Léirsiú in aghaidh na bhfeirmeacha oisrí i nGaeltacht Thír Chonaill beartaithe faoi Cháisc

Beidh coirm cheoil ar siúl in Áislann Rann na Feirste mar chuid den fheachtas in aghaidh na forbartha atá beartaithe don fheirmeoireacht sliogéisc ar an mBráid, idir Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair

Léirsiú in aghaidh na bhfeirmeacha oisrí i nGaeltacht Thír Chonaill beartaithe faoi Cháisc

Tá siúlóid agóide beartaithe ag an ngrúpa feachtais Coiste Timpeallachta an Ghaoith don Satharn Naofa, 15 Aibreán, le cur i gcoinne an fhorbairt thionsclaíoch atá beartaithe do cheantar na Rosann.

Ceadaíodh ceithre cheadúnas nua uisceshaothraithe, a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht sliogéisc, do naoi suíomh faoi leith a chlúdaíonn 99 acra ar an mBráid idir Gaoth Dobhair agus Rann na Feirste.

Is méadú suntasach an méid sin ar an bhfeirmeoireacht a bhí ar bun sular ceadaíodh na ceadúnais nua. Tá imní ar an bpobal i nGaeltacht Thír Chonaill go dtabharfaidh na ceadúnais nua cead “méadú ollmhór” a dhéanamh ar líon na bhfeirmeacha éisc atá sa cheantar.

Baileoidh lucht agóide ar dhá thaobh an deáin, taobh Rann na Feirste agus taobh na Brád, ag a 3 a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus siúlfaidh siad i dtreo a chéile go dtí go mbuailfidh siad lena chéile le siúl suas an trá agus isteach go hAnagaire.

Tá Coiste Timpeallachta an Ghaoith ag cur in aghaidh na forbartha toisc nach bhfuil “tacaíocht ar bith” i measc an phobail d’fheirmeacha oisrí a ghlacfaidh suas le 99 acra den chladach agus maíonn siad nach ndeachaigh duine ar bith i gcomhairle leis an bpobal faoi na forbairtí atá beartaithe. Maíonn an grúpa go mbeidh tionchar “nach beag” ag an tionscnamh ar an trá agus an cladach agus go gcuirfidh sé isteach ar “áilleacht nádúrtha an cheantair”.

Beidh coirm cheoil á reáchtáil mar chuid den fheachtas in aghaidh na bhfeirmeacha oisrí aimsir na Cásca agus beidh ceoltóirí móra an cheantair ag casadh ann, ina measc Clann Mhic Ruairí, Emma Ní Fhíoruisce, Connie Mhary Mhicí, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Ní Bhraonáin, agus daoine eile nach iad. Beidh an choirm cheoil ar siúl oíche Luan Cásca agus tá ticéid ar fáil in Áislann Rann na Feirste agus i siopaí na háite.

Fág freagra ar 'Léirsiú in aghaidh na bhfeirmeacha oisrí i nGaeltacht Thír Chonaill beartaithe faoi Cháisc'