Le hAeschylus, aistrithe ag Nuala Ní Dhomhnaill
Amharclann na Péacóige
Stiúrthóir Conor Hanratty
Cliar: Etossa – – Caitríona Ní Mhurchú.
An Rí Xerxes – Naoise Mac Cathmhaoil
Rí na Ríthe Darius – Séamus Moran
An Teachtaire ó Arm cloíte Xerxes – Timmy Creed
An Cór – Brendan Conroy
Taoiseach an Chóir, Deirdre Molloy, Bríd Ní Neachtain, Marion O’Dwyer agus Karen Ardiff
A bhuí le Dia na bhFeart go gcloistear Gaolainn fhial fhileata na sinsear ar stáitse arís i léiriúchán suntasach i ndúnfort Amharclann na Mainistreach d’éis tost náireach fada. Tugadh léiriú seolta do Na Peirsigh, an chéad dráma a scrígh Aeschylus agus a léiríodh den chéad uair ag Féile Drámaíochta na hAithne i gCathair Dionysia i 472 RC. Taca an ama chéanna a fuair dráma nua Gaeilge léiriú in Amharclann Náisiúnta na hÉireann, más fíor do ‘wag’ grinn éigin ar an ardán seo an tseachtain seo caite.
Deirtear gur minic cú mall sona. Ba shona, ar an mórgóir, an cú léirmheastóra seo d’éis oíche mo chéad reatha le dráma nua-léirithe gairmiúil Gaeilge Dé Sathairn seo caite san Fhóram, thíos staighre ar stáitse na Péacóige. Léiriúchán a d’fhág triúr againn den lucht féachana ar an Dart abhaile ag guí is ag tuar fá choinne fhoilsiú script iontach Nuala Ní Dhomhnaill, dá bhféadfaí a leithéid a dhéanamh. Tour deforce drámadóireachta agus filíochta in éineacht. An dá thrá sin, an dá éileamh contráilte sin, freastalta go dílis ag an sárcheardaí focal Nuala.
Darius – ‘Cad é an t-olc nua seo atá ag treascairt na bPeirseach? Mo sheanchéile leapan, inis dom go cruinn….’
Etossa – ‘Na Peirsigh, lucht treascairte na gCathracha, táid scriosta go hiomlán!’
Ní ligeann Aeschylus an chéad chuid den dá éileamh sin dul éasca ar éinne. A Thiarcais! Na liostaí luatha fada gan stad sin d’ainmneacha na laoch Peirseach! Agus liostaí fadálacha le háireamh iad na logainmneacha tíreolaíochta tríd síos. Tóg anáil fhada mhall isteach trí do shrón. Lig amach anois trí do bheola í… Comhairle a chleacht an cliar ar stáitse fiú, agus iad ag freastal ar aidhm dhrámatúil ar fad eile, géillim!
Tá sé aitheanta go bhfuil sé geall le bheith dodhéanta an marbhna doilíosach i ndeireadh an dráma a aistriú is a thabhairt slán i mBéarla, in éagmais teanga nó cultúr caointe sa Bhéarla a fhreagródh stracadh na n-éadach nó olagóin chaointe na nGréagach. ‘Bodair’ ar bith dúinne, Gaeil, a leithéid d’éileamh a shásamh lenár stór marbhnaí agus ár gcleachtais eile chaointe is dobhróin.
Níl treascairt dá chuimsithí nach féidir a mhaolú, ach leas a bhaint as bleaist nó dhó de ‘Ochón, Ochón’ mar sciath chosanta ina coinne. An sean-nós dáilte amach mar ungadh faoisimh, mar íocshláinte chneasaithe in éadan léirscrios an bhróin. Rogha shárchliste stáitsithe a tháthaigh go dlúth an dís chultúr, Gael is Gréagach, rogha a ghlac Ní Dhomhnaill agus Hanratty.
Is iontach go deo an t-athshamhlú is an toradh a d’aimsigh Naoise Mac Cathmhaoil i bpáirt Xerxes nuair a d’fhill sé agus é treascartha ó Chath Salamis. ‘Ochón, Ochón’ an caointe i nGaolainn chrua Ní Dhomhnaill á chur amach go máistriúil aige. Nach aige atá béal binn brónach an tsean-nóis ársa seo againne.
Tá drámaí sa tseanGhréigis atá i bhfad Éireann níos éasca ná Na Peirsigh le haistriú is le cur ar stáitse. Ach ba mhó ná in ann don dúshlán sin a bhí Ní Dhomhnaill lena peann, Conor Hanratty lena léiriú agus an cliar iomlán oirfideach agus stáitseoir – gach bean is fear díobh, gan eisceacht.
Obair chomhtháite foirne a chuir puth agus anam agus beatha agus anáil agus géag agus corp agus guth agus dath le friotal Aeschylus. Tréaslaím leo uilig as an iomlán a thabhairt slán, beo beathach dúinn, bíodh is gur aineolaithe is ea ár bhformhór mór againn, mé féin i mbarr an áirimh sin, ar dhintiúir agus ar chleachtais chasta stáitsithe na seanGhréagach, bail orthusan, máistrí a mhair dhá mile cúig chéad bliain ó shin.
Tá stáitse lom, duairc, dorcha romhainn ar theacht isteach sa Phéacóg dúinn. Crann olóige fá bhláth ar dheis. Céimeanna lánleithead an stáitse – ardán faire don gCór Gréagach, gan dabht. Áirse faoi sholas geal ar bharr na gcéimeanna. Altóir íseal, breac le coinnle chun tosaigh. Aeráid cruthaithe, idir sholas is dearadh. Bulaí fir Paul Keogan, bulaí mná Maree Kearns…
Níor fhág an cumadóir ná an té a dhear cúrsaí fuaime sa bhfaopach iad, ná baol air. Tá moladh mór tuillte ag Mel Mercier. Ní haon ionadh d’éinne an méid sin.
Le tonnchling dhomhan an Chiombail Mhóir, siúd isteach an Cór, Seanóirí na Peirse, ag máirseáil go mall sollúnta, coinneal ina nglaic ag gach duine díobh i ndilchuimhne na seanlaochra a d’imigh rompu siúd. Tá an spraoi ar tí tosach!
Avae linn ar charráiste, nó sa chás seo ar charbad na samhlaíochta, faoi dhraíocht ag leagan nua Gaelach de scéal ó Ré Órga na Gréige. Nach míorúilteach an ainnir í an tsamhlaíocht. Agus nár mhíorúilteach an dream iad na scribleálaithe a bhreac scéalta na treibhe sin is a chuir fá ghlas iad dúinn uile i dtaisceadán comónta an chine dhaonna?
Ar ais ar talamh, glacaigí bhur gcreidiúint phearsanta, chuile dhuine eile den scaifte ceardaithe drámaíochta cúlstáitse, rólíonmhar le hainmniú duine ar dhuine anseo. Ár mbuíochas libh go léir.
Ba leasc liom ar dtús glacadh leis an modh roscach óráideach labhartha ag tús an dráma. Bhí leisce orm géilleadh dó. Blas saorga scannáin ‘swords and sandals’ Hollywood na gcaogaidí ag teacht uaidh. Diaidh ar ndiaidh d’fheabhsaigh cúrsaí agus dhíbríos ó mo cheann m’amhras agus súdh isteach san aicsean go tapaidh ansin mé.
Tá trí rud iontach a sheas amach domsa ón ollchúrsa blasta sa Phéacóg oíche Dé Sathairn seo caite.
Ar dtús, cumhacht iontach scanrúil Chór ban is fear i mbun asarlaíochta agus taibhse an Rí Darius á ardú ó na mairbh acu – cleachtas a chuir an ghruaig ina colgsheasamh ar mo mhuineál…
‘An bhfuil sé ag éisteacht linn ó na réigiúin íochtaracha? Seolaigí suas é, seol suas, seol suas, seol suas Darius! SHAH! SHAH! SHAH!’
Ansin, ar theacht dó ón Domhan Thíos, siúd Rí na Ríthe ag impí ar a bhean gan é a bhodhrú le cur síos fadálach ar na cúiseanna gur ghlaodar ar ais ós na mairbh é! Rud chomh nádúrtha, intuigthe, daonna, déanta go heolach ag Séamus Moran agus Caitríona Ní Mhurchú eatartha.
Agus cad faoi bhuaicphointe na hoíche – an bleaist sean-nóis le Naoise Mac Cathmhaoil a tháthaigh go dlúth an dá chultúr go seiftiúil, nádúrtha. Beart a chuir clabhsúr iontach cuí ar imeachtaí na hoíche.
Tá Na Peirsigh ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach go dtí an séú lá Aibreán. Tabhair bronntanas luath Cásca duit féin. Téir chuige, géill dó, agus lig dóibh.
Colmán Ó Drisceoil
Léirmheas iontach, buíochas, cúis freastal ann féin.
Cluain Sceach
Sea, is fiu go mor dul ann. Bhi slua mor i lathair areir.