LÉIRMHEAS: ‘Sneachta’ agus ‘Fuaimeanna caillte’ ag seónna áille IMRAM

Tá roinnt imeachtaí á n-eagrú ag IMRAM idir seo agus an Nollaig agus b’fhiú freastal orthu i bhfianaise a fheabhas is a bhí an dá sheó is déanaí acu

LÉIRMHEAS: ‘Sneachta’ agus ‘Fuaimeanna caillte’ ag seónna áille IMRAM

In Éigse Éireann a cuireadh Tionscadal an tSneachta IMRAM i láthair an tseachtain seo caite. Téama an tsneachta an snáithe a cheangail na healaíona ar fad. Ba mhaith a d’oir ceol nuachumtha Enda Reilly ar an ngiotár agus na híomhánna a roghnaigh Margaret Lonergan sa chúlra don fhilíocht. Reic Gabriel Rosenstock a leaganacha traschruthaithe de haiku an mháistir Issa, agus an file suite i measc an lucht féachana lena mhicreafón agus é ag salmaireacht siollaí go sollúnta, rud a d’fhág go raibh a ghuth mar a bheadh sé díchollaithe, an lucht féachana báite sa cheol is na focail. 

Cur chuige a bhfuil níos mó cleachtadh againn air a roghnaigh  Micheál Ó hAodha agus Helen Ivory agus iad ina seasamh os ár gcomhair amach ag léamh. Dánta Béarla a bhí ag Helen Ivory, cuid acu sách osréalach ach iad ag cur leis an gceol agus na híomhánna. Grá agus gean a líon dánta Mhichíl, an sneachta ag gairm daoine chun geantraí grá nó goltraí an ghrá. 

Ceol Enda Reilly ar an ngiotár ag iompar focail na bhfilí go healaíonta. D’éirigh le Margaret Lonergan fómhar saibhir íomhánna sneachta a bhaint as Creative Commons a d’fheil do na dánta gan lomaithris físe a dhéanamh ar na focail. 

De dheasca stoirm Ophelia i mí Dheireadh Fómhair, b’éigean roinnt d’imeachtaí IMRAM a chur ar athlá. Ina measc bhí ‘Leabharlann na bhFuaimeanna Caillte nó Iad ag Dul i Léig’. Cuireadh saothar ceathrar filí inár láthair agus téama sin na bhfuaimeanna caillte á spreagadh. Thug Doireann Ní Ghríofa muid ar thuras amhail is gurbh ann dá leithéid de ‘leabharlann’ dáiríre. Thug sí léi isteach muid agus sheinn na spóil a bhí i dtaisce ansin d’fhuaimeanna nach gcloistear níos mó: fuaim an chlóscríobháin – nó an fhuaim a dhéanadh ríomhaire ag nascadh leis an idirlíon trí modem ar líne fóin. Nasc sí na fuaimeanna sin le héachtaí agus an caidreamh daonna. Dán cumhachtach aici faoi chlic clic na ndealgán cniotála ag bean i dteach altramais, arbh nasc é le saol atá imithe. Bhí réimse eile fuaimeanna á gcíoradh ag Proinsias Mac a’ Bhaird, fuaimeanna a bhain le hoileán a óige agus lena athair agus a sheanathair, fuaimeanna a spreag cuimhní – cloch faobhair, lann lomaire faiche, scian tobac, an traonach. Is beag gean atá aige ar fhuaimeanna atá fós linn agus ar mithid leis iad a mhúchadh – fuaimeanna an tuathghríosóra agus mhangaire an fhuatha. Tá athruithe chun feabhais ann freisin – ní thig lena chlann a shamhlú go mbuailfí leanbh ar scoil, níor chuala siad riamh buille slaite ar chraiceann duine. Ní raibh Máire Dinny Wren in ann bheith i láthair í féin, ach léigh Sinéad Ní Uallacháin a cuid dánta go paiteanta.

Thug sí spléachadh dúinn ar dhearcadh eile ar ghlór an traonaigh agus na mbiorán cniotála agus na macallaí teaghlaigh agus tuaithe iontu.  Rudaí dulta i bhfeabhas, rudaí eile imithe i léig, mar sin.

Thug Marcus Mac Conghail conair eile ar fad air féin. Shamhlaigh sé spásárthach, ar a bhfuil taifead fuaime ó pláinéad atá imithe i léig, ag seoladh tríd an spás, macalla na bhfuaimeanna agus gluaiseacht an árthaigh fite fuaite ina chéile. D’éirigh le Marcus taipéis fuaime a dhéanamh as na focail – é ag reic scaití, ag cantaireacht scaití eile – trí iad a lúbadh agus a chasadh sa tslí go raibh focal amháin ag tarraingt focail eile leis.

Ag tacú leis an gcur i láthair ar fad agus á aibhsiú dúinn, bhí fuaimrian allabhrach Fergus Kelly, ceoltóir agus dealbhóir fuaime.

Bíonn lón samhlaíochta agus machnaimh le fáil ag imeachtaí IMRAM i gcónaí agus tá tuilleadh ag teacht go luath.

02/12/2017 8:30 pm    Club IMRAM na Nollag 1 CLUB CHONRADH NA GAEILGE,

13/12/2017 7:00 pm    Obair idir Lámha An Siopa Leabhar,

16/12/2017 8:30 pm    Club IMRAM na Nollag 2 CLUB CHONRADH NA GAEILGE

18/12/2017 7:30 pm    IMRAM @ REIC NA NOLLAG – DAIRENA NÍ CHINNÉIDE & STEVE COONEY

Tá sonraí na n-imeachtaí ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: ‘Sneachta’ agus ‘Fuaimeanna caillte’ ag seónna áille IMRAM'