LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bheidh súil gan deoir inti, ach a dtagann na teidil chreidiúna aníos ag deireadh ‘Shoplifters’

Tá Shoplifters chun tosaigh ar nach mór gach saothar eile atá in iomaíocht leis do Ghradam Oscar

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bheidh súil gan deoir inti, ach a dtagann na teidil chreidiúna aníos ag deireadh ‘Shoplifters’

‘Shoplifters’  le Hirokazu Kore-eda.

Cliar: Kirin Kiki, Lily Franky, Sakura Ando, Mayu Matsuoka, Kairi Jo, Miyu Sasaki.

Póilín Mná: Why did you keep her?                                                                                     

Nabuyo, an mháthair ‘altrama’: I found her. It was someone else who threw her away.

Ní mar a shíltear a bhítear ar chúlsráideanna Thóiceo, bundún bréan mhíorúilt mhór thionsclaíoch na Seapáine.

Póilín: ‘Didn’t you feel guilty making kids shoplift?’                                                             

Osamu, an t-athair ‘altrama’: ‘I don’t know anything else to teach them.’ 

Lag trá eacnamaíochta na Seapáine is cúis le dearóile theaghlach ‘neamhfhoirmeálta’ mhuintir Shibata. Tuigimid dóibh láithreach.

Faigheann Osamu lá fánach oibre mar oibrí tógála ó am go chéile. Tá post suarach páirtaimseartha á roinnt ag Nobuyo i neachtlann cúlsráide. Ní leor an teacht isteach chun cothú a chur ar an mbord, fiú agus pinsean beag na seanmháthar críonna curtha san áireamh.

Ansin, tráthnóna amháin agus Osamu is a mhac óg Shota ag filleadh ó eachtra bradaíola sna siopaí tagann siad ar Yuri, patalóigín bheag bhídeach ceithre bliana d’aois, tréigthe lasmuigh gan dídean. Beireann Osamu leis abhaile í don oíche. Ach, ar aithint dóibh lorg na drochíde a d’imir a tuismitheoirí ar an aingilín, cinneann siad láithreach tinteán agus tearmann a thabhairt di ina dteaghlach croíúil féin.

Ní haon ribín réidh é Hirokazu Kore-eda. Díreach isteach leis go croí na faidhbe i gcónaí. Bá aige leosan a bhíonn ar an bhfíor-imeall. Ní thagann sochaí mhilleánach ná córas righin traidisiúnta na Seapáine slán ó cháineadh. Is léir míghnaoi Kore-eda orthu.

Agus, murab ionann is Ken Loach – mo sheanlaoch sóisialach ó phuilpid na seascaidí, fear Cathy Come Home agus eile, níl ribe den phraeitseáil ag roinnt le Hirokazu Kore-eda. Is daonnachtaí álainn é an Seapánach, auteur cineama a thaithíonn an tsárfhoirfeacht.

Carnann Kore-eda míreanna beaga ceann ar a chéile go fíneálta. I ngach móimint bheag, i ngach moill le freagra a thabhairt, le gach miongháire débhríoch agus gach casadh súl, léirítear anam agus pearsantacht agus inspreagadh na gcarachtar dúinn, mír i ndiaidh míre, céim i ndiaidh céime, go dtí go dtitimid, ar deireadh, fá gheasa aoibh ghioblach an teaghlaigh uile.

Agus a leithéid de theálta rógairí atá in aontíos le chéile. Tá blas den débhríocht i dtarrtháil dhea-chroíoch Juri, áfach. Maith a thuigeann an ‘Fagin’ in Osamu go dtugann sí dhá lámh eile dó le hoiliúint i bpríomhghairm an teaghlaigh. Tá débhríocht mhistéireach éigin i bhfolach i ngach aon duine eile díobh freisin.

Tá Kirin Kiki máistriúil i ról na seanmháthar. Eolach, gleoite agus stuacánta de réir mar a oireann, ach í muirneach agus cúramach i gcónaí faoin mbabaí Juri. Is ceacht samplach d’aon bhean atá tréigthe an bealach ina ndéanann sí dúmhál ar pháistí dhara theaghlach a fir chéile, nach maireann, a thréig í féin fadó. Sárthaispeántas ina ról deiridh. Fuair Kiki bás mí Lúnasa seo caite.

Ach is í an mháthair, Nobuyo, an duine is casta díobh uile. Laistiar den bhlaosc chrua tá bean a gcráitear an croí istigh inti nuair a aithníonn sí rian na gcolm céanna ar chorp Juri beag is atá á iompar aici féin, lorg a d’fhág lámha a céad fhear céile uirthi. Fear atá anois ar shlí na fírinne, ach sin scéal eile. Nó an ea?

Is ag Nobuyo atá an mhír is áille sa scannán. Agus a dhá lámh fillte go cosantach timpeall ar Juri beag, cneasaíonn sí an leanbh briste le túis bheannaithe bhriathra meala an ghrá. Ag caint léi faoina tuismitheoirí a d’imir mí-úsáid uirthi, deir Nobuyo – ‘If ever they hit you and say they love you, that is a lie. This is what people who love you do…’ Tugann sí barróg mhór chroíúil ansin di.        

Is aiste é Shoplifters faoi ghadaithe sráide a chónaíonn le chéile lasmuigh den dlí agus de na gnáthbhealaí iompair atá incheadaithe ag an tsochaí. Ina ainneoin sin, is teaghlach dílis, grámhar iad. Tá córas morálta dá gcuid féin acu, beag beann ar bhreithiúnais reoite na sochaí a chruthaigh iad ach a shéanann san am céanna iad.

Thuigfeadh ár muintir dhearóil féin dóibh: pobal thuaisceart lár na cathrach, abair. Nó na teaghlaigh gan dídean a bhíonn sna scuainí lasmuigh d’oifigí Focus Ireland ó mhoch maidine. Nó an lucht siúil atá fágtha fós lena mbriseadh croí i mbrocamas láthair stada Bhóthar Ghleann na Muc i ndáilcheantar dhuilleogach lucht na measúlachta, Shane Ross agus Josepha Madigan.

Tuigtear do mhuintir Shibata fud fad Éireann.

Nuair a thagann an denouement tugann sé cic sna putóga dúinn. Is léir go bhfuil bearna mhór idir an rud atá fuar breithiúnach agus an ‘ceart’. An rud atá ‘mícheart’ tá sé ag cur thar maoil le daonnacht, grá agus gáire.

Ní fheadar cé acu den bheirt seo a leanas atá níos cóngaraí do Dhia, más ann don neach gan inscne sin – an póilín mná nó an mháthair ‘altrama’ a thug dídean gan chead don fhágálach girsí in ionad í a chur ar ais go dtí a tuistí dúchais a bhí ag imirt drochíde leanúnach uirthi?

Póilín Mná:  Why did you kidnap her?                                                                               

Nobuyo: It wasn’t a kidnapping. She was starving, we took her in. We were protecting her.

Póilín Mná: Children need their mothers.                                                                   

Nobuyo: Giving birth automatically makes you a mother?

Shoplifters chun tosaigh ar gach saothar eile atá in iomaíocht leis do Ghradam Oscar, The Wild Pear Tree, maratón mall cineama Nuri Bilge Ceylan as an áireamh. Mholfainn, i gcogar, geall beag a chur ar Shoplifters. Tá croí lucht Cineplex agus an Cineama Sainealaíne Arthouse araon leáite aige. Agus ní minic an dá phobal sin ar aon intinn.

Ná tóg orm é má bhíonn an svae ag an eipic fhada Thurcach i ndeireadh na dála, ábhar coganta an chéad babhta eile agam, le cúnamh Dé.

Maidir le Shoplifters, tóg uaim é nach mbeidh súil gan deoir ach a dtagann na teidil chreidiúna ag an deireadh.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bheidh súil gan deoir inti, ach a dtagann na teidil chreidiúna aníos ag deireadh ‘Shoplifters’'