Spléachadh tapa ar chás na hÍoslainnise a thug Alasdair MacLeòid dúinn in Eòrpa: an Íoslainnis ar an imeall (BBC Alba/BBC iPlayer) an tseachtain seo caite. Meascra de Ghaeilge na hAlban, Íoslainnis agus Béarla a bhí sa chlár. Gàidhlig a labhair MacLeòid féin agus é ar cuairt ghairid ar Oileán na Tine agus an tSeaca.
Ar an chomhrá a bhí an bhéim; ní ar staitisticí. Ábhar buartha a bhí ag mórán de mhuintir an oileáin a labhair go raibh a dteanga dhúchais faoi bhrú ag an Bhéarla, an comhartha ba mhó de thionchar an domhandaithe ar chultúr agus ar fhéiniúlacht an oileáin. Thug MacLeòid cur síos gonta ar fhréamhacha na teanga agus an dóigh a dtáinig sí chun an oileáin leis na Lochlannaigh.
Tá an Béarla ag dul i bhfeidhm ar an Íoslainnis ar an dóigh chéanna agus a théann sí i bhfeidhm ar an Ghaeilge: bhí an Béarla ag lúbadh na hÍoslainnise traidisiúnta as riocht – aithníonn muid uilig an feiniméan sin a bhfuil ‘Béarlachas’ air.
Thairis sin, ba é an Béarla lingua franca na dturasóirí agus oibrithe a bhí ag teacht isteach agus ag déanamh cónaí ann. Bhí teorainn oscailte ag an tír leis an Aontas Eorpach agus cead, dá réir sin, ag na céadta milliún dul a dh’obair ann.
Sa mhullach air sin fosta, bhí imní ar lucht na teanga gurbh é an Béarla teanga na teicneolaíochta agus bhí dúshlán i gceist leis an Íoslainnis a chur ar fáil sa ré dhigiteach.
Chuir lucht déanta an chláir cúpla líne isteach sa chlár a chuir in iúl dúinn cé chomh holc agus a bhí cás na dteangacha mionlaigh fud fad na cruinne; bhí baol ann go mbeadh 1,500 teanga marbh faoi dheireadh an chéid seo. Murar chuir an chaint gruaim ort, is cinnte gur chuir na línte fánacha cadránta sin.
Bíodh sin mar atá, b’fhéidir gurb é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ormsa gur tír ar fad a bhí i gceist anseo, stát lena pharlaimint féin agus teanga ársa a bhí á labhairt fud fad an oileáin le cuimhne na ndaoine. Ach bhí an teanga faoi ionsaí ag fórsaí móra domhanda ina ainneoin sin. Bhí an seanscéal céanna ann – daoine a bhí buartha faoi nithe spioradálta – cultúr agus teanga – agus iad in iomaíocht le nithe saolta – cúrsaí eacnamaíochta.
Seanphort é i litríocht na Gaeltachta nárbh fhéidir leis an phobal na clocha a ithe. Mar an gcéanna san Íoslainn é – níl cothú sa tsioc ná sa tine. Tá gá ann le cúpla punt a dhéanamh le go mbeidh an pobal beo.
Clár snasta a bhí ann agus ba i muinín na bhfotheideal a bhí mise leis an chaint a leanstan nó níl Gàidhlig ar bith agam. Ba deas mar a tharraing lucht déanta an chláir na téada éagsúla le chéile bíodh is gur mhothaigh mé nach raibh feidhm ar bith le mír a bhain le cás na Gàidhlig in Albain féin. Chonacthas dom go raibh sé as áit. Ó tharla gur chuir MacLeòid an trioblóid air féin turas chun na hÍoslainne a dhéanamh, b’fhearr liomsa tuilleadh cainte faoi chúrsaí meáin chumarsáide agus litríochta na tíre sin.
Bhí mír spéisiúil faoi chúrsaí amharclannaíochta sa tír agus leid nárbh ionann teanga scríbhneoireachta na ndaoine óga a bhí ag scríobh do chúrsaí teilifíse agus scríbhneoirí níos sine. Is trua nár forbraíodh sin. Cé hiad na scríbhneoirí móra comhaimseartha san Íoslainnis? Cad é an tuairim atá acu ar chás a dteanga? Cad é an pháirt atá acusan i gcaomhnú, cosaint agus cothú na teanga in aghaidh an Bhéarla?
D’fhág an clár roinnt ceisteanna gan fhreagairt ach bhí tairbhe leis mar sin féin; cur i gcuimhne tráthúil a bhí ann gur san fhaopach atá muid uilig.
Fág freagra ar 'LEIRMHEAS TEILIFÍSE: Turas teanga ar Oileán na Tine agus an tSeaca'