LÉIRMHEAS TEILIFÍSE/RAIDIÓ: Craoltóirí na Gaeilge luite amach orthu féin ag sluaisteáil tuairiscí chugainn

Ba mhaith a d’oir lá an bhuiséid do chraoltóirí na Gaeilge arís i mbliana agus gan le déanamh acu an bhliain seo chugainn ach an cúpla bearna a líonadh

Buiséad 2015

Gaileamaisíocht, gothaí réamhthoghcháin, féiríní go leor agus cuid de na seanphortanna céanna. B’shin againn Buiséad 2016 (TG4, aréir).

“An buiséad is flaithiúla atá feicthe againn ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta,” a d’fhógair Páidí Ó Lionaird agus tús á chur aige féin agus ag Eimear Ní Chonaola le cíoradh TG4 ar an gcáinfhaisnéis.

Dála na nduaiseanna ar an Late, Late, bhí an chuma ar an scéal go raibh rud éigin anseo do gach Tadhg an mhargaidh agus Tadhg Ó Rodaí: cúram dochtúra saor do leanaí faoi 12, ardú sa liúntas leanaí, ardú sa phinsin stáit, an bónas Nollag tugtha ar ais agus saoire atharthachta coicíse (cad ’déarfadh an seanadhream leis an gceann sin).

Ní féiríní go dtí é. É sin ar fad agus an buchaill báire é féin, an Muirear Sóisialta Uilíoch á sheoladh i dtreo an dorais iata agus é maíte ag an Rialtas gur ar an gcarn aoiligh sa bhuaile atá a thriall má éiríonn leo san olltoghchán.

Bhí meitheal nuachta TG4 luite amach orthu féin is iad ag sluaisteáil tuairiscí chugainn ó cheann ceann na tíre: Seán Mac an tSíthigh ag crú ba in Iarthar Dhuibhneach, Sorcha Ní Riada sa Dáil, Áine Lally i mbun cainte le seanfhonndúirí agus a thuilleadh eile nach iad.

Ba dhuine d’agallaithe Áine, Séamas Mac Coitir ó chontae an Chláir, ach atá ag cur fé i mBearna, is fearr a dhein spior spear den mhórchúis agus den bhuaileam sciath a bhaineann le cinnlínte cáinfhaisnéise. Ag tagairt go drochmheastúil don gcúpla scilling bhreise a bheadh ina phinsean, dúirt Séamas:

“Cad is fiú €3 sa lá atá inniu ann, is ar éigean go bhfaighfeá uachtar reoite air nó rud éigin mar sin, níl ann ach gaileamaisíocht.”

B’fhíor dó. Gothaí móra ach pinginí beaga ar deireadh thiar. Más fíor m’áireamh, bhí dhá thuairisc déag ag TG4 faoin mbuiséad agus cuid díobh seo an-ghearr. Taibhsíodh dom go raibh coiscéim bhacaí iontu dá bharr. B’fhearr liom féin greim de choinín seachas dhá ghreim de chat.

Faoi mar a luas anuraidh, ní shásaíonn uair an chloig de chlúdach mé ar lá mar seo, go mórmhór agus RTÉ rite amach ón gcairt. Tuigim go gcaithfear fuint de réir na mine ach is dóigh liom go mba cheart clár níos faide a bheith ann agus tosnú níos luaithe. Tá an teas imithe as an gcúram ábhairín faoina 7.00.

Mar is iondúil anois, ‘sé Páidí a bhíonn i bhfeighil na n-aíonna agus Eimear i mbun na nuachta. Dar liom go mb’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh duine acu i mBaile Átha Cliath. B’iad Máirín Ní Ghadhra, Sadhbh Devlin, Finbar McDonnell, agus Pádraig Ó Céidigh a bhí fairis Pháidí. Fágadh fé Shorcha Ní Riada na polaiteoirí a thástáil.

Ba ar an gclár céanna anuraidh a dhein an tAire McHugh a chéad teacht amach agus lena cheart a thabhairt dó, níor dhein sé seó bóthair de féin mar a dhein anuraidh. Dheineas leamhgháire nuair a thug sé neamhaird ar ráiteas Shorcha faoi Fhine Gael gan a bheith báúil leis an teanga. Tá ciall ceannaithe aige.

Ar an drochuair, ní raibh puinn gearradh sa díospóireacht idir é féin agus Seán Ó Fearghail, Fianna Fáil.

Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta bhí leagan speisialta, a mhair trí uair a chloig, de Nuacht a hAon (RnaG, inné) againn beo ón nDáil. (Maith dhom é ach b’ait liom an sos a tógadh i lár an chláir chun filleadh ar an ngnáthsceideal). Bhí na haíonna ag teacht agus ag imeacht ar dalladh chun mórscéalta an bhuiséid a phlé le Gormfhlaith Ní Thuairisg a dhein láimshéail thomhaiste ábalta ar an díospóireacht mar is dual di.

Bhí Joe McHugh fé agallamh anseo leis agus é ag breith cruaidh air sprionlaitheacht an Rialtais i dtaobh na Gaeilge a mhíniú dúinn. Ní raibh ‘airgead flúirseach’ ann an t-aon fhreagra a bhí ag an Aire Stáit. ‘Ní raibh airgead ag fás ar na crainn mar a bhíonn nuair atá Fianna Fáil i Rialtas,’ ar sé go seanabhlastúil.

Ba dheacair d’iarcheannaire Fhine Gael Alan Dukes meabhair a bhaint as cnáimhseán na nGaeilgeoirí. Nach mbíonn an fear Gaeltachta ag baint leasa as seirbhísí sláinte chomh maith le duine eile? a d’fhiafraigh Dukes. Chaith sé sleais ansin ar na tráchtairí Gaeilge arb ionann iad agus ‘brúghrúpa’ teanga eile, dar leis. Fuair sé a fhreagra go maith ó Áine Ní Chiaráin agus Ciarán Ó Feinneadh. ‘Sea, mar Ghaeilgeoir is cás liom an Ghaeilge, a dúirt Ní Chiaráin. Mheabhraigh Ó Feinneadha do Dukes go mbíonn an Gaeilgeoir ag íoc a chuid cánach chomh maith le duine eile.

Ba mhaith a d’oir lá an bhuiséid do chraoltóirí na Gaeilge arís i mbliana agus gan le déanamh acu an bhliain seo chugainn ach an cúpla bearna a líonadh.

Idir an dá linn, in ainneoin a bhfuil ráite ag an Taoiseach le cúpla lá anuas, cá bhfios ná go mbeidh ar chraoltóirí agus tráchtairí na Gaeilge luí amach orthu féin arís i gceann roinnt seachtainí agus olltoghchán idir chamáin acu?

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE/RAIDIÓ: Craoltóirí na Gaeilge luite amach orthu féin ag sluaisteáil tuairiscí chugainn'

  • cormac

    rinne Paidi agus Eimear an-chumhdach ar an ngaileamaisocht ar fad, is fior. an-fhocal e sin chun cur sios air. agus buaileam-sciathachas maille leis. ach fos fein is docha go n-eireoidh leo sinn a cheannach arist eile agus an bonn a bhaint uainn d’reir a cheile ansin i bhfaid na haimsire. ab aon ionadh nach bhfuil meas muice acu orainn mar dhrong?