LÉIRMHEAS – Scott Walker & Sunn O))) – Soused (4AD)

Saothar fíorealaíonta é 'Soused', ach is masacas, de shaghas, é freisin.

scott_walker_soused

Is fada an t-aistear atá déanta ag Scott Walker ó bhain sé barr cairt na singil amach den gcéad uair, i dteannta popghrúpa The Walker Brothers, sa bhliain 1965.

Ó shin i leith deineadh ceoltóir uaillmhianach avant-garde den phlásán de phop-réalt. Bailéid ghrá shíodúla leithéidí ‘Joanna’ na hamhráin is mó a shamhlaítí le Walker i 1968.

Ar Soused, albam dorcha, duairc a dhein sé i dteannta leis an ngrúpa drone metal as Seattle, Sun O))), tá an fear céanna le clos anois ag cur síos gan íoróin, thar cheol gruama corraitheach a chuirfidh samhnas ort, ar an sádmhasacachas.

An t-aon rud nach bhfuil athraithe ná glór mór baratóin Walker, atá mar a bheadh ga gréine ag briseadh tríd an gceo ag tús an amhráin ‘Brando’.

Máistriúil agus grástúil.

Ní fada a mhaireann an t-aoibhneas, áfach. Nuair a scaoileann Sun O))) leis an gcéad chórda sínte giotáir tar éis leathnóiméid, súitear glór Walker ag fórsa an cheoil, amhail is go bhfuil doras foirnéise oscailte acu.

Nílimid ach dhá nóiméad isteach san albam nuair a chloistear an líne “I am down on my knees, a beating would do me a whole lot of good” ó Walker agus fuaim sa chúlra a chuirfeadh lascadh fuip i gcuimhne duit.

Is beag faoiseamh atá le fáil as sin ar aghaidh. Saothar fíorealaíonta é ‘Soused’, ach is masacas, de shaghas, é freisin.

Tá cur i láthair Walker idir léanmhar agus trodach tríd is tríd, ach tá corrseoid ghrinn ann leis, ar nós an líne “I’m jumping up and down like a Riverdancer’s nuts”.

Tá ceol cumhachtach Sunn O))) ina iontas, ach beidh éacht déanta ag an té a éisteoidh leis ó thús go deireadh gan sos.Bí cinnte gurbh é sin go díreach a theastaigh ó Walker.

(8/10)