 a toghadh Leo Varadkar, a bhí 38 bliain d’aois, ina Thaoiseach den chéad uair. Bhí sé ar an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad Taoiseach aerach ar an tír chomh maith.

Bhí sé ina Thaoiseach go dtí 2020. Toghadh é don dara téarma i mí na Nollag 2022.

Bhí go leor ráflaí ag dul thart i dTeach Laighean ar maidin go raibh sé i gceist ag Varadkar éirí as.

Bainfidh a chinneadh siar as an aos polaitiúil agus as an bpobal agus bliain fágtha i dtéarma an Rialtais.

Tuilleadh le teacht…

Fág freagra ar '‘Ní mé an duine is fearr don jab níos mó’ – Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael'

  • Seán Mag Leannáin

    Ina chéad aitheasc mar Thaoiseach thiar i 2017 bhain Leo Varadkar úsáid as roinnt mhaith Gaeilge. Dúirt sé “Is é ‘Taoiseach’ an teideal atá againn ar Phríomh-Aire na hÉireann. Is téarma Gaeilge é, agus is ceart agus is cóir sin. Léiríonn sé ómós dár stair, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Fiú nach bhfuil mo chuid Gaeilge féin chomh líofa agus gur mhaith liom go mbeadh sé, tá an-chion agam ar ár dteanga dúchais. Le blianta anuas, tá sár-iarracht déanta agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Mar Thaoiseach, beidh sé ar intinn agam níos mó gnó agus níos mó díospóireachta a dhéanamh trí Gaeilge le mo chomh-Theachtaí Dála. B’fhéidir nach mbeidh mé i gcónaí chomh tapa nó chomh líofa agus gur mhaith liom a bheith, ach ceapaim gurb é an rud is tábhachtaí ná iarracht a dhéanamh. Sa chaoi seo, tá súil agam go spreagfaidh mé níos mó daoine an Gaeilge a úsáid sa ghnáthshaol.”
    Ina óráid inniu agus é ag éirí as oifig ní dhearna Leo tagairt dá laghad don teanga agus níor bhain sé úsáid as focal amháin Gaeilge. Beidh sé níos measa fós leis an gcéad Taoiseach eile Simon Harris. Is gaotaire é Harris ach ní dócha go mbacfaidh seisean le focal Gaeilge fiú amháin ina óráid insealbhaithe. Ó thaobh na Gaeilge de, ní hainnis go Harris!