Tá fear a dhéanadh buamaí don IRA le linn na dTrioblóidí tar éis leithscéal a ghabháil as bheith páirteach sa ghrúpa a bhuamáil tithe tábhairne in Birmingham in eachtra inar maraíodh 21 duine i 1974.
Pléascadh buamaí in dhá theach tábhairne in Birmingham ar an 21 Samhain 1974. Ciontaíodh seisear, ar a dtugtar ‘Seisear Birmingham’, san éagóir mar gheall ar an mbuamáil.
Tá leithscéal gafa anois ag Michael Christopher Hayes, atá ag cur faoi anois i mBaile Átha Cliath, as an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa a d’eagraigh an bhuamáil sa Mulberry Bush agus sa Tavern in the Town.
In agallamh a thug sé don BBC NI, dúirt Hayes gur theastaigh uaidh dearcadh rannpháirtí sa bhuamáil a thabhairt. Mhaígh sé nach raibh sé i gceist ag an IRA daoine a mharú agus gur thug siad rabhadh leathuair a chloig do phóilíní Shasana faoi na buamaí, ach go raibh moill ocht nóiméad ar na póilíní an rabhadh sin a eisiúint, rud ba chúis leis an léirscrios.
San agallamh, admhaíonn Hayes gur bhain sé féin an dochar as an tríú buama nuair a chuala an IRA faoin ár a rinneadh sa dá áit eile. Is ar Hagley Road in Birmingham a bhí an tríú buama sin fágtha.
Bhí Hayes ar dhuine den bheirt a ainmníodh as na buamaí a leagan in Birmingham, ar chlár de chuid Granada TV a craoladh i 1990. Dúirt sé san agallamh, a chraolfar anocht, gur ghabh na póilíní é, gur ceistíodh é agus gur scaoileadh saor é i 1974.
Dúirt Hayes go raibh “comhfhreagracht” á glacadh aige as gníomhartha uilig an IRA i Sasana, buamáil Birmingham ina measc. D’adhmaigh sé go raibh sé ina bhall den IRA ar feadh breis agus 30 bliain in Éirinn agus i Sasana agus go raibh páirt aige i ngníomhartha na heagraíochta in Birmingham.
Dhiúltaigh sé scun scan a rá ar leag sé féin buama agus dúirt nach raibh “faic le rá” aige nuair a cuireadh an cheist sin air.
Dhiúltaigh sé freisin ainmneacha na ndaoine a leag na buamaí a thabhairt mar gurbh fhearr leis “bás a fháil ná a bheith [ina] sceithire”. Dúirt sé go raibh a choinsias glan agus nach aon dúnmharfóir é féin.
Níor ghlac gaolta na marbh lena leithscéal, ag rá gur “leithscéal meata agus cladhartha” a bhí ann. Dúirt Julie Hambleton, ar maraíodh a deirfiúr Maxine (18) sa phléasc, nach raibh ann ach “cladhaire” agus go mbeadh aon leithscéal ón IRA “maslach”.
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag buamadóir de chuid an IRA faoi bhuamáil Birmingham'