Leithscéal ó An Post as an bhfocal ‘gealach’ a litriú mícheart ar stampaí speisialta Apollo 11

Tá an focal ‘Gealach’ litrithe mícheart mar ‘Gaelach’ ar na stampaí €1 tugadh amach don chomóradh ar thuras an Apollo 11 chun na gealaí i 1969

Leithscéal ó An Post as an bhfocal ‘gealach’ a litriú mícheart ar stampaí speisialta Apollo 11

Tá an focal ‘Gealach’ litrithe mícheart ag An Post ar stampaí speisialta atá eisithe acu mar chuid de chomóradh 50 bliain na tuirlingthe ar an ngealach.

Ghabh An Post leithscéal inniu as an “earráid” agus mhaígh siad go raibh “céimeanna” tugtha acu a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid arís.

Tá an focal ‘Gealach’ litrithe mícheart mar ‘Gaelach’ ar na stampaí €1 tugadh amach don chomóradh ar thuras an Apollo 11 chun na gealaí mí Iúil 1969.

Ceithre stampa atá sa tsraith speisialta faoi spástaiscéalaíocht agus tá an botún ar an gceann ar a bhfuil Neil Armstrong agus ar an gceann ar a bhfuil Michael Collins, beirt de thriúr criú an Apollo 11.

Detail Design Studio a dhear na stampaí atá bailí in Éirinn agus atá le ceannach in oifigí poist áirithe nó ó irishstamps.ie.

Chomh maith leis na stampaí féin, is féidir clúdach litreach speisialta a cheannach agus tá mionleathanach stampaí ar fáil chomh maith mar chuid den chomóradh.

Bhí na hiriseoirí Marion Ní Shúilleabháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht TG4, ar na daoine ba thúisce a chuir a mbotún ar a súile do An Post.

Dúirt Sorcha Ní Mhonacháin gur “náireach, maslach, míghairmiúil” an beart é ag An Post a leithéid d’earráid a dhéanamh agus gur léiriú a bhí ann ar an dearcadh ‘Sure, it’s only Irish’.


Dúirt urlabhraí ó An Post gur botún profála le linn an phróisis deartha ba chúis leis an trasuí a d’fhág gur ‘ae’ in áit ‘ea’ agus gaelú déanta ar an ngealach le barr neamhaistir.

Is oth leis An Post gur cuireadh na litreacha ‘a’ agus ‘e’ in áit a chéile sa teideal Gaeilge ar dhá stampa de cheithre cinn le linn an próiseas deartha do na stampaí Taiscéalaíochta Spáis le déanaí.

“Cuireadh ‘gaelach’ in áit ‘gealach’ sna teidil.  Cé go raibh an téacs i gceart i nGaeilge ar dtús, níor tugadh an malartú litreacha, a tharla i ndréacht níos déanaí, faoi deara le linn na profála deireanaí sular priontáladh agus a eisíodh na stampaí ar an 4 Iúil.  

Gabhann An Post leithscéal as an earráid seo agus tá socruithe déanta le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’earráid arís.”

Chuir Tuairisc.ie ceist chomh maith ar An Post an mbeadh na stampaí míchruinne á dtarraingt siar agus leaganacha ceartaithe á n-eisiúint, ach níor freagraíodh an cheist sin.

Fág freagra ar 'Leithscéal ó An Post as an bhfocal ‘gealach’ a litriú mícheart ar stampaí speisialta Apollo 11'

  • Des O Murchu

    Gaeilge na Moon an Post etc!

  • Tomás de Buitléir

    Tarlaíonn earráidí ach ‘sé an rud is tábhachtaí anois ná an leigheas. Ní leor leithscéal. B’fhearr go mór an rud a chur ina cheart. Caithfear na stampaí míchruinne a tharraingt siar agus leaganacha ceartaithe á n-eisiúint.