LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Níl Free Fire saor ó locht ná baol air

Baintear macallaí as saothar Tarantino i rith an ama i scannán nua Ben Wheatley, ach sop in áit na scuaibe atá ann

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Níl Free Fire saor ó locht ná baol air

Free Fire

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Ben Wheatley

Cliar: Cillian Murphy, Armie Hammer, Brie Larson, Michael Smiley, Sharlto Copley, Jack Reynor, Patrick Bergin.

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit gur saothar é seo a fuineadh agus a fáisceadh as scioból samhlaíochta an draoi é féin, Quentin Tarantino. Radharcanna le foréigean glinn, greann, aisteoireacht foirne agus slaiseanna tíriúla á gcaitheamh ar dalladh. Ní hé Quentin a scrígh ná a stiúraigh an scannán seo, áfach, agus, ar an drochuair, ní foláir a rá gur trua san.

Coincheap dúshlánach go maith a chuir Ben Wheatley roimhe; is é sin scannán a léiriú a bhí bunaithe go hiomlán, nach mór, ar eachtra lámhaigh. Caithfidh tú a bheith os cionn do bhuille maidir le gach gné den saothar má tá uait coincheap mar sin a thabhairt ar an bport. Gach rud ón scríbhinn, go dtí an rogha aisteoirí agus an léiriú ar an aicsean féin. Caithfear a chinntiú nach mbeidh barr cleite isteach ná bun cleite amach nó rachadh an rud ar fad go tóin poill.

Cuireadh tús taitneamhach go maith leis cúrsaí agus bhí comharthaí sóirt an draoi (atá luaite thuas) le feiscint go rábach. An chéad rud a thabharfaidh an tÉireannach suntas dó ná an slua aisteoirí Éireannacha atá againn (Murphy, Smiley, Reynor agus Bergin). Meitheal atá againn anseo ach ina dhiaidh sin féin d’fhéadfaí a rá gurb é Chris, an fear IRA (Cillian Murphy), an ceann feadhna. Aisteoir mealltach é Murphy agus tá an teacht i láthair cuí aige anseo. Tá sé tagtha go Bostún na seachtóidí le margadh gunnaí a chur i gcrích agus cancrán, tuathalach, Michael Smiley, ina fhochair.

Is í Justine (Larson) atá tar éis an margadh a shocrú le Ord (Hammer) agus Vernon (Copley), liúdramán agus díoltóir arm ón Afraic Theas.

Gearradh agus leibhéal againn ón tús. A leithéid seo:

Ord: Alright there, Smokie.

Gordon: You smell good.

Ord: Thank you. It’s your mother.

Macallaí á mbaint as Tarantino i rith an ama ach scéal an tsoip agus na scuaibe id aigne i gcónaí.

Nuair a thugtar iad go  sean-trádstóras tréigthe tá a fhios againn go bhfuilimid faoi réir. Níl go maith agus níl go holc go dtéann rudaí ar bóiléagar i rith na hidirbheartaíochta le hamhas Meiriceánach, Jack Reynor, ina lár istigh. Cuirtear an lasair sa bharrach agus níl faic againn ansin ach urchair, carúlacha, aicsean, eascainí, mugadh magadh agus briolla bhrealla go bun an angair.

Gan amhras tá rian den scigdhrámaíocht riachtanach i gcomhthéacs mar sin ach tar éis tamaill, bhí paidir chapaill déanta den chúram agus an rud ar fad imithe chun leadráin. Ní fhéadfadh caimeo ó Patrick Bergin é sin a chur ina cheart, go deimhin ba shaothar in aisce a charachtar a thabhairt isteach in aon chor.

Bíonn na carachtair dhifriúla á gcur de dhroim seoil de réir a chéile agus cé go mbíonn ábhairín tine ar an gcraiceann agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe, fágadh sin le críoch phatuar. Saothar cuíosach ach nuair atánn tú ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an draoi níor mhór duit cúpla cleas a bheith agat féin.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Níl Free Fire saor ó locht ná baol air'