LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Saothar stuifiúil faoin ‘conversion therapy’

In Boy Erased tugann Joel Edgerton agus a chomhghuaillithe faoi éachtaint a thabhairt ar an  ‘teiripe thiontaithe’

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Saothar stuifiúil faoin ‘conversion therapy’

Boy Erased
Stiúrthóir: Joel Edgerton
Cliar: Lucas Hedges, Nicole Kidman, Joel Edgerton, Russell Crowe

Léiríonn an táirge stuifiúil seo agus The Gift (2015) nach aon dóithín é Joel Edgerton nuair a théann sé i mbun pinn nó taobh thiar den cheamara. Stiúrthóir/scríbhneoir é atá teann as féin agus a dhéanann a iomaire féin a threabhadh.

Sa saothar dea-mhéineach seo tugann Edgerton agus a chomhghuaillithe faoi éachtaint a thabhairt ar an  ‘teiripe thiontaithe’ nó ‘conversion therapy’ an cleachtas úd a bhíonn ag institiúidí áirithe, cinn reiligiúnda ach go háirithe, daoine aeracha a ‘leigheas.’

Tá an saothar seo bunaithe ar chuimhní cinn den teideal céanna ó pheann Garrard Conley. Is páiste aonair é Jared (Hedges) atá á thógáil in Arkansas mar a bhfuil a athair, Marshall (Crowe) ina thréadaí agus ina dhíoltóir gluaisteán agus an mháthair Nancy (Kidman) i bhfeighil an tí. Saol sócúil, meánaicmeach á chaitheamh acu. Léiríonn na físeáin bhaile gur teaghlach grámhar iad ach cuirtear abhaile orainn chomh maith go bhfuilid coimeádach agus righin ina ndearcadh saoil.

Níl cíos, cás ná cathú ar Jared mar sin; ag éirí go breá leis ar scoil, ag imirt ar an bhfoireann cispheile agus duine de na gárthóirí molta ar adhastar aige. Léiríonn a chuid suirí leis an gcailín céanna nach bhfuil sé istigh leis féin ó thaobh a ghnéasachta de.

Tagann seo go cnámh na huillinne nuair a fhreastalaíonn sé ar an gcoláiste agus go n-eascraíonn caidreamh idir é féin agus buachaill eile, gaol a dtagann críoch fhoréigneach leis. Ar deireadh bíonn air a insint dá thuismitheoirí go bhfuil sé aerach agus in ainneoin go bhfuil a thuismitheoirí ag iarraidh é a sheoladh ar bhóthar a leasa seolann a gcúngaigeantacht ar bhóthar a aimhleasa é.

Cuirtear chuig institiúid de chuid ‘Love in Action’ é mar a ndéantar iarracht é a ‘thiontú’. An reiligiún agus an ‘teiripe’ lárnach i gcur chuige na hinstitiúide agus an cheann feadhna, Victor (Edgerton), carachtar atá bunaithe ar fhear darbh ainm John Smid.

Tá cuid de seo greannmhar agus seafóideach; liúdramán amháin ag cur de faoin tionchar atá ag dea-sheasamh ar fhearúlacht. Tá a fhormhór truacánta agus cuirfidh sé as go mór d’fhormhór mór an lucht féachana. An náire agus an drochíde mhothúchánach á n-úsáid mar uirlisí le hintinní na ndaoine óga a mhúnlú chun a sástachta.

Tugann Jared faoin gcúrsa le fonn ar dtús ach diaidh ar ndiaidh tagann athrú intinne air agus tagann a mhisneach chuige.

Is iad na taispeántais bhreátha ó Hedges, Kidman, Edgerton, agus Crowe bunchloch an tsaothair. Is iad a choimeádann rudaí sa tsiúl nuair a théann an drámatacht ar bóiléagar ábhairín. Uaireanta taibhsíodh dom go raibh drochthionchar ag an dea-mhéin ar fad ar ghluaiseacht an scéil, ach tá cuid de na radharcanna idir Hedges agus Kidman nótáilte ar fad. Cuireann Edgerton fear buile, deisbhéalach, sleamhain os ár gcomhair agus cé nach bhfuil Crowe le feiscint an oiread agus a cheapfá éiríonn leis carachtar righin, suaite a chur os ár gcomhair.

’Sí an scríbhneoireacht ar scáileán ag deireadh an scannáin a mheabhraíonn tábhacht an tsaothair dúinn. Tá an ‘teiripe’ seo fós dleathach in 36 stát i Meiriceá agus meastar gur fhulaing  tuairim is 700,0000 duine an mhí-úsáid seo.

Leis an íoróin a chur i gceann na héagóra cuirtear in iúl dúinn chomh maith gur scar Sykes/Smid lena bhean chéile agus go bhfuil sé anois pósta le fear agus buailte fé in Texas.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Saothar stuifiúil faoin ‘conversion therapy’'