Leithscéal gafa ag an New York Times as tuairisc ‘gan taise’ faoi thragóid Bherkeley

Dá mbeadh breith ar a haiféala ag Eagarthóir Náisiúnta an nuachtáin dhéanfadh sí roinnt athruithe ar thuairisciú an nuachtáin ar an timpiste inar cailleadh seisear mac léinn Éireannacha

Screen Shot 2015-06-17 at 18.38.57

Tá sé ráite ag Eagarthóir Náisiúnta an New York Times go ndéanfadh sí roinnt athruithe ar thuairisciú an nuachtáin sin ar thragóid Bherkeley dá mbeadh breith ar a haiféala aici.

Thug an tEagarthóir Náisiúnta, Alison Mitchell, le fios nach raibh sé i gceist ag an nuachtán milleán a chur ar an seisear a cailleadh nuair a thit balcóin ceathrú hurlár den árasán i mBerkeley California ina raibh siad bailithe le chéile inné.

Chuir an ceangal a deineadh sa tuairisc idir an trágóid agus scéalta conspóideacha eile a bhain leis an gclár J1 an ghoimh ar mhórán sa tír seo a chuir a gcuid feirge in iúl ar na meáin shóisialta. Ina measc bhí an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin, a dúirt gur ‘údar náire’ a bhí sa scéal.

Dúirt urlabhraí an New York Times Eileen Murphy:

“We understand and agree that some of the language in the piece could be interpreted as insensitive, particularly in such close proximity to this tragedy.”

Dúirt Eagarthóir Pobail an nuachtáin Maureen O’Sullivan ar a blag tráthnóna go raibh na céadta gearán faighte ag a hoifig faoin tuairisc ar an dtragóid inar maíodh gur ‘údar náire d’Éirinn’ an clár J1 a raibh an seisear a cailleadh ag baint leasa as.

Dúradh sa tuairisc nár “source of aspiration” amháin a bhí sa scéim J1 ach “a source of embarrassment for Ireland, marked by a series of high-profile episodes involving drunken partying and the wrecking of apartments in places like San Francisco and Santa Barbara.”

Mhaígh duine amháin a chuir gearán faoi bhráid an Eagarthóra Phoiblí nach raibh in easnamh ar an scéal mar a foislíodh ar an nuachtán é ach “a picture of a pint and a kid with red hair falling down drunk”.

Thug Alison Mitchell le fios gur cúis aiféala di gur creideadh go raibh sé mar aidhm ag an New York Times an milleán a chur ar na híobartaigh, rud nach raibh i gceist ag an nuachtán a dhéanamh beag ná mór.

Ghéill duine de na hiriseoirí a scríobh an t-alt, Adam Nagourney, “[that] there was a more sensitive way to tell the story” cé go raibh sé den tuairim i gcónaí go raibh sé inghlactha tuairisciú a dhéanamh ar an gclár J1 i gcoitinne.

Dúirt Nagourney gur leagadh an iomarca béime sa scéal ar na gnéithe diúltacha den chlár J1, rud nár thuig sé féin nó go raibh an t-alt foilsithe. “I feel very distressed at having added to their anguish,” a dúirt an t-iriseoir.

Dúirt Eagarthóir Pobail an New York Times, Maureen O’ Sullivan, nach labhrann thar ceann an nuachtáin féin, go raibh an scéal “insensitive” agus go dtuigfí dóibh siúd ar ghoill sé orthu.

“In that role only [Eagarthóir Pobail an NYT] (and as a mother), I can say not only that I believe many of the complaints were valid, but also that I’m very sorry for the pain the story caused,” a scríobh O’Sullivan ar a blag tráthnóna.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an New York Times as tuairisc ‘gan taise’ faoi thragóid Bherkeley'

  • Fearn

    An gabháil leithscéil é sin dáiríre?

  • Mairéadaoin

    Níl aon rian den bhrón le brath ar an ‘leithscéal’ seo. Mo náire iad…