San Ard-Chúirt inniu ghabh an stát leithscéal le Joanne Hayes agus a muintir faoinar tharla di i 1984 nuair a cuireadh ina leith san éagóir gur mharaigh sí naíonáin. Íocfar cúiteamh léi féin agus a muintir.
D’iarr Joanne Hayes, a deirfiúr Kathleen, agus a beirt deartháireacha Edmund agus Michael, go ndearbhódh an chúirt nach raibh bunús ar bith le cinntí an Bhinse Fiosrúcháin agus go raibh siad mícheart. Rinne an Ard-Chúirt amhlaidh inniu.
Bhí Joanne Hayes 25 bliain d’aois i 1984 agus í ina cónaí lena muintir i Mainistir Ó dTorna i gcontae Chiarraí nuair a fuarthas corp naíonáin fir a sádh ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín, 75 míle ó bhaile.
Chuir na Gardaí dúnmharú an naíonáin i gCathair Saidhbhín i leith Joanne Hayes nuair a fuarthas amach go raibh sí ag iompar ach nach raibh aon pháiste aici. Thaispeáin Joanne do na Gardaí an áit ar adhlaic sí a maicín Shane, a bhásaigh go luath tar éis a shaolaithe agus a adhlacadh ar fheirm an teaghlaigh.
Faoi dhiancheistiú an Gharda Síochána, d’admhaigh muintir Hayes gur mharaíodar an páistín ach tharraing siad siar an admháil sin arís agus dúirt gur faoi chomhéigean na nGardaí a rinneadh na ráitis.
Caitheadh an cúiseamh in aghaidh Joanne Hayes amach sa gcúirt agus bunaíodh Binse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí chun iompar na nGardaí sa gcás a fhiosrú – fiosrúchán a cáineadh go géar faoin mbealach ar ceistíodh finnéithe agus líomhaintí gan fianaise a dhéanamh, cé gur chun iompar na nGardaí a fhiosrú a bunaíodh an Binse Fiosrúcháin.
In 2018 a ghabh an Garda Síochána leithscéal le muintir Hayes as a n-iompar.
San Ard-Chúirt inniu dúirt an Breitheamh Leonie Reynolds gur “saobhadh nach raibh bun na barr leis” a bhí sa gcaoi ar caitheadh le Joanne Hayes. Dúirt sí nach raibh “aon bhunús” le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin faoi mhuintir Hayes agus go raibh sé “mícheart”.
D’athdhearbhaigh Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris agus an tAbhcóide Sinsir Conleth Bradley ar son an Aire Dlí agus Cirt, a leithscéal le Joanne Hayes agus dúirt gur caitheadh go “náireach” léi.
Dearbhaíodh sa chúirt go raibh na cinntí agus na líomhaintí a rinne an Binse Fiosrúcháin i gcoinne mhuintir Hayes “gan bhunús agus mícheart”. Dúirt an tAbhcóide Sinsir Liam Reidy ar son Joanne Hayes, nach raibh aon bhunús le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin agus a bhuíochas do chinneadh na hArd-Chúirte inniu go raibh ainm Joanne Hayes “glanta, rud a bhí ag teastáil uaithi go géar”.
Ghabh Joanne Hayes buíochas le muintir Mhainistir Ó dTorna agus na cairde uilig a sheas léi le 36 bliain, “a thug misneach agus dóchas dúinn nuair ba ghruama an saol”. D’iarr sí ar dhaoine ligean dóibh leanúint lena saol i measc a bpobail agus gan cur isteach ar a saol pearsanta.
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa le Joanne Hayes agus a muintir faoi chás Leanaí Chiarraí'